‘Níos mó tacaíochta don Ghaeilge sa Bhruiséil ná i mBéal Feirste’ – Feisire Eorpach

Cur chuige Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge cáinte ag an bhFeisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada

‘Níos mó tacaíochta don Ghaeilge sa Bhruiséil ná i mBéal Feirste’ – Feisire Eorpach

Tá cur chuige Rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge cáinte ag an bhFeisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada. Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin as Múscraí inniu go bhfuil níos mó tacaíochta á fáil ag an nGaeilge san Eoraip ná mar atá á fáil aici in Éirinn.

Ag tagairt di don tuarascáil a d’fhoilsigh Comhairle na hEorpa ag deireadh na seachtaine seo caite, dúirt Ní Riada go bhfuil “teipthe go hiomlán” ar rialtas na hÉireann agus ar rialtas na Breataine a ndualgas maidir le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh.

“Aontaíodh ar chosaint agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge in Acht Gaeilge ag na cainteanna i gCill Rímhinn. Rinneadh comhaontú idirnáisiúnta an uair sin idir rialtas na Breataine, Rialtas na hÉireann agus na páirtithe polaitíochta ó thuaidh, agus tá teipthe glan ar an dá rialtas an fhreagracht sin a ghlacadh agus a chinntiú go gcuirtear [an comhaontú] i bhfeidhm ina iomláine.

“An tseachtain seo caite, bhí mé i mo chomhordaitheoir ag Coiste Buiséid an AE, áit a raibh cur i bhfeidhm na mbeartas a theastaíonn le stádas iomlán, oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge mar theanga de chuid an AE. D’fhéadfadh sé go mbeadh an scéal seafóideach ann go mbeidh níos mó cearta agus aitheantas ag an nGaeilge sa Bhruiséil ná mar a bheidh i mBéal Feirste,” a dúirt sí.

Dúirt sí gur drochtheist ar an dá rialtas é nár éirigh leo a ndualgais a chomhlíonadh agus gur léiriú “náireach” é ar éagumas Rialtas na hÉireann i leith na teanga.

“Is náire shaolta é gur féidir le dream beag Feisirí Eorpacha cás níos láidre a dhéanamh ar son na Gaeilge sa Bhruiséil ná mar is féidir le Rialtas iomlán na hÉireann a dhéanamh in Éirinn. Ní buffett dioplómaitiúil iad na comhaontuithe seo ar féidir an sméar mhullaigh a roghnú astu, is iad bunchlocha an Phróisis Síochána agus caithfear meas a léiriú dóibh agus iad a chur i bhfeidhm ina n-iomláine,” a dúirt sí.

Cháin Coiste de chuid Chomhairle na hEorpa agus an easpa reachtaíocht teanga ó thuaidh an tseachtain seo caite agus d’éiligh an Coiste ar Rialtas na Breataine dul i mbun cainteanna leis na páirtithe polaitíochta i Stormont lena chinntiú go dtabharfar an reachtaíocht isteach.

Moltar sa tuarascáil, a d’fhoilsigh an Coiste Comhairleach ar an Chreatchoinbhinsiún Um Chosaint na Mionlach Náisiúnta, go dtabharfaí isteach “an reachtaíocht chuí leis an nGaeilge a chosaint agus a chur chun cinn agus céimeanna a thabhairt le cearta mhionlach na Gaeilge a chinntiú”.

Chuir eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh fáilte roimh an scéala go dtacaíonn Comhairle na hEorpa, atá ar cheann de na heagraíochtaí cearta daonna is mó ar an mór-roinn, leis an éileamh ar Acht Gaeilge.

An samhradh seo caite, mhol na Náisiúin Aontaithe gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir, agus dúradh gur údar imní a laghad “beartas éifeachtúil” atá ag an Stát leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Fág freagra ar '‘Níos mó tacaíochta don Ghaeilge sa Bhruiséil ná i mBéal Feirste’ – Feisire Eorpach'