Níor tugadh ‘Brú na Life’ ar Áras an Uachtaráin ar fhaitíos go samhlódh lucht magaidh le Guinness é

Tá eolas i leabhar nua faoi Dhubhghlas de hÍde faoi áit na Gaeilge i mbunú na hUachtaránachta agus faoi theip an chéad Uachtaráin teacht ar bhuitléir a raibh Gaeilge aige

Níor tugadh  ‘Brú na Life’ ar Áras an Uachtaráin ar fhaitíos go samhlódh lucht magaidh le Guinness é

Bhí Dubhghlas de hÍde ag iarraidh ‘Brú na Life’ a thabhairt ar áras Uachtarán na hÉireann nó gur cuireadh ar a shúile dó go dtabharfadh rógairí Bhaile Átha Cliath ‘Brew na Liffey’ air agus gur fógra do Guinness a bheadh sa mhéid sin.

De réir eolais atá ar fáil i leabhar nua faoi de hÍde agus bunú Uachtaránacht na hÉireann, Forgotten Patriot le Brian Murphy, ba é Ard-Rúnaí an chéad Uachtaráin a chuir comhairle air faoi ainm an árais.

I litir a scríobh Michael McDunphy chuig Éamon De Valera sna seascaidí, thug iar-Ardrúnaí de hÍde le fios go mba chuma leis an gcéad Uachtarán ar Éirinn faoi ‘the political connotations’ a bhainfeadh leis an áras, ach go mba mhian leis gur ainm Gaeilge a bheadh air.

‘He suggested the title ‘Brú na Life’…but I pointed out that to English speakers the pronunciation would be ‘Brew na Liffey’ [and] would almost certainly be interpreted by humourists as an advertisement for the products of the famous Dublin Brewery, Arthur Guinness an Co. Ltd, which was situated a [short] distance away on the Liffey,’ a dúirt McDunphy.

De réir na litreach, bhain de hÍde gáire as an scéal agus ghlac sé leis an gcomhairle.

‘Hyde laughed heartily at this and agreed that that would not do, and after some thoughts he suggested the name Áras an Uachtaráin’ (Residence of the President) and that name was officially adopted and now remains.’

Is cosúil go raibh de hÍde an-diongbháilte faoi ainm Gaeilge a áit chónaithe nua.

Deir údar an leabhair nua, Brian Murphy, gur léirigh de hÍde ‘uncharacteristic anger’ nuair a chonaic sé i Samhain 1938 go raibh comharthaí don ‘Viceregal Lodge’ fós ar crochadh i bPáirc an Fhionnuisce.

Forgotten_PatriotD’ordaigh an tUachtarán do Michael McDunphy scríobh go dtí an Rialtas chun go mbainfí anuas láithreach na comharthaí.

Dhein McDunphy amhlaidh ar an 28 Samhain i litir go dtí Rúnaí an Rialtais Maurice Moynihan. ‘The president has expressed the wish that the name of the official residence to be inscribed on any new signposts, etc., should be in Irish only, namely Áras an Uachtaráin,’ a dúirt McDunphy.

Bhí de hÍde suite de chomh maith go mbeadh Gaeilge ag foireann an árais agus ba chainteoir líofa gach ball d’fhoireann an chéad Uachtaráin seachas duine amháin – an buitléir.

De réir Forgotten Patriot – Douglas Hyde and the Foundation of the Irish Presidency, ní fhéadfaí teacht ar dhuine a raibh Gaeilge aige agus a bhí oiriúnach do phost an bhuitléara.

Maidir le háras an chéad Uachtaráin, ní róshásta a bhí an Taoiseach, Éamon de Valera, ná Rialtas na linne go mbeadh an tUachtarán ag cur faoi i dTeach Ionadaí an Rí i bPáirc an Fhionnuisce.

Bhí de Valera féin ag iarraidh daonmhúsaem a dhéanamh den áras cónaithe a bhíodh ag Ionadaí an Rí agus bhíothas ag súil gur in áras ambasadóir Mheiriceá i bPáirc an Fhionnuisce a mhairfeadh an tUachtarán.

Níor éirigh, áfach, le hiarrachtaí teacht ar lóistín eile don ambasadóir agus cé go raibh scata áras eile san ardchathair sa mheá, measadh sa deireadh nach raibh aon rogha ann ach Teach Ionadaí an Rí.

Socrú sealadach a bhí in ainm is a bheith ann agus bhí sé i gceist áras nua a thógáil don Uachtarán.

Ach d’fhág fadhbanna airgid agus tús an Dara Cogadh Domhanda go gcaithfí athmhachnamh a dhéanamh ar an bplean sin .

Socraíodh ar deireadh go ndéanfaí athchóiriú ar Áras an Uachtaráin seachas foirgneamh nua a thógáil.

Scríobh Michael McDunphy i mí na Nollag 1940 go raibh an tÁras ‘entirely unsuitable for modern requirement’. Bhí an díon a bhí air ‘defective and dangerous’ agus thóg sé ceann de ‘other evidence of senile decay’. Mhol sé go gcoimeádfaí cuid mhaith den chéad urlár mar a bhí toisc é a bheith ‘lofty and dignified in appearance’.