Níor leor sraith amháin de An Klondike, an sásaíonn an dara sraith an goile?

LÉIRMHEAS: Ba shraith shnasta, chumasach dhátheangach í An Klondike agus más aon chomhartha gála na hoíche aréir beidh na tréithe sin le sonrú sa dara sraith chomh maith

Níor leor sraith amháin de An Klondike, an sásaíonn an dara sraith an goile?

Seo chugainn an tarna sraith de An Klondike agus ardú meanma fachta ag an meitheal ón lán doirn d’IFTAanna a chrochadar leo anuraidh.

Cloch mhíle ba ea an chéad sraith sin óir gur léirigh sí go bhféadfadh saothar ina bhfuil go leor Gaeilge guailleáil isteach i lár an aonaigh. Ar an lámh eile, áfach, ná dearmadaimis gur saothar dátheangach atá anseo, agus faoi mar a luas sa cholún seo cheana, níor mhaith liom go rachadh an moladh agus an t-aitheantas ar fad go dtí an ceann ag lucht coimisiúnaithe TG4 dá bharr.

Bíodh sin mar atá, is sraith shnasta, chumasach í agus más aon chomhartha gála na hoíche aréir beidh na tréithe sin le sonrú sa tarna sraith chomh maith. Cuireadh tús brúidiúil le himeachtaí nuair a baineadh an craiceann cinn d’fhear amháin agus na súile as fear eile. Ábhairín iomarcach, ach ba chuma. Bhíomar ar ais i saol aduain Dominion Creek cúpla seachtain tar éis imeachtaí na chéad sraithe.

Tá deartháireacha Ros Muc fós ag tochailt leo agus ag cothú mioscaise. Ba é an gaol idir na deartháireacha Connolly máithreacha na sraithe ón tús agus leanfar leis sin is léir.

Is maith ann arís Tom (Owen McDonnell), an duine beagfhoclach, gruama agus uaillmhianach; Séamus (Dara Devaney), an sleamhnánaí deisbhéalach agus an deartháir machnamhach, stuama, Pádraig (Seán T. Ó Meallaigh). Chonaiceamar go bhfuil na pocaidí breá in ann a gcrústa a thuilleamh agus teach folctha á oscailt acu mar aon le cearta tochailte a bheith faighte acu d’áiteanna difriúla.

Tá an baile féin tar éis fás agus tugann sin deis iontach cur leis an meascán mearaí de charachtair. Bhí raidhse de charachtair nua radta os ár gcomhair. An Ciarraíoch Timothy V. Murphy (a bhí i True Detective agus Sons of Anarchy) mar bhithiúnach a bhfuil uisce fé thalamh ag baint leis; Duane Howard mar a leathbhádóir, Tim Creed (ós na Fir Bolg) mar chol ceathrair mhuintir Ros Muc agus Donncha Crowley mar Fhrancach deisbhéalach.

Tá seanfhondúirí na bliana anuraidh ann i gcónaí; Bríd Ní Neachtain mar Belinda Mulrooney agus Siobhán O’Kelly mar Kate Mulryan ina measc.

Ní nach ionadh déanfar an teannas a ghéarú agus tá an fiabhras tíofóideach tar éis an baile a bhualadh cheana féin. Ní haon iontaoibh ná go ndéanfar an naimhdeas le Jacob Hopkins (Robert O’Mahoney) a adú ag pointe éigin. É sin ar fad gan trácht ar scéal grá an duine a bheith ag triúr deartháireacha Ros Muc agus iad ag suirí le Corcaíoch, le bean as Conamara agus le Meiriceánach dúchasach mná. Tá machairí fairsinge á dtreabhadh agus caithfear a chinntiú go ndéanfar an cíoradh agus an chniotáil chuí nó beidh an scéal ina chíor thuathail.

Cuireadh áilleacht thírdhreach thuaisceart Chonamara abhaile orainn arís aréir agus is deas agus is cliste mar a thógann sé áit iarthuaisceart Cheanada. Déantar saol na linne a shamhlú go paiteanta agus ní ritheann sé leat riamh go bhfuileann tú in Uachtar Ard 2016 seachas Klondike 1898.

Amach anseo beidh an tsraith á cur ar ardáin idirnáisiúnta cosúil le Netflix mar Dominion Creek, agus is iontach an ní é sin, ní hamháin do dhrámaíocht theilifís na Gaeilge ach don teanga féin.

Níor shásaigh sraith amháin an goile agus is léir gur féidir go leor adhmaid a bhaint as an láthair agus an tréimhse seo. Cá bhfios ná go bhféadfaí sraith nó dhó eile a bhaint as?

Fág freagra ar 'Níor leor sraith amháin de An Klondike, an sásaíonn an dara sraith an goile?'