Níor cheart dearmad a dhéanamh ar shagart na saoirse as Ros Muc…

Beagnach céad bliain ó shin tugadh gradam náisiúnta do shagart as Ros Muc ar son na hoibre ar fad a rinne sé ar son na saoirse

Lusaka01

I 1966 nuair a bhí comóradh á dhéanamh sa tír seo ar Éirí Amach na Cásca, tugadh gradam náisiúnta do shagart as Ros Muc ar son na hoibre ar fad a rinne sé ar son na saoirse. Ach ní hiad rialtas na hÉireann a thug an t-aitheantas sin dó ach rialtas na Saimbia.

Dhá bhliain roimhe sin a fuair an tSaimbia a saoirse ón mBreatain. Shocraigh an rialtas nua gur cheart aitheantas a thabhairt do dhaoine a rinne a ndícheall i ngluaiseacht na saoirse sa tír.

Bhí an tAthair Pádraig Breathnach as Ros Muc ar dhuine acu. Cara pearsanta a bhí ann leis an Uachtarán Kenneth Kaunda. Go deimhin, bhí sé ar dhuine de na comhairleoirí ba thábhachtaí ar fad a bhí ag Kaunda.

I gCill Bhriocáin a rugadh é sa mbliain 1910. Bhí siopa ansin ag a athair. Múinteoir scoile as Loch Garman a bhí ina mháthair.

I Ros Muc a fuair sé a chuid bunoideachais agus chuaigh sé as sin go Coláiste Mhungairite i Luimneach. Oirníodh ina shagart Íosánach é i bPáirc an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1943. Bhí sagart paróiste Ros Muc, an tAthair Ó Cionnaith, ar dhuine acu siúd a bhí i láthair an lá sin.

Sa mbliain 1946 a chuaigh sé chuig an tSaimbia. An Róidéis Thuaidh an teideal a bhí ar an réigiún ag an am. Coimirceach de chuid na Breataine a bhí ann.

Bhí seal gearr caite ag an Athair Breathanch roimhe sin i Hong Kong.

Ceapadh ina shagart paróiste é in áit ar a dtugtar Kabwe. Bhí sé i gceist gur ag freastal ar dhaoine geala as an Eoraip a bheadh sé ach ní raibh an tAthair Breathnach sásta leis sin: theastaigh uaidhsean go mbeadh caidreamh i gcónaí idir an cine geal agus an cine gorm.

Bhunaigh sé cumann, Cumann Aontaithe na Róidéise Thuaidh, leis an gcaidreamh a neartú.

Sa mbliain 1959, spreag sé na heaspaig le nuachtán, ‘The Leader, a bhunú.

Cháin na gabhálaithe geala an páipéar go nimhneach: dúirt siad nach raibh ann ach náisiúnachas agus go raibh drochmheas á léiriú ann ar dhream ar bith nach raibh ar son an náisiúnachais.

Sa mbliain 1963, chuir an tAthair Breathnach ina luí ar Ollscoil Fordham i Nua-Eabhrac céim oinigh sa dlí a thabhairt do Kenneth Kaunda. Ba leis na hÍosánaigh Ollscoil Fordham, ar ndóigh.

Ní raibh a saoirse bainte amach fós ag Zambia ach chuir Uachtarán Mheiriceá, John. F. Kennedy, sreangscéal chuig Kaunda ag déanamh comhghairdis leis agus ag glacadh leis mar cheannaire ar mhuintir na Saimbia.

Ba mhór ag Kenneth Kaunda cabhair an Athar Breathnach i gcúis na saoirse i gcónaí. Seo mar a scríobh sé faoi uair amháin:

“Thug sé aire do mo bhean agus do mo chlann nuair a cuireadh i bpríosún i Salisbury mé. Chuir sé mo chuid gasúr chuig scoil Chaitliceach agus gan mise i mo Chaitliceach ar chor ar bith. B’iontach an cuidiú an club sin a chuir sé ar bun leis na ciníocha a thabhairt le chéile agus a chur ag plé chúrsaí an tsaoil. D’ólaidís deoch le chéile agus bhídís ag imirt leadóige in éineacht fiú amháin.”

Níor cheart dearmad a dhéanamh sa tír seo ach an oiread ar an Athair Padraig Breathnach. B’fhéidir go bhfuil sé in am ceangal de chineál eicínt a bhunú idir Ros Muc agus an tSaimbia.

Fág freagra ar 'Níor cheart dearmad a dhéanamh ar shagart na saoirse as Ros Muc…'