‘Níor chreid éinne a bhí ag an gcruinniú sin go mbeadh TG4 ina cuid chomh nádúrtha den saol cumarsáide’

Cothrom an lae seo 26 bliain ó shin, craoladh mír ar RTÉ inar tuairiscíodh cruinniú ar an gCeathrú Rua faoi bhunú stáisiún lán-Ghaeilge d'Éirinn

Cothrom an lae seo 26 bliain ó shin craoladh mír ar an gclár Cúrsaí, á chur i láthair ag Seán Ó Tuairisg, faoi chruinniú mór a reáchtáil an eagraíocht Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara. Chuir Cartlann RTÉ an mhír a craoladh an t-am sin amach arís inniu.

Pléadh ag an gcruinniú an tuarascáil a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta cúpla mí roimhe sin faoin gcostas a bhainfeadh le bunú stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge. Bhí os cionn 100 duine i láthair ag an gcruinniú.

I measc na ndaoine atá le feiceáil ar an bhfíseán, tá Seosamh Ó Cuaig, Bob Collins, Peadar Ó Riada, Pádraig Mac Donncha, Cuimín Mac Aodha Bhuí agus Donncha Ó hÉallaithe. Labhair Tuairisc.ie inniu le cuid acu siúd a bhí i láthair faoin gcruinniú agus faoi TG4 an lae inniu:

Seosamh Ó Cuaig

“Cruinniú thar a bheith tábhachtach a bhí sa gceann sin mar ba é an chéad chruinniú ag ar tháinig ionadaí ó RTÉ, Bob Collins, agus ag ar thug RTÉ tacaíocht iomlán do bhunú stáisiúin nua.

“Ba é caint Bhob Collins ag an gcruinniú sin an chaint ba thábhachtaí a tugadh agus ba mhór an dul chun cinn é gur tháinig sé fiú, mar, bliain nó dhó roimhe sin, bhí RTÉ ag rá nach bhféadfaí stáisiún nua a bhunú agus an méid ba mhó a d’fhéadfaí a dhéanamh ná uair nó cúpla uair a’ chloig breise d’ábhar Gaeilge a chur ar RTÉ.”

Peadar Ó Riada

“Tá sé i bhfad siar i mo chuimhne anois, ach tá macalla den méid a dúradh ag an gcruinniú sin sa mheon sin ‘Súil Eile’, ach ní mar a shíltear a bhítear – níor tugadh an t-airgead dóibh.

“Tá TG4 anois againn agus tá cuid de an-mhaith ar fad, an tsraith d’Fhíorscéal atá ar siúl faoi láthair, tá scéalaíocht iontach ann.

Ach tá an-chuid agus níl ann ach go gcaithfidh siad uaireanta a’ chloig a dhéanamh. Níor cheart scaoileadh leis an tsamhlaíocht, bhí an-samhlaíocht i leithéidí Rásaí na Gaillimhe agus cláracha mar é. Bhí draíocht ag baint leo mar tá siad tar éis daoine ar bheagán Gaeilge a tharraingt isteach ann.

“Ach tá rudaí eile ann ar stíl an X-Factor agus mar sin atá á ndéanamh níos fearr ag dream an Bhéarla agus ba cheart a fhágaint faoi dhream an Bhéarla. Ní fiú rudaí a dhéanamh ar mhaithe le haithris a dhéanamh ar dhaoine eile, ach sin a bhí ann an uair sin [uair an chruinnithe] – ní hamháin ábhar nua ach smaointe nua.

“Bhí an Ghaeltacht ana-thábhachtach ag an bplé sin, agus tá an Ghaeltacht tábhachtach do RnaG. Bhí na tuairisceoirí ar thaobh na gcnoc agus bhí an stáisiún i measc an phobail. Ní oireann an lárnú don chultúr Gaelach. Tá an coimisiniú go léir ar siúl sa Ghaillimh agus é bunaithe ar phatrún ó Bhaile Átha Cliath. Tá an cultúr Gaelach difriúil; bíonn a mhalairt ar fad i gceist agus síorathrú ciorclach i gceist. Nuair a bhí TG4 á bhunú, bhí sé i gceist go mbeadh sé bunaithe ar na prionsabail sin atá Gaelach, na buntreoracha atá againn.”

Padraig Mac Donncha

Pádraig Mac Donncha

“Tá mé sásta go maith lena bhfuil ag tarlú le TG4 i láthair na huaire, is é an trua nach bhfuair siad an t-airgead a bhí ag dul dóibh riamh. B’fhearr é dá mbeadh níos mó de na cláracha a bhíonn á gcraoladh air á ndéanamh sa mbaile ach is dóigh go mbaineann sé sin leis an ngearradh siar.”

Bob Collins

Bob Collins

“D’aontóinn leis an méid a dúirt mé an uair sin anois chomh maith. Más buan mo chuimhne ag an am, bhí caint faoi sheirbhís trialach nuair a bhí Cathal ó hEochaidh ina Thaoiseach, an smaoineamh faoi sheirbhís trialach a chur ar bun, a mheas mé féin a bhí ait agus gan mórán céille. Cén mhaith an oiread sin caiteachais a dhéanamh gan dul ar aghaidh leis? Bhí sé cruthaithe ag an am go mbeadh éileamh agus lucht féachana ann.

“Bhí smaoineamh go bhfeidhmeofaí Teilifís na Gaeltachta laistigh de sceideal RTÉ2 – déantar dearmad gur tháinig cláracha tráthnóna isteach an-deireanach sa saol. Bhíos féin den tuairim, i gcomhthéacs na gcinntí rialtais, gurb é an t-aon rud a d’fhéadfadh tarlú ná stáisiún nua a bhunú. Bhí an toil ann,” a dúirt Collins.

Agus é ag breathnú siar ar an scéal anois, tuigeann Collins go meileann na muilte go mall.

“Thóg sé níos mó ama ná mar a cheap daoine a thógfadh ag an am ach ní mórán é seacht mbliana nuair a smaoiníonn tú ar an méid ama a thóg sé RnaG agus Lyric FM a thabhairt ar an aer. B’fhéidir go rabhas ródhóchasach nuair a dúrt níos lú ná bliain,” a dúirt Collins.

Thuig Collins tábhacht na Gaeltachta sa scéal freisin.

“Bhí tábhacht leis an ngluaiseacht sin sa Ghaeltacht chomh maith leis an ngluaiseacht timpeall na tíre. Bhí tábhacht leis an gcruinniú sin agus na cruinnithe eile a bhí ann chun an tseirbhís, an sceideal agus an t-airgead a phlé,” a dúirt sé.

Moladh atá aige don méid atá bainte amach ag TG4 ó shin.

“Níor chreid éinne a bhí ag an gcruinniú sin go mbeadh TG4 chomh cuimsitheach is atá agus go mbeadh sé chomh sainbhunaithe is atá, ní áirím é a bheith ina chuid nádúrtha den saol cumarsáide.

“Níor chreid éinne go dtarlódh sé sin agus chomh tapa sin agus in ainneoinn nach bhfuil an t-airgead curtha ar fáil do TG4, tá éacht déanta acu á mbunú féin i saol na tíre mar chuid bhuan, riachtanach, leanúnach den chóras cumarsáide. Ba dheacair an saol a shamhlú gan TG4,” arsa Collins.

Dar le Collins gur chinntigh a fheabhas a bhí, agus atá, láithreoirí an stáisiúin go n-éireodh leis.

“Bhí sé soiléir ón gcéad oíche go ndéanfadh gairmiúlacht agus uaillmhian na gcraoltóirí cinnte de go bhfásfadh sé agus go mbeadh an sceideal níos cuimsithí agus níos fairsinge agus an t-éileamh sin á chomhlíonadh.”

 Play archives

Fág freagra ar '‘Níor chreid éinne a bhí ag an gcruinniú sin go mbeadh TG4 ina cuid chomh nádúrtha den saol cumarsáide’'