Níl sé i gceist cúrsaí Gaeltachta a chur ar fáil do Státseirbhísigh an athuair

Mar chuid den oiliúint a cuireadh Gaeleagras ar fáil, atá anois faoi chúram Roinn na Gaeltachta, d’eagraítí turais rialta Ghaeltachta

An-Ghaeltacht

Níl sé i gceist ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cúrsaí Gaeltachta do státseirbhísigh a chur ar bun an athuair.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie nach mbeadh a mhacasamhail de chúrsaí a bhíodh á reáchtáil ag Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí a thabhairt ar ais i láthair na huaire.

Mar chuid den oiliúint a cuireadh Gaeleagras ar fáil nó gur cuireadh deireadh leis an eagras, d’eagraítí turais rialta Ghaeltachta do státseibhísigh.

Cuireadh deireadh le Gaeleagras sa bhliain 2012 agus aistríodh chuig Roinn na Gaeltachta i 2013 na cúraimí a bhíodh orthu maidir le hoiliúint sa Ghaeilge a sholáthar don státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí.

Faoin gcomhaontú atá sínithe ag an Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as a chinntiú go bhfuil oiliúnt i nGaeilge ar fáil don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Roinn cérbh iad na céimeanna sonracha a bhí tugtha acu i dtaobh na hoiliúna seo ó aistríodh cúraimí Gaeleagras chucu i 2013, níor luadh ach cúrsaí oiliúna atá á reáchtáil ag an eagraíocht Gaelchultúr ó 2011.

Tá conradh trí bliana ag Gaelchultúr ó Fhoras na Gaeilge chun oiliúint i nGaeilge a chur ar fáil don tseirbhís phoiblí. Idir na blianta 2011 agus 2014, d’fhreastail níos mó ná 900 duine san earnáil phoiblí ar na cúrsaí oiliúna sin.

Cuireadh deireadh leis na marcanna bónais a bhronntaí ar iarrthóirí in earcaíocht agus i gcomórtais ardaithe céime na státseirbhíse i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2013.

Déantar foráil i gceannteideal 6 de Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 chun na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo a shonrú i scéimeanna teanga na ranna rialtais. Deir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil sé d’aidhm ag an gcóras sin “an líon oifigeach le Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú”.

Faoin gcóras nua, bhí painéal daoine le cruthú a bhfuil líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaithe nua sa Státseirbhís.

Tháinig sé chun solais ag deireadh na bliana seo caite nach raibh ach 10 bpost sainaitheanta as thart ar 30,000 ag na ranna rialtais ar fad cé is móite d’fhoireann Roinn na Gaeltachta. Tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le cumas dátheangach ag teastáil iontu a liostáil. Bhí an obair liostála le bheith déanta faoi lár Eanáir na bliana 2014.

Tuariscíodh ar an suíomh seo ag tús na bliana seo go raibh plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist cúrsaí Gaeltachta a chur ar fáil do Státseirbhísigh an athuair'

  • Seán Mag Leannáin

    10 bpost, a bhfuil riachtanas inniúlacht sa Ghaeilge ag baint leo, sainaitheanta as thart ar 30,000 ag na ranna rialtais ar fad agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, mar dhea !

  • R. ua Ruairc

    Rinne Gaeleagras sárobair ar fad. Mo mhíle buíochas leo.