‘Níltear chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin’ – staidéar nua ón ESRI

De réir leabhar taighde nua braitheann rath an pháiste in Éirinn den chuid is mó i gcónaí ar chúinsí teaghlaigh agus stádas sóisialta

‘Níltear chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin’ – staidéar nua ón ESRI

Léiríonn an chéad mhórstaidéar ar cheist an neamhionannais i measc pháistí in Éirinn na linne seo nach bhfuiltear chomh “ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin” mar a gealladh i bhForógra na Cásca 1916.

Sin a dúirt James Williams, ollamh le taighde leis an ESRI, inniu agus an taighde nua á fhoilsiú.

De réir an leabhar taighde nua, atá bunaithe ar thorthaí an togra Growing Up in Ireland le deich mbliana anuas, braitheann rath an pháiste in Éirinn den chuid is mó i gcónaí ar chúinsí teaghlaigh agus stádas sóisialta, rud a fhágann go leanann an neamhionannas ar aghaidh.

Deirtear sa staidéar nua go bhfuil cumas teanga an pháiste ceangailte go dlúth leis na hacmhainní atá ar fáil don pháiste ina theach. Fiú ag trí bliana d’aois, dá airde ioncam an teaghlaigh nó caighdeán oideachais na máthar, is ea is fearr a bheidh cumas teanga an pháiste.  

De réir an taighde, léiríonn na scileanna a bhíonn ag páistí ag tosú ar scoil dóibh an neamhionannas sóisialta. De réir na hanailíse sa leabhar, go mbíonn meon agus scileanna teanga leanaí cúig bliana d’aois ag brath ar an aicme shóisialta lena mbaineann siad, oideachas na máthar agus ioncam an teaghlaigh.

Dá shuntasaí na tosca seo, a deirtear, is mó tionchar a bhíonn ar an bpáiste ag an aois seo ag riachtanais speisialta oideachais míchumas, saol an teaghlaigh agus luathfhorbairt teanga.

Fuarthas amach sa staidéar Growing Up in Ireland go mbíonn caighdeán oideachais níos airde ag máithreacha a thagann ó chúlra imirceach, go háirithe máithreacha ó iarthar na hEorpa agus ón Áise. Nuair a chuirtear san áireamh cúinsí eile teaghlaigh, scoile agus eacnamaíochta bíonn cumas léitheoireachta níos ísle i measc páistí sna n-imirceach, go háirithe i measc páistí a dtagann a máithreacha as oirthear na hEorpa. Is laige chomh maith na páistí seo i mbun na matamaitice, go háirithe páistí arbh as an Afraic a máithreacha.

Déantar cur síos sa taighde ar an tionchar a bhíonn ag an neamionannas sóisialta ar an tsláinte. D’fhéadfadh meáchan íseal páiste ar theacht ar an saol dó tionchar buan a bheith aige ar a fhás agus a fhorbairt.

Fuarthas amach gur naíonán ar ísealmheáchan iad 7.9% de pháistí ó theaghlaigh íseal-ioncaim i gcomparáid le 4.6% i gcás páistí ó chúlra ardioncaim.

Fuarthas amach freisin go bhfuil ceangal láidir idir otracht agus míbhuntáiste sóisialta. Bhí 25% de leanaí trí bliana d’aois róramhar nó otraithe. Ba mhó go mór an seans go mbeadh páistí trí bliana d’aois otraithe sa chás nach daoine gairmiúla a dtuismitheoirí.

De réir an taighde, tá rátaí beathú cíche in Éirinn i bhfad níos ísle ná an meán idirnáisiúnta agus deirtear go bhfuil ceangal láidir idir rátaí beathú cíche agus cúlra sóisialta na máthar. Beathú cíche a fuair 77% de leanaí ar daoine gairmiúla a dtuismitheoirí, ach 33% a bhí i gceist i gcás leanaí ó chúlra míbhuntáiste shóisialta.