Níor fhéach mé riamh ar Shasana mar thír a mbeinn dílis di; is amhlaidh an scéal ag Moslamaigh óga sa Bhruiséil

An é an ciníochas is cúis le Moslamaigh óga a bheith gearrtha amach ó na tíortha inar rugadh iad? B’fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist sin ná a bheith ag trácht i gcónaí ar ‘fhreagra slándála’

Muslamaig islami

Tá an Bhruiséil níos cóngaraí dúinn ná baile ar bith sa Mheánoirthear, ó thaobh na sibhialtachta, na sochaí agus na tíreolaíochta  de.  Ní nach ionadh mar sin gur mhó a chuaigh an t-uafás a tharla sa Bhruiséil i bhfeidhm orainn ná na huafáis a ghoilleann an oiread sin ar Mhoslamaigh an domhain de bharr scrios stát na hIaráice, stát na Libia, nó de bharr na hiarrachta atá fós ar siúl le stát na Siria a scriosadh freisin.

Ach cé go bhfuil sé intuigthe go gcuirfeadh eachtra an Bhruiséil isteach orainn go mór, ní cabhair ar bith í an chaint  bhaoth sna meáin agus iad ag iarraidh a chéile a shárú maidir leis an uafás a dhamnú. Agus ní cabhair ar chor ar bith é an claonadh biogóideach in aghaidh na Moslamach atá le tabhairt faoi deara in áiteanna áirithe.

Arís eile caithfidh muid éisteacht le caint gan bhrí faoi ‘fhreagra slándála is faisnéise’ níos fearr a sholáthar agus le saineolaithe aineolacha ag cáineadh na  n-údarás Beilgeach nó ag iarraidh orainn a bheith rannpháirteach i NATO.

Ach ní chloistear aon chaint faoi céard a thug go dtí an pointe seo muid.

Ní hé nach ndéanfadh sé aon mhaith slándáil is faisnéis a fheabhsú. Dhéanfadh dá bhféadfaí fiú eachtra eile amháin den chineál seo a sheachaint.  Ach b’fhearr i  bhfad ceachtanna fírinneacha a fhoghlaim as ar tharla agus iarrachtaí dáiríre a dhéanamh gan na botúin chéanna a dhéanamh arís.                                                                                                                                                                                                                                                               

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe is a gcuid comhghuaillithe i NATO ag beartú ionradh a dhéanamh ar an Iaráic ar mhaithe le Saddam Hussein a chur as cumhacht, chreid siad go bhféadfaidís dul isteach in aon áit ar domhan gan aon bhaol pionóis nó díoltais.

Tá a fhios againn go léir na bréaga a insíodh dúinn faoi airm ollscriosta, faoi 9/11 is eile, ach bhí na bréaga céanna bunaithe ar an gcreideamh go bhféadfadh an tIarthar buamaí a chaitheamh le tíortha eile, daoine a mharú agus réimis a scriosadh agus nach mbeadh pobail na dtíortha sin in ann aon rud a dhéanamh faoi.

Is léir anois gur creideamh amaideach an creideamh sin agus praghas ard á íoc inniu ag gnáthdhaoine sa Bhruiséil, i bPáras agus i Londain, agus sin gan trácht ar na mílte teifeach atá ag sileadh isteach san Eoraip is iad ag iarraidh éalú ó uafás chogadh na Siria.

Is é an t-aon tuar dóchais atá againn ná go bhfuil arm na Siria ar tí Palmyra a bhaint ó Isis i dtuaisceart na Siria le cabhair ón Rúis –beart cabhrach a cháin rialtas na Fraince is rialtas na Beilge go láidir. Ba chuma cé chomh naimhdeach dóibh is atá Isis, tá siad fós dílis don iarracht ar rialtais sa Mheánoirthear nach bhfuil faoina smacht a scriosadh.

Agus tá ceist mhór eile ann.  Fiú más mionlach iad, cén fáth go mbraitheann an oiread sin daoine óga a rugadh is a tógadh sa Bheilg nó sa Fhrainc chomh scartha ó na tíortha sin go bhfuil siad sásta uafás a dhéanamh mar a rinneadh i sa Bhruiséil agus i bPáras.

An é an ciníochas is cúis leo a bheith gearrtha amach ó na tíortha inar rugadh iad?

Rugadh is tógadh mé féin i Sasana agus is ann a mhair mé go dtí go raibh mé 19 bliain d’aois.  Ó tháinig mé in aois tuisceana, ag dul ar scoil, chuala mé maslaí ciníocha frith-Éireannacha gach lá de mo shaol.  Níor bhreathnaigh mise riamh ar Shasana mar thír a mbeinn dílis di. Is dóigh liom go bhfuil an scéal amhlaidh maidir le daoine óga Moslamacha i bPáras nó sa Bhruiséil.

Sea, mealladh a dtuismitheoirí siúd go dtí an Fhrainc nó an Bheilg nuair a bhí oibrithe ag teastáil go géar, ach anois níl siad ag teastáil a thuilleadh is tá ráta dífhostaíochta as cuimse ann i measc daoine óga Moslamacha.

Cén leigheas air seo ar fad? An ceacht a fhoghlaim nach bhfuil an ceart ag  lucht an Iarthair a bheith ina bpóilíní domhanda, gur féidir athruithe nó ‘luachanna’ áirithe a mholadh ach nach féidir an lámh láidir a úsáid i dtíortha eachtrannacha.

Agus, thar aon rud eile, caithfear troid in aghaidh an chiníochais agus a chinntiú go dtugtar deiseanna do dhaoine óga a bhraitheann gur i stáit naimhdeacha a mhaireann siad. Caithfear a léiriú go bhfuil meas ar na daoine óga seo.

Ní haon réiteach thar oíche iad na ceachtanna seo, ach tabharfaidh siad deis dúinn uafáis cosúil lenar tharla i bPáras, sa Bhruiséil, sa Damaisc, i dTripoli, i mBaghdad, nó i gKabul a chur taobh thiar dúinn.

Ach má dhiúltaíonn muid na ceachtanna seo a fhoghlaim, is mura mbímid ach ag caint go timthriallach ar fhreagraí ‘slándála is faisnéise’ tá sé ionann is cinnte go bhfuil tuilleadh uafáis i ndán dúinn.