Níl spéis ag fear Charna teacht i gcomharbacht ar O’Sullivan mar Choimisinéir

Dúirt an Coimisinéir feidhmeach Dónall Ó Cualáin, as Carna ó dhúchas ach atá ag cur faoi i gCois Fharraige le fada an lá, gur onóir mhór dó an deis a fháil gníomhú mar Choimisinéir an Gharda Síochána

Níl spéis ag fear Charna teacht i gcomharbacht ar O’Sullivan mar Choimisinéir

Tá ráite ag an bhfear Gaeltachta atá ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ó d’éirigh Nóirín O’Sullivan as a cúram, nach bhfuil sé i gceist aige cur isteach ar an bpost ach a bhfógrófar é.

Tuairiscítear tráthnóna gur thug an Coimisinéir feidhmeach Dónall Ó Cualáin, as Carna ó dhúchas ach atá ag cur faoi i gCois Fharraige le fada an lá, le fios ag cruinniú bainistíochta nach mbeadh sé ag cur isteach ar an bpost. Dúirt Ó Cualáin gur onóir mhór dó an deis a fháil gníomhú mar cheannasaí na nGardaí agus gur ag díriú ar a ról mar Choimisinéir feidhmeach amháin atá sé.

Beidh cumhachtaí agus cúraimí an Choimisinéara ar fhear Charna nó go gceapfar comharba ar Nóirín O’Sullivan.

An tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan a d’fhógair go raibh an fear Gaeltachta á cheapadh aige mar Choimisinéir gníomhach.

Thug Ó Cualáin tréimhse mar sháirsint ar Inis Mór agus thug sé seal chomh maith mar cheannfort sna Gleannta i nDún na nGall. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin arís mar Ard-Cheannfort i gcathair na Gaillimhe sular ceapadh mar choimisinéir cúnta é.

Thug Nóirín O’Sullivan le fios don Taoiseach agus don Aire Dlí agus Cirt tráthnóna Dé Domhnaigh go raibh sí ag éirí as an bpost a bhí aici ó Mhárta 2014. Tharla cuid mhaith conspóidí le linn do O’Sullivan a bheith sa phost is sinsearaí sa Gharda Síochána, an chonspóid is déanaí faoi thástálacha bréige anála agus cás Maurice McCabe san áireamh.

Fág freagra ar 'Níl spéis ag fear Charna teacht i gcomharbacht ar O’Sullivan mar Choimisinéir'