Níos mó tithe ná daoine i nDún Chaoin de réir an Daonáirimh…

Tá léiriú eile i bhfigiúirí nua ón Daonáirimh ar an mórchuid tithíochta agus easpa teaghlach in Iarthar Duibhneach

dun-chaoin-chiarrai-_93742

Tá fadhb tithíochta agus síogú pobail i gCorca Dhuibhne ina sheanphort agamsa fén dtráth seo. Tá scata tithe againn, ach ceal teaghlach. Fuaireamar a chruthúnas sin an tseachtain seo nuair a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh réamhthorthaí Dhaonáireamh na bliana seo, agus figiúirí ann a chuirfeadh lagmhisneach agus ísle brí ort.

Má thógaim mo pharóiste féin mar shampla, 191 tigh atá i nDún Chaoin. De réir an daonáirimh, bhí 112 ceann acusan folamh agus an daonáireamh á dhéanamh agus 97 tigh acu ina dtithe samhraidh. Is é sin le rá go bhfuil 58.6% de thithe an pharóiste folamh, agus go bhfuil níos mó tithe ná daoine i nDún Chaoin.

Má thógaimid an limistéar ar fad laistiar de bhaile an Daingin, tá 915 tigh saoire folamh sa cheantar ó thoghroinn Na nGleannta thoir (tá cuid den dtoghroinn seo lastoir den nDaingean) trí pharóistí Cheann Trá, Dhún Chaoin, Dhún Urlann, Mhárthain, Na Cille agus Mórdhach, agus rátaí folmha ó 29.8% sna Gleannta go 58.6% i nDún Chaoin.

Beagán os cionn 4,000 duine atá ag maireachtaint sna toghranna sin. (4042 duine, ardú beag ar an 4028 duine a bhí ann in 2011). Bhí ardú beag ar an daonra i ngach toghroinn seachas i bparóiste na Cille (-2.3%) agus paróiste Fionn Trá (-6.9%). Bhí 1,202 tigh folamh sa cheantar céanna, agus an ráta tithe folmha in aghaidh an duine ag 0.6 i nDún Chaoin, 0.5 i nDún Urlann, 0.4 i Márthain, Ceann Trá, agus Paróiste na Cille, ag 0.25 i bParóiste Mórdhach agus ag 0.15 i dtoghroinn na nGleannta.

Chuirfeadh figiúirí mar seo soir tú, go háirithe ag tráth ina bhfuil géarchéim tithíochta sa cheantar. Mar bharr ar an ndonas is ar éigean is atá aon lánú óg in acmhainn tigh nó talamh a cheannach; níl dóthain fostaíochta ann chun iad a mhealladh anso, agus gan fostaíocht ar ardchaighdeán níl na daoine in ann morgáistí a fháil chun tigh a cheannach, go háirithe nuair atá an margadh tithíochta, agus praghas na dtithe dá réir, dírithe ar lucht rachmais na tíre atá ar thóir tí le coicís nó trí seachtaine a chaitheamh ann gach aon bhliain.

Ina theannta sin cuireann iomadúlacht na dtithe as go mór do mhuintir na háite atá nó a bheidh d’iarraidh cead pleanála a fháil ina gceantair dhúchais. Feictear do phleanálaithe go bhfuil an ‘stoc tithíochta’ ard a dhóthain sna ceantair seo, agus gur tugadh ródhóthain cead pleanála anso san aimsir atá caite. Is fíor dóibh gur tugadh an iomarca cead pleanála anso, go háirithe le linn ré an tíogair cheiltigh, ach is iad na ranna pleanála céanna a thug an cead amach, gan aon tuiscint ar an dtionchar diúltach a bheadh ag seo, ní hamháin ar an dtimpeallacht ach ar bhunsraith shochaí na tuaithe. Téarma is ea ‘stoc tithíochta’ a chuireann an phip orm; níl ann ach áireamh bloc agus moirtéal – ní hionann tigh agus teaghlach.

Léas dóchais is ea go bhfuil an daonra ag ardú anseo, cé gur beag é. Tá ualach leanbh á luascadh sna cliabháin, tá na leanaí ag fás agus ag teacht chun coinlíochta. Ach nuair a bheidh daoine fásta déanta díobh, agus fonn orthu maireachtaint i measc a muintire sa phobal as ar fáisceadh iad, cá mairfidh siad?

Fág freagra ar 'Níos mó tithe ná daoine i nDún Chaoin de réir an Daonáirimh…'