Níos mó láidreachtaí ná laigeachtaí ag baint le coláistí samhraidh, de réir chigirí na Roinne Oideachais

De réir tuairisc chigireachta nuafhoilsithe, tá dul chun cinn déanta ag na Coláistí Gaeilge, cé gur aithníodh laigí faoi leith ar choláistí áirithe

Coláiste samhradh
Scoláirí Choláiste Lurgan ag déanamh spraoi

Léiríonn tuairisc chigireachta atá foilsithe ag an Roinn Oideachais go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag na Coláistí Gaeilge i dtaca le múineadh agus foghlaim na teanga, cé gur aithníodh laigí ar leith ar choláistí áirithe.

18,130 scoláire a d’fhreastail ar choláistí samhraidh anuraidh. Rinne timpeall dhá thrian acusan – 12,064 duine – freastal ar choláistí i gCúige Chonnacht.

Tháinig laghdú 6% ar líon na ndaltaí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh anuraidh le hais 2013.

Amach ón bplé ar fhreastal na scoláirí, deirtear sa tuairisc nuafhoilsithe gurbh éigean ‘na polasaithe riaracháin’ a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta ‘i níos mó ná leath na gcoláistí’. Áiríonn an méid seo polasaithe ‘sláinte agus sábháilteachta’. Moltar an ‘próiseas féinmheastóireachta a threisiú a thuilleadh i gcuid mhaith de na coláistí Gaeilge’, rud a bhainfí amach ‘trí thuairimí na dtuismitheoirí agus na scoláirí a lorg agus a chur san áireamh’.

Luaitear gur moladh ‘i líon beag de na tuairiscí cigireachta’ go gcuirfí ‘córas athbhreithnithe’ i bhfeidhm d’fhonn feabhas na gcúrsaí i gcoitinne a mheas agus go gcoimeádfaí taifead ar an méid a phléann baill foirne eatarthu féin ina thaobhsan ó bhliain go bliain.

Rinneadh sraith moltaí praiticiúla in 2013 ar na coláistí samhraidh i dtreo is go bhféadfaí an tslí ina ritear iad agus an chaoi a múintear agus a bhfoghlaimítear an Ghaeilge iontu a fheabhsú.

De réir na tuairisce is deireanaí atá foilsithe ag Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, tá ‘dul chun cinn suntasach’ déanta sa réimse sin.

Thug cigirí cuairt ar an gceathrú cuid de na coláistí samhraidh anuraidh agus rinne athbhreithniú ar an ‘soláthar oideachais’ faoi mar a bhain sé le ‘bainistíocht agus ceannaireacht, teagasc agus foghlaim’, agus feabhas ‘na n-imeachtaí teanga agus cultúrtha’.

Léiríonn príomhthorthaí na tuairisce go bhfuil na moltaí éagsúla a rinneadh in 2013 tar éis a bheith curtha i bhfeidhm ‘i bhformhór mór na gcoláistí Gaeilge’ agus ‘go raibh dea-thoradh ar an saothar’ ar an mórgóir.

Dúirt scoláirí go raibh siad an-sásta le hobair na gcoláistí agus léirigh siad dearcadh dearfach ‘i leith an dul chun cinn a bhí déanta acu ina gcumas labhartha Gaeilge féin’.

Ar a shon sin, aithníodh laigí ar leith ar choláistí áirithe a bhain le ‘sábháilteacht na scoláirí, cúrsaí teagaisc, foghlama, agus measúnachta; pleanáil na múinteoirí; soláthar agus úsáid acmhainní; agus an fhéinmheastóireacht’.

I gcásanna áirithe mar shampla, deirtear nach raibh na moltaí a rinneadh i dtuairiscí cigireachta na bliana 2013 ‘á gcur i bhfeidhm’. Mar sin féin, thug na cigirí tuairisc dhearfach i bhformhór na gcoláistí ‘ar rian na dea-phleanála agus na féinmheastóireachta’.

Maidir leis na bpleanáil, deirtear sa tuairisc go mba ‘threise na láidreachtaí ná na laigí i leath na gcoláistí’ agus go raibh ‘láidreachtaí suntasacha le sonrú i líon an-bheag díobh’. Deirtear, áfach, go raibh ‘níos mó laigí ná láidreachtaí le sonrú’ ar ullmhú na múinteoirí sa tríú cuid de na coláistí sa tír, rud a thaispeántar sa tábla thíos.

Pleanáil Múinteoirí

Bhí moladh mór ag dul do na coláistí a d’eagraigh agallaimh chun cumas líofachta na scoláirí a mheas roimh ré i dtreo is go bhféadfaí iad a chur sa rang ceart agus tús á chur leis na cúrsaí. Cé is moite d’agallaimh, is nós le coláistí áirithe cruinnithe agus seisiúin oiliúna a eagrú le haghaidh a gcomhaltaí foirne sula dtosaíonn na cúrsaí chun gur féidir leo ‘polasaithe, cleachtais mhúinteoireachta agus cur chuige aontaithe a fhorbairt agus a chur i gcrích’. Tugtar faoi deara sa tuairisc seo gurb iad na coláistí seo na cinn is mó a bhfuil ‘dea-chleachtas le sonrú’ orthu.

Mar sin féin, áiríodh i mbunáite na gcoláistí go raibh cleachtas agus ceachtanna pleanála na múinteoirí ‘feabhsaithe ón mbliain 2013’, rud a d’fhág go raibh cruth níos fearr ar na ranganna.

Mhol na cigirí go gcuirfí leis an méid sin agus go bhféachfaí le ‘pleanáil níos cuimsithí’ a dhéanamh amach anseo ar mhaithe le ‘leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na scoláirí a chinntiú’. Moladh freisin go leagfaí béim níos mó ‘ar chuspóirí a dhíreodh ar shaibhreas teanga na scoláirí’ agus ar an gcineál pleanála a theastaíonn le haghaidh grúpaí seachas daoine aonair (‘buíonphleanáil’).

Faoi mar a tuairiscíodh anseo cheanatá sé cruthaithe go mbíonn dea-thionchar ag na coláistí samhraidh ar mhuinín daoine as a gcumas teanga féin, pointe a mheabhraítear sa tuairisc seo ina ndeirtear go bhfuil sé ‘tábhachtach’ go ndéanfaí na caighdeáin is airde a chur chun cinn i dtaca leis na seirbhísí a sholáthraíonn na coláistí. Deir lucht na tuairisce seo gurb ionann an tuairisc agus cáipéis a bheidh ‘mar threoir agus spreagadh’ do na coláistí Gaeilge d’fhonn caighdeán na hoibre agus na seirbhísí iontu ‘a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh’.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar fhreastal na scoláirí ar na coláistí samhraidh in 2014 ar bhonn cúige. (Bhí trí cinn de na coláistí ag feidhmiú i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht).

Líon na scoláirí 2014

 

Fág freagra ar 'Níos mó láidreachtaí ná laigeachtaí ag baint le coláistí samhraidh, de réir chigirí na Roinne Oideachais'