Níl spórt ar domhana bhfuil oiread náire tarraingthe ag a ‘laochra’ air ná an rothaíocht…

Ón mbliain 1998 i leith, tá sé admhaithe ag os cionn trian díobh siúd is fearr a rinne sa Tour de France gur bhaineadar úsáid as ábhair choscth

drug-testing

As seo go ceann trí seachtaine beidh an Tour de France go mór faoi chaibidil ar leathanaigh na nuachtán agus ar chláracha teilifíse agus raidió. 

Níl spórt ar domhan is mó a bhfuil oiread náire tarraingthe ag a ‘laochra’ air  ná an rothaíocht. Fós agus ainneoin a gcuireann sin de dhéistin orm, tá rud eicínt ag baint leis an Tour a mhealann mé chun féachana air. Colainn agus intinn an duine ag dul go bun an angair sa gcoimhlint, is dócha.

Ón mbliain 1998 i leith, tá sé admhaithe ag os cionn trian díobh siúd is fearr a rinne sa rása gur bhaineadar úsáid as ábhair chosctha – ar na buaiteoirí ar theip orthu i dtástáil, a dhearbhaigh mí-úsáid, nó a bhfuil pionóis gearrtha orthu ag eagraíochtaí rothaíochta nó frith-dhrugaí, tá Lance Armstrong, Marco Pantani, Floyd Landis agus Alberto Contador mar aon le hochtar eile ar a laghad a chríochnaigh áit nó dhó taobh thiar díobh.

Go fiú sa gcéad Tour riamh os cionn céad bliain ó shin (1903), bhí a bheag nó a mhór den tséitéireacht i gceist – agus b’sin san am nach raibh aon úsáid sa tsnáthaid ach le cnaipe a chur i léine agus dá dtiocfadh na focail ‘anabolic steroids’ amach as do bhéal go gceapfaí gur ag eascaine a bhí tú!

Séitéireacht níos bunúsaí a chleacht an buaiteoir ba thúisce, Maurice Garin  agus a chomrádaithe. Thug Garin 200 frainc do dhuine den lucht féachana a bhí ina sheasamh le hais an bhóthair as gan a rothar a thabhairt do chéile comhraic nuair a tolladh bonn ar a rothar siúd!

Agus beagán de bhearna oscailte idir iadsan a bhí chun tosaigh agus an dream a bhí laistiar díobh ag an gcéad staid i 1903, scaipeadar siúd a bhí chun cinn buidéil bhriste ar an mbóthar. Ansin b’éigin do dhuine acu, Hippolyte Aucouturier, éirí as nuair a d’ól sé deoch as buidéal líomanáide a shín duine den lucht féachana chuige – bhí aigéad sulfarach measctha tríd.  Bhí Aucouturier ar ais sa diallait lá arna mháireach agus bhuaigh staid an lae sin agus an lae ina dhiaidh, a bhí 797km eatarthu.

Béinnigh fir ab ea na rothaithe an ré údaí. Ní raibh sa gcéad Tour sin i 1903 ach 6 staid. Fós thaistil siad 2428km agus chaith suas le 18 uair an chloig sa diallait ar chuid acu.

Bhí meáchan 20 kilo ar a laghad ina gcuid rothair – i gcomparáid le 6.8k an lae inniu. Mar sin féin, bhí meánluas os cionn 26 ksu faoi Garin nuair a bhuaigh sé, i gcomparáid leis an 40 ksu a rinne buaiteoir na bliana seo caite, Vincenzo Nibali – figiúirí dochreidte ar bhealach nuair a chuirtear san áireamh an dul chun cinn sa teicneolaíocht, san ullmhúchán agus gur chaith an chéad bhuaiteoir a thrí oiread ama sa diallait gach lá, ar rothar nach raibh blas ar bith níos fearr ná an ceann a bhíodh ag fear an phoist agus mise i mo ghasúr.

Vigorelli-velodrome-Milan-Italy-antidoping-roomBa mhó ná sin fós de chonspóid a bhain leis an dara Tour de France; cuireadh púdar a chuirfeadh tochas ar dhuine i mbrístí rothaithe, scaipeadh tairní anseo agus ansiúd ar fud na mbóithre, gearradh frámaí rothair ina leath le sámh, leagadh crainnte trasna an bhóthair agus ionsaíodh rothaithe le maidí féachaint lena gcoinneáil siar.

Bhuaigh Garin an ceann sin freisin ach cé nár tugadh míniú ceart riamh ar an údar, dícháilíodh é féin agus go leor de na hiomaitheoirí eile. Ní bheidh a fhios go deo cén fáth ach an oiread, mar chuaigh an páipéarachas ar fad a bhain leis an Tour go dtí sin amú le linn an Dara Cogadh Domhanda.

D’éirigh Maurice Garin as an rásaíocht ar fad nuair a cuireadh ar fionraí é tar éis Tour 1904 agus chaith sé an chuid eile dá shaol i mbun garáiste i Lens.

Murar cruthúnas an dá Tour ar neart an fhir, tabhair faoi deara go mba é a bhuaigh rás a ritheadh i 1893 agus inar chaith na rothaithe 24 uair an chloig ag rásaíocht ar chiorcad i lár Phárais. San achar sin, thaistil Garin 701 km agus nuair a bhí an t-am caite bhí sé 49km chun cinn ar an té ba ghaire dó.

Ina dhiaidh, dúirt sé féin gurbh é an méid a d’ith sé agus a d’ól sé a sheas dó: neart den fhíon dearg, 19 lítear seachláide te, 7 lítear tae, ocht ginn d’uibheacha bruite, caifé agus champagne, 45 gearrthóg feola, 5 lítear taipíoca, dhá kilo rís agus neart oisrí.

Tá dó-croí orm á scríobh, ní áirím é a ithe!

Fág freagra ar 'Níl spórt ar domhana bhfuil oiread náire tarraingthe ag a ‘laochra’ air ná an rothaíocht…'