Níor chóir fáil réidh le Béarla mar theanga oifigiúil de chuid an AE – Ní Riada

Dúirt Liadh Ní Riada go bhfuil sé “doshamhlaithe” nach mbeadh an Béarla mar theanga oifigiúil de chuid an AE i ndiaidh Brexit

Pic Liadh Ní Riada

Tá iarrtha ag an bhFeisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada (SF) ar rialtas na hÉireann “a bheith gníomhach” chun an Béarla a choimeád mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Dúirt Ní Riada, a tharraing aird ar chás na Gaeilge san Aontas Eorpach anuraidh nuair a chuir sí stailc teanga suas i bParlaimint na hEorpa, go bhfuil sé “doshamhlaithe” nach mbeadh an Béarla mar theanga oifigiúil de chuid an AE i ndiaidh Brexit.

“Tá níos mó taithí agam ag déanamh cosaint ar stádas na Gaeilge ná ar a bheith ag tacú leis an mBéarla. Mar sin táim ag baint taitneamh as an íoróin seo.

“É sin ráite is ceist dháiríre í seo. Is teanga oifigiúil ár dtíre é an Béarla, agus príomhtheanga a lán daoine anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Níor chóir stádas an Bhéarla a athrú,” a dúirt sí.

Dúirt sí freisin go mbeadh drochthionchar ar chúrsaí fostaíochta agus ar sholáthar seirbhísí dá mbainfí stádas oifigiúil ón mBéarla agus go mbeadh deacrachtaí ag “an-chuid Éireannach” ag plé le hinstitiúidí na hEorpa.

Leag Ní Riada béim ar thábhacht na Gaeilge taobh leis an mBéarla san AE i ráiteas a d’eisigh sí inniu, agus dúirt nach bhféadfadh an Ghaeilge a bheith thíos le  caomhnú an Bhéarla.

“Teastaíonn uaim bheith an-shoiléir mar gheall ar seo; ní féidir le caomhnú an Bhéarla bheith ar chostas na Gaeilge. Ta spás san Eoraip don dá theanga, agus táim ag iarraidh ar rialtas na hÉireann bheith gníomhach ar son Béarla agus Gaeilge a choimeád ar comhchéim, mar theangacha oifigiúla den AE,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Riada le Tuairisc.ie go bhfuil sé “deacair a bheith cinnte” cén tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge dá gcaillfeadh an Béarla a stádas mar theanga oifigiúil.

“Is léir go mbeadh deacrachtaí ag a lán daoine in Éirinn ag plé le na hinstitiúidí Eorpacha, agus gan amhras ag ár bpolaiteoirí chomh maith. Ar an drochuair níl an cumas ag gach duine a ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus cé gur spreagadh breá a bheadh ann do dhaoine cur lena gcumas, ní bheadh sé ceart ná cóir,” a dúirt sí.

Thug Coimisiún na hEorpa in Éirinn le fios ar maidin “go gcaithfeadh Comhairle na nAirí, Éire san áireamh, vótáil d’aon ghuth chun aon athrú a dhéanamh ar réimeas teanga Institiúidí na hEorpa”.

Dúirt Ní Riada go bhfuil imní ar Shinn Féin go dtabharfadh an rialtas tús áite don Bhéarla ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil na hÉireann san Aontas Eorpach sa chás go mbeadh ar bhallstát an Béarla a lua mar theanga oifigiúil le rialachán teanga an AE a shásamh.

“Leis an drochmheas agus easpa tola atá léirithe go dtí seo ag Fine Gael bheadh imní orainn go ndéanfadh an Rialtas tosaíocht a thabhairt don Bhéarla.

“Ach ní féidir linn ligint dóibh é sin a dhéanamh. Táimid i riocht nua faoi láthair. Tá gach rud san aer faoi láthair agus níl aon chúis nach nglacfadh an tAE  le moladh ón Rialtas chun an dá theanga a chaomhnú,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Níor chóir fáil réidh le Béarla mar theanga oifigiúil de chuid an AE – Ní Riada'

  • Fearn

    Tuige a bhfuil an bhean seo ag samointinn go gcuirfeadh an tAE cúl le francbhéarla idirnáisiúnta?

  • Éamonn Ó Gribín

    Tá Béarla ina theanga oifigiúil i Malta freisin!

  • padraig

    Cén saghas gibris é seo ag Liadh Ní Riada? Bheadh sé chomh maith aici dul ag múineadh méilí do thréad caorach na Bruiséile nó baa baa black sheep, bheadh a oiread céanna éifeachta lena mbíonn á rá aici de ghnáth. Ní baol don mBéarla sa Bhruiséil ná i gCúl Aodha ach oiread.