Níl Sinn Féin sásta a rá an rachaidh siad i mbun roinnt na cumhachta gan geallúint faoi Acht Gaeilge a fháil

Níor fhreagair Sinn Féin ceisteanna a cuireadh ar an bpáirtí faoi chás Acht na Gaeilge ó thuaidh

Níl Sinn Féin sásta a rá an rachaidh siad i mbun roinnt na cumhachta gan geallúint faoi Acht Gaeilge a fháil

Níl Sinn Féin sásta a rá cé acu an rachaidh nó nach rachaidh siad i mbun roinnt na cumhachta arís i Stormont sa chás nach mbeadh geallúint faighte acu faoi Acht Gaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne agus an feachtas toghcháin faoi lán seoil ó thuaidh. Tá ráite go soiléir ag Arlene Foster, ceannaire an DUP, nach nglacfaidh a páirtí choíche le hAcht Gaeilge. Chuir sí Sinn Féin i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh agus í ag tagairt d’éileamh an pháirtí phoblachtánaigh ar an Acht.

Agus lá na vótála ag druidim linn, tá an t-éileamh ar Acht Gaeilge á chur chun cinn ag iarrthóirí toghcháin Shinn Féin ar na meáin shóisialta agus ag ócáidí feachtais. D’eagraigh an t-iarAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, cruinniú poiblí i mBéal Feirste tráthnóna Dé Luain le cúrsaí Gaeilge a phlé.

Níl an páirtí sásta a rá, áfach, an bunphrionsabal dá chuid a bheidh san éileamh ar Acht Gaeilge má bhíonn siad i mbun cainteanna maidir le roinnt na cumhachta i ndiaidh thoghchán na míosa seo chugainn. Rinne Tuairisc.ie iarracht ceithre huaire an tseachtain seo caite deimhniú a fháil ón bpáirtí faoin gceist seo, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin.

Luaigh Sinn Féin ‘Straitéis na Gaeilge’ agus ócáidí poiblí dá gcuid á bhfógairt acu i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. D’fhiafraigh Tuairisc.ie den pháirtí, freisin, arbh ionann ‘Acht Gaeilge’ agus ‘Straitéis na Gaeilge’. Níor tugadh aon fhreagra ar an gceist sin ach an oiread.

Idir an dá linn, tá ráite ag Máirtín Ó Muilleoir, atá ag seasamh do thoghchán Stormont i mBéal Feirste go gcaithfidh Rialtas na Breataine a chuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Ag labhairt dó ag cruinniú a bhí ag Airí Airgeadais na Breataine agus na hÉireann, dúirt Ó Muilleoir go raibh ról ag Státchiste na Breataine i gcur i bhfeidhm na ngealltanas sin freisin.

“”For too long the Tories have provided cover for DUP disrespect to the Irish language and identity.

“Nowhere is that clearer than in their opposition to an Irish Language Act, which was promised in the St Andrew’s Agreement but has not been delivered to date due to the DUP-Tory tag team of intolerance,” a dúirt sé.