‘Níor dhíbir de Valera ná an Ghaeilge aon Phrotastúnach ón Saorstát’ — Ó Cuív

Mhaígh Jim Allister ón TUV gur dhíbir an t-iarthaoiseach Éamonn de Valera baill den phobal aontachach ón stát lena pholasaí ‘ionsaitheach’ Gaeilge sna 1930idí

‘Níor dhíbir de Valera ná an Ghaeilge aon Phrotastúnach ón Saorstát’ — Ó Cuív

Bhí “gaol an-mhaith” ag Éamonn de Valera leis an bpobal Protastúnach ó dheas, agus níl aon bhunús le maíomh Jim Alllister, ón TUV, gur theith aon Phrotastúnach ó Shaorstát ná ó Phoblacht na hÉireann mar gheall ar pholasaí teanga an iarThaoisigh, dar lena gharmhac Éamon Ó Cuív

Mhaígh an polaiteoir aontachtach i mbileog a scaip sé ar na meáin shóisialta agus ina thoghcheantar i dtuaisceart Aontroma gur fhág aontachtóirí agus Protastúnaigh an stát ó dheas mar gheall ar pholasaithe sheanathair Uí Chuív.

“Sinn Féin once described every word spoken in Irish as ‘another bullet in the freedom struggle’. We know they want to ‘break the bastards’. They seek to make those who don’t see themselves as Irish feel alienated in their own land.

“That’s why many people from a Unionist or Protestant background left the Irish Republic after de Valera introduced the aggressive promotion of Irish in the 1930s,” a mhaígh Allister.

Bhí Éamonn de Valera ina uachtarán ar Choiste Gnó an tSaorstáit ó 1932 go 1937 agus ina Taoiseach ó 1937 go 1948.

Dúirt Éamon Ó Cuív, garmhac an iar-uachtaráin, le Tuairisc.ie go bhfuil áitiú Allister “go hiomlán míchruinn” agus gurbh éigean gurbh fhiú a leithéid de ráiteas a fhreagairt.

“Níor dhíbir de Valera aon Phrotastúnach, tá sé go hiomlán míchruinn é sin a rá. Théadh mo sheanmháthair, bean Éamoinn, nuair a bhí sé ina Thaoiseach agus ina Uachtarán, ag bronnadh duaiseanna i scoileanna Protastúnacha i mBaile Átha Cliath. D’oscail sé féin an scoil nua, St Andrew’s College, don phobal Protastúntach.

“Ní hé sin an tuiscint ná an léargas a bhí ag an bpobal Protastúnach a chuir aithne ar de Valera. Tá sé míchruinn mar ráiteas ó thaobh na staire. Bhí gaol maith ag de Valera le Protastúnaigh, agus d’fhás mé féin aníos i bpobal a raibh go leor leor Protastúnach ann agus ní raibh aon fhadhb acu linne ná againne leo,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Scaip Jim Allister an bhileog eolais ar a lucht leanta ar na meáin shóisialta agus ar an bpobal ina thoghcheantar féin mar chuid dá fheachtas in aghaidh an Achta Gaeilge.

Athdhearbhaíodh stádas na Gaeilge mar chéad theanga an náisiúin i 1937 nuair a tugadh tús áite di mar theanga náisiúnta i mBunreacht na hÉireann, cáipéis a raibh tionchar mór ag Éamonn de Valera uirthi.

Fág freagra ar '‘Níor dhíbir de Valera ná an Ghaeilge aon Phrotastúnach ón Saorstát’ — Ó Cuív'

  • Donncha

    “That’s why many people from a Unionist or Protestant background left the Irish Republic after de Valera introduced the aggressive promotion of Irish in the 1930s,” a mhaígh Allister.

    Ach b’é rialtas an Saorstáit a cheap an polasaí i 1929 go mbeadh Gaeilge éigeantach sa gcóras oideachais agus i scrúdaithe stáit, ní rialtas De Valera.

    Maidir leis an chosaint a rinne Éamon Ó Cuív ar a sheanathair, caithfidh sé a admháil go raibh De Valera as ord nuair a thug sé tacaíocht do na daoine i bpáirtí Fhianna Fáil, a chuir in aghaidh ceapachán Protastúnach ina leabharlannaí i gCo Mhaigheo agus a bhí ag iarraidh an bhean bhocht a dhíbirt as an bpost. B’shin seicteachas a tug De Valera tacaíocht dhó in áit cur ina aghaidh. Tá sé de chreidiúnt ag rialtas an Saorstáit nár ghéill siad don seictreachas agus gur cuireadh Comhairle Chontae Mhaigheo ar fionraí nuair nach nglacfaidís le leabharlannaí Protastúnach sa chontae.

  • Mánus

    Ba chóir go mbreathnódh Fianna Fáil ar an mBunreacht atà acu. Athbheochaint na Gaeilge mar aidhm lárnach ag an bpáirtí agus gan ach bèal bán agus cur i gcéill acu.