NOD DON EOLAÍ: Díothú na ndineasár a thug cead bóthair i lár an lae do na mamaigh

Maítear anois gur thug díothú na ndineasár deis do na mamaigh a theacht amach ón dorchadas, a deir ár gcomhfhreagraí eolaíochta nua

NOD DON EOLAÍ: Díothú na ndineasár a thug cead bóthair i lár an lae do na mamaigh

Sa lá atá inniu ann, caitheann an chuid is mó de na mamaigh – ainmhithe a bhfuil fionnadh orthu agus a tháirgeann bainne – a saol amuigh faoi sholas na gréine.  Ní mar sin a bhíodh i gcónaí.

Bhí na chéad mhamaigh ann thart ar 250 milliún bliain ó shin.  Ach chaitheadh na mamaigh sin an chuid ba mhó dá saol i bhfolach ó na dineasáir mhóra agus na reiptílí fíochmhara a bhíodh á seilg.  Bhí siad beag bídeach agus ní raibh mórán acu ann.

Tá fianaise ann gur chaith na chéad mhamaigh an chuid ba mhó dá saol ag bogadh thart sa dorchadas san oíche nuair nach mbíodh na reiptílí móra ar a dtóir.  A mhalairt a bhí ag tarlú i rith an lae, nuair a bhíodh na mamaigh ina gcodladh ar a suaimhneas agus na dineasáir ag seilg.

Tá a fhios againn go raibh sé mar sin mar tá iontaisí a léiríonn cén cruth a bhí ar chnámha na mamach. Is léir ó logaill na súl i mblaoscanna na n-iontaisí seo go raibh súile móra ag na chéad mhamaigh. Is léir ó chruth na sróine sna blaoscanna céanna go raibh siad go maith ag bolú fosta.  Bhí siad curtha in oiriúint do shaol an dorchadais.

Bhíodh na chéad mhamaigh beo beathach san oíche agus ar a suaimhneas i rith an lae.  A mhalairt atá fíor inniu, is i rith an lae a bhíonn an chuid is mó de na mamaigh gníomhach. 

Ach cá huair ar tharla an t-athrú ó bheith gníomhach san oíche go gníomhach sa lá?

Foilsíodh ailt san iris Nature Ecology and Evolution an tseachtain seo a dheimhníonn go mbíodh na chéad mhamaigh gníomhach san oíche. Agus anuas air sin, cuireann údair an ailt fianaise inár láthair a léiríonn gur thart ar 65.8 milliún bliain ó shin a thosaigh mamaigh ag corraí amach sa lá den chéad uair.

Ach cad é ba chúis leis an athrú a tharla faoin am sin?  Tá a fhios againn go ndeachaigh na dineasáir, seachas sinsir na n-éan, in éag nuair a bhuail dreigít an pláinéad gorm seo thart ar 66 milliún bliain ó shin.  An comhtharlú a bhí ann gur 200,000 bliain tar éis do na dineasáir a bheith díbeartha a rinne na mamaigh éabhlóidiú a chuir ar a gcumas a bheith gníomhach i rith an lae?

Ní comhtharlú é de réir na heolaithe ó Tel Aviv agus Londain.  Measann siadsan go bhfuil baint ag an dá rud le chéile. Maíonn siad gur thug díothú na ndineasár deis do na mamaigh a theacht amach  ón dorchadas. Ní bhíodh seans ag mamaigh ar bheith amuigh i rith an lae roimhe sin óir dhéanfadh na dineasáir iad a ionsaí.  Ach i ndiaidh éag na ndineasár, ní raibh aon reiptíl mhór ann chun iad a sheilg – bhí cead bóthair ag na  mamaigh.

Leis an tsaoirse agus an spás sin, tháinig méadú ar líon na mamach.  De réir mar a scaip siad fhad le háiteanna difriúla agus gnáthóga úra ar fud an domhain, tháinig speicis úra ar an fhód. Bhíodh na mamaigh úra seo uilig gníomhach i rith an lae, mar a bhíonn sa lá atá inniu ann.

– Ollamh le Luibheolaíocht, Ollscoil Oxford é Liam Ó Dubhláin

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Díothú na ndineasár a thug cead bóthair i lár an lae do na mamaigh'

  • Anna Heussaff

    Alt an-spéisiúil agus fáilte romhat, a Liam, mar chomhfhreagraí eolaíochta ag Tuairisc.ie! Ag súil leis na haltanna le teacht…

  • tom

    sílim gur 6.58M a bhí i gceist agat in áit 65.8 milliún bliain mar atá san alt, ach amach ansin, alt den scoth, millteanch suimiúil agus fiúntach a bheith ag scríobh fá choinne abhar éigean seachas gaeilge í féin an t-am ar fad mar bhíonn an cuid is mó scríobhneoirí ghaeilge san am i lathair. Bullaí fir agus lean ar aghaidh le cuid eile