Níorbh aon ghnáthdhuine Séamus Mac Géidigh, cara agus Gael dílis

Bhí an umhlaíocht, an uaisleacht agus an daonnacht go smior i Séamus Mac Géidigh, an sárchraoltóir a bhásaigh go tobann Dé Luain

Seamus-Mac-Geidigh-press

Nuair a chroith mé lámh le Séamus Mac Géidigh go luath maidin Luan Cincíse seo caite agus bricfeasta ite againn in Óstán Ghobnatan i mBaile Bhuirne, ba bheag an ceapadh a bhí agam gurbh é sin an uair dheireanach againn a bheith i gcomhluadar a chéile.

Bhí a chuid oibre déanta ag Séamus ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus é féin agus a sheanchomrádaí Paddy Beag Mac Giolla Easpaig ag tabhairt an bhóthair ó thuaidh orthu féin. Ní raibh mé féin ag gliondáil go tráthnóna.

Tráthnóna Dé Sathairn seo caite ba dheireanaí a chuala mé a ghlór – ag tráchtaireacht ar bhua Dhún na nGall ar Mhuineachán i gCluiche Leathcheannais Uladh. Thug a chontae dúchais na cosa ar éigean leo, ach mar is dual don dea-chraoltóir ba é an chuma chéanna a bhí ar ghlór Shéamuis agus a bheadh dá mba iadsan a chaill de chúilín.

Ar an gclár a rinne Raidió na Gaeltachta in ómós don tráchtaire maidin Dé Máirt, sa stiúideo céanna inar chuir sé féin clár an lae roimhe i láthair, rinne an t-anailísí Hughie Mac Laifeartaigh cur síos ar an gcaoi a mbíodh Séamus ag áitiú air gan ‘muid’ a thabhairt ar fhoireann a gcontae dúchais.

Ní hé nach raibh oiread de shúil aige go ndéanfadh siad an ghaisce agus a bhí ag gach duine eile i nDún na nGall, ach ba é an chéad dualgas a bhí air cuntas neodrach a thabhairt dá chuid éisteoirí ar fad ar a raibh ag tarlú os a chomhair amach.

Tús áite ag freagracht na craoltóireachta ar chúrsaí sleachta.

Mártan McGeidigh
Ag baint taitneamh as Comórtas Peile na Gaeltachta 2016

Bhí ‘umhlaíocht’, ‘uaisleacht’, ‘gnaíúlacht’ agus ‘daonnacht’ ar chuid de na focail ba thúisce a úsáideadh le cur síos ar phearsantacht Shéamuis ar an gclár ómóis sin a craoladh agus gan scéala a bháis ach ag sroicheadh na mílte a chuir aithne air ó thosaigh sé ag obair do Raidió na Gaeltachta i 1988.

Chuir cainteoir i ndiaidh cainteora tuilleadh leis na focail úd, chuile cheann acu ag cur le tréithe an fhir a bhí sciobtha gan choinne uainn agus gan an ceann féin acu nach raibh tuillte go maith aige.

Rith sé liom ina dhiaidh sin nach focail a bhí iontu a d’oirfeadh do dhaoine go leor a chuireann iad féin chun cinn mar iriseoirí agus mar anailísithe i gcuid áirithe de mheáin shearbha na haoise seo.

Fós, is iad na focail sin ba mhó a thugann léargas ar an gcúis nárbh aon ghnáthdhuine Séamus Mac Géidigh.

Chaith mé cuid mhaith de dheich mbliana fichead ag obair leis agus cé go raibh os cionn 300km eadrainn, is beag lá nach labhraíodh muid lena chéile. Fós ní cuimhin liom aon argóint a bheith eadrainn riamh.

Bhí iomarca measa ag Séamus ar dhaoine go dtiocfadh sé ar an ionsaí agus ar aon dath, bí cinnte go raibh pé plean a bhí aigesean i bhfad níos fearr ná do cheannsa.

Dá bharr sin bhí eolas maith agam ar a raibh déanta aige dá lucht éisteachta ó thaobh craoltóireachta agus tuiscint ar a dhílseacht dóibh, ach, nó gur chuala mé an tAthair Seán Ó Gallchóir, an tAthair Brian Ó Fearraigh, Séamus Ó Briain agus a chomharsa Pádraig Mac Laifeartaigh ag caint ar an gclár ómóis ar RnaG, níor thuig mé chomh mór agus a bhí Séamus sáite i ngnóthaí pobail i nGort an Choirce agus i gCloich Chionnaola. Ach arís, ní hionadh sin, mar ní raibh rian den mhórtas ag baint leis an bhfear.

Ba uaigneach an áit iad stiúideonna Raidió na Gaeltachta i gCasla, i mBaile na nGall agus go háirithe ar na Doirí Beaga maidin inniu, gan aon choinneáil siar ag a chomrádaithe oibre ar na deora.

Is uaigní ná sin an áit é a theach ar an Ardaí Bheag, áit a bhfuil a bhean Dolores, a mhac Dónal agus a iníonacha Éadaoin agus Póilín faoi bhrón.

Is boichte sinn ar fad go mór do d’uireasa a chara dhil, Gaelach. Sólás agus faoiseamh dóibh siúd atá faoi uaigneas i do dhiaidh agus ar dheis lámh Dé go raibh tú féin.