‘No Irish Need Apply’ – fianaise na nuachtán Éireannach

Tá díospóireacht ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá le tamall faoi cé acu arbh ann nó nárbh ann do na comharthaí ‘No Irish Need Apply’. Chuaigh Tuairisc.ie ag tochailt sa chartlann anseo…

No Irish Need Apply2

Tá díospóireacht theasaí ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá le cúpla mí anuas maidir le ceist na gcomharthaí ‘No Irish Need Apply’, a chrochtaí sna Stáit i rith na 19ú haoise déag.

Sa bhliain 2002, scríobh an tOllamh Richard Jensen, iarléachtóir le stair in Ollscoil Illinois i Meiriceá, tráchtas inar mhaígh sé nach raibh i scéalta faoi na comharthaí ciníocha ach finscéalta agus gur ó shamhlaíocht na nÉireannach a tháinig siad.

Scríobh an tOllamh nach luaitear aon chomhartha ar leith dá leithéid i dtuairisc chomhaimseartha ar bith a bhaineann leis an tréimhse is minice a luaitear leis na comharthaí – 1860-1890. Mhaígh sé freisin nach dtagraítear go sonrach d’aon chomhartha ar leith in aon tuairisc a scríobhadh ó shin.

‘No particular business enterprise is named as a culprit. No historian, archivist, or museum curator has ever located one; no photograph or drawing exists,’ a scríobh an tOllamh san aiste ‘No Irish Need Apply’: A Myth of Victimization.

San aiste fhada, a bhfuil leagan ciorraithe di le léamh ar an suíomh IrishCentral, leagann sé amach a chuid argóintí a chruthaíonn, dar leis, gur caitheadh i bhfad níos measa le dreamanna eile i Meiriceá ná mar a caitheadh leis na hÉireannaigh agus go bhfuil an frása ‘No Irish Need Apply’ bunaithe ar amhrán a bhí go mór i mbéal an phobail Éireannaigh sa bhliain 1862.

Trí bliana déag i ndiaidh do Jensen a staidéar a fhoilsiú san Oxford Journal of Social History, scríobh dalta meánscoile, Rebecca Fried – atá ceithre bliana déag d’aois – aiste bunaithe ar thaighde dá cuid féin a léirigh, dar léise, gurbh ann do na comharthaí agus go raibh siad go fairsing i nuachtáin agus crochta thar dhoirse i Meiriceá le linn na 19ú haoise déag.

Scríobh Fried go dtacaíonn fianaise na staire “with the earlier view that the Irish-Americans have a communal recollection of NINA advertising because NINA advertising did, in fact, exist over a substantial period of United States history”.

Tuairiscíodh ar IrishCentral gur bhain Fried úsáid as níos mó foinsí agus bunachair nuachtán neamhspleácha ná mar a bhain Jensen os cionn deich mbliana roimhe sin nuair a bhí na cartlanna digiteacha fós á gcur i dtoll a chéile agus easnamhach dá réir.

D’aimsigh Fried samplaí d’fhógraí ón mbliain 1842 agus suas chomh deireanach le 1909 i nuachtáin éagsúla in oirthear na Stát Aontaithe agus níos faide fós i gcéin. Tháinig sí ar litreacha sna nuachtáin ina raibh daoine ag gearán faoi na comharthaí agus fiú ailt nuachta faoi agóidí, baghcait agus gníomhartha ceardchumainn a bhain le crochadh na bhfógraí i gcathracha móra na Stát.

Tháinig an cor is deireanaí sa scéal an tseachtain seo caite nuair a d’fhoilsigh an tOllamh Jensen aiste nua inar chosain sé a bhunsaothar san iris History New Network.

“She claims to have refuted me. I reject her claim,” a scríobh an tOllamh.

Mhaígh sé gur chuir an ráiteas preasa a eisíodh i ndiaidh fhoilsiú aiste Fried dallamullóg “ar na 4,000 iriseoir nár léigh a haiste”, agus dúirt sé nár aimsigh an taighdeoir óg ach ocht sampla d’fhógraí ‘NINA’ tar éis 1843. Mhaígh sé gur sa nuachtán céanna Nua-ó Eabhrac a bhí na samplaí sin ar fad agus gur bhain siad le tréimhse ceithre scór bliain.

Ina aiste nua, roghnaíonn sé cuid de na samplaí a d’aimsigh an dalta scoile agus bréagnaíonn iad le háitimh éagsúla faoi údair na bhfógraí. Dúirt sé nach seasann ceann ar bith d’argóintí Fried faoi scrúdú dian.

“All Friend’s cases melt away under classroom scrutiny. The lesson is teachers need to insist that students review the scholarly literature before they believe everything that flashes on their screens,” a scríobh sé.

Rinne iriseoirí de chuid IrishCentral taighde dá gcuid féin ar an ábhar agus frítheadh gur luadh i nuachtáin na focail ‘No Irish Need Apply’ 1,400 uair ón mbliain 1828 go 2012, agus gur idir na blianta 1873 agus 1883 a bhí 400 de na tagairtí sin.

D’iarr lucht Irish Central freisin ar a chuid léitheoirí samplaí a bhí aimsithe acu féin a sheoladh isteach. Tháinig samplaí isteach ó áiteanna ar fud na Stát Aontaithe – chomh fada siar le California – agus fiú ón Astráil. I measc na bhfógraí a seoladh, bhí fógraí poist, lóistín agus fiú fógraí grá.

Dúradh i gceann de na fógraí grá:

“Two respectable young gentleman, aged 25 and 27, wish to correspond with two young ladies, with a view to matrimony, ages 18 to 23. Must be good looking, fond of home, musically inclined; no Irish need apply. Please enclose photo – “Harold” and “Horace”, care P. Burns, private mailbag, Orroroo.”

De réir taighde atá déanta ag Tuairisc.ie ar chartlann náisiúnta na nuachtán Éireannach, bhí cáil ar an bhfrása ‘No Irish need Apply’ sa tír seo idir na blianta 1840 agus 1920.

Ar ndóigh, is cróga an té a chrochfadh a leithéid d’fhógra thar dhoras in Éirinn nó a chuirfeadh ceann i nuachtán anseo ach pléitear na comharthaí i litreacha a foilsíodh sna nuachtáin éagsúla.

Pléadh an cheist i Westminster sa bhliain 1885. De réir tuairisc ar an Irish Examiner, dúirt an Coirnéal King Harman, feisire parlaiminte Caomhnach, gur crochadh na focail ‘No Irish Need Apply’ thar dhoras mhonarcha Bright’s i Rochdale, Sasana. Scríobh an “right hon. gentleman Mr Bright” chuig an nuachtán céanna agus na líomhaintí á séanadh aige.

“Writing from London on Tuesday, Mr Bright says there is not a word of truth in the statement, and adds – We have always employed many of Irish birth, and have been well statisfied with their conduct and industry,” a scríobhadh san Examiner.

Beagnach tríocha bliain níos luaithe ná sin, scríobh iarshaighdiúr de chuid Arm na Breataine Móire, ar Éireannach é, chuig an Freeman’s Journal i mí Feabhra na bliana 1856 chun cáineadh a dhéanamh ar fhógra ‘NINA’. In irisleabhar an Airm, The United Service Gazette, a cuireadh fógra earcaíochta ina raibh an frása ‘No Irish Need Apply’.

“Sir – I beg to draw your attention to an advertisement in the last United Srvice Gazette from the officers of the 2nd Dragoon Guards for a messman or cook, in which appears the words ‘No Irish need apply’. This I consider a gratuitous national insult; and, although the journal referred to has read the perpertrators a gentle lecture on the subject, yet I trust the Freeman’s Journal will not suffer such conduct to pass unnoticed. – I am An Irish Veteran,” a scríobh sé.

Tháinig eolas eile chun cinn le linn an taighde freisin. Cé nach raibh an fhoclaíocht ‘No Irish Need Apply’ chomh coitianta sin i bhfógraí in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór, bhí meon frith-Éireannach sa treis agus ní dheachaigh sé i ngan fhios do na hÉireannaigh. Bhíothas den tuairim go raibh folúntais á gcur ag uaisle Angla-Éireannacha i nuachtáin thar lear a léirigh easpa measa ar mhuintir na hÉireann féin.

Scríobh Éireannach i nGlaschú chuig an Freeman’s Journal sa bhliain 1894 le rá le muintir a thíre dúchais go raibh poist i gcathracha móra in Éirinn á bhfógairt thall san Albain. Dúirt sé gur thug a leithéid d’fhógraí le fios don aicme oibre i gcathracha na hÉireann agus agus do mhuintir Ghlaschú nach raibh aon mhaith leis na hÉireannaigh mar oibrithe.

Thagair fear Ghlaschú go sonrach don ‘Tiarna D’ a raibh searbhónta uaidh don teach mór aige i Mullach Íde. Is i nuachtán Albanach a chuir ‘Lord D’ a fhógra:

“Cook; housekeeper (firstrate), wanted immediately in nobleman’s establishment, under twenty miles from Dublin, hunt breakfasts, cricket luncheons etc etc, about four cow: Protestant”.

Níor chuir scríbhneoir na litreach aon fhiacail ann nuair a nocht sé a thuairim faoin ‘Tiarna D’ agus a pholasaithe earcaíochta.

“Lord D, I presume, may be taken as typical of his class, whose innate bigotry prevents him from employing the people on whose land he fattens,” a scríobh sé.

Sa litir chéanna, cháin sé táilliúir i mBaile Átha Cliath “who is making his living off Irishmen, but who contemptuously refuses to employ an Irishman”.

Scríobhadh litir eile in The Nation sa bhliain 1872, ag tabhairt amach faoi nós an Weekly Register i Sasana fógraí a fhoilsiú inar lorgaíodh oibrithe Sasanacha amháin.

“That a Catholic journal should lend its pages to awaken the feeling of ‘no Irish need apply’ is nowadays almost unEnglish and totally unCatholic. The Weekly Register cannot be blind to the fact that it is implicitly at least reviving such a feeling, a feeling that heretofore lay on the young Irish Catholic maidens in London like a deadly blight,” a scríobhadh.

Ba é an Freeman’s Journal ba bhisiúla ó thaobh alt agus litreacha a fhoilsiú ina gcáintí an frása ‘NINA’. Scríobhadh alt sa bhliain 1858 inar tagraíodh don fhógra seo thíos:

NINA

In alt ar an Freeman’s Journal faoin bhfógra sin, scríobhadh:

“One can scarely believe that in the 19th century an imbumbent could be found in England, who would pen and publish such an open and wanton insult to a body of men.”

In eagarfhocal sa Freeman’s Journal sa bhliain 1863, i lár na tréimhse is mó a luaitear leis na comharthaí ‘No Irish Need Apply’, dúirt an t-údar go raibh an frása “universal”:

“‘No Irish Need Apply’ is a cry with a certain party which is almost as universal as it is sectarian in its nature.”