Níl sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt go mbeadh Gaeilge i searmanais saoránachta

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn an mhí seo caite go raibh sé “áiféiseach agus amaideach” go mbeadh na hócáidí saoránachta seo á n-eagrú ag an Rialtas agus gan focal Gaeilge le cloisteáil lena linn

Níl sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt go mbeadh Gaeilge i searmanais saoránachta

Frances Fitzgerald. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Níl sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald aon athrú a dhéanamh ar na searmanais bronnta saoránachta chun go mbeadh an Ghaeilge agus an ceol traidisiúnta le cloisteáil lena linn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn an mhí seo caite go raibh sé “áiféiseach agus amaideach” go mbeadh na hócáidí saoránachta seo á n-eagrú ag an Rialtas agus gan focal Gaeilge le cloisteáil lena linn.

Bhí de Spáinn ag tagairt do scéal Simon Brooke, Sasanach a bhain saoránacht na tíre seo amach le deireanas.

Dúirt Brooke, atá pósta leis an scríbhneoir aitheanta Anna Heussaff, gur údar díomá dó féin agus dá bhean nach raibh aon fhocal Gaeilge le cloisteáil ag an searmanas bronnta saoránachta a reáchtáladh san Ionad Tionóil i mBaile Átha Cliath le gairid. B’údar díomá don Simon Brooks freisin nár seinneadh “oiread is fonn amháin de cheol Gaelach ná Éireannach i gcaitheamh fiche nóiméad de chur i láthair ceoil ag Banna an Gharda Síochána”.

Ina freagra ar cheist a chuir an Teachta Dála Jim O’Callaghan sa Dáil faoin easpa Gaeilge ag an searmanas bronnta, agus faoi easpa cheol na hÉireann ag na hócáidí céanna, thug an tAire Fitzgerald le fios nach ndéanfar aon athrú ar an searmanas.

“Níl sé beartaithe agam faoi láthair aon leasú a dhéanamh ar na Rialacháin [Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 2011]. Cé go dtuigim go hiomlán ábhar imní an Teachta, ag féachaint ar raon éagsúil náisiúntachtaí agus teangacha dúchais na ndaoine a bhíonn ag freastal ar na searmanais, agus don ghealltanas an-dáiríre a thugann siad tríd an dearbhú sollúnta a dhéanamh, tá sé tábhachtach go seoltar na himeachtaí i dteanga ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigfidh iarratasóirí í,” a dúirt sí.

Tá os cionn 100,000 tar éis an dearbhú saoránachta a dhéanamh ag na hócáidí móra saoránachta a bhíonn á reáchtáil idir ceithre agus sé huaire sa bhliain ó bhí 2011 ann. Dúirt an tAire Fitzgerald nach bhfuarthas “ach cúpla iarratas an dearbhú a dhéanamh i nGaeilge” le linn an ama sin. Ní raibh ach “cás amháin den sórt sin ann” le blianta beaga anuas.

“Is dúshlán sách mór é suas le 1,000 duine a stiúradh leis an dearbhú sollúnta a dhéanamh le chéile, mar aon ghuth amháin, in aon teanga amháin, ar bhealach intuigthe, le sosanna a thugann deis dóibh a n-ainm agus a seoladh féin a rá. Tá snas curtha ar an modheolaíocht seo in imeacht na mblianta agus ní mheastar go mbeadh sé indéanta an dara teanga a thabhairt isteach le gach dearbhú sna cúinsí sin,” a dúirt sí.

Is doiciméad dátheangach é an deimhniú eadóirseachta a bhronntar ar na hiarratasóirí a n-éiríonn leo saoránacht na hÉireann a bhaint amach. Bíonn bileog le focail Amhrán na bhFiann i nGaeilge, chomh maith le biorán beag a bhfuil Bratach na hÉireann air, sna pacáistí a bhronntar ar na hiarratasóirí nuair a chláraítear iad lá an tsearmanais.

Trí cheist ar fad a chuir an Teachta Jim O’Callaghan ar an Aire Dlí agus Cirt maidir leis an searmanas bronnta saoránachta, péire faoi ról na Gaeilge sna searmanais agus ceann amháin faoin gceol a chastar ann.

Cé gur thug an tAire míniú ar an bhfáth nach mbíonn an dearbhú saoránachta á rá i nGaeilge agus Béarla ag na hiarrthóirí, níor fhreagair sí na ceisteanna sonracha a chuir O’Callaghan faoi ról na teanga mar chuid den oidhreacht agus den chultúr atá “á mbronnadh” ar na saoránaigh nua.

Ghabh sí buíochas leis an Teachta Dála as a mholtaí go ndéanfaí trácht ar an nGaeilge le linn na searmanas “i gcomhthéacs na féiniúlachta a bhaineann le saoránacht na hÉireann” agus go dtabharfaí óráid “a mhaireann nóiméad nó dhó ar a laghad” i nGaeilge. Dúirt an tAire Fitzgerald go ndéanfaidh a cuid oifigeach “machnamh” ar conas a d’fhéadfaí tuilleadh Gaeilge a chur sna searmanais.

Maidir le ceist an cheoil, dúirt sí gurb é Banna Ceoil an Gharda Síochána a roghnaíonn an ceol a chastar le linn na tréimhse ullmhúcháin agus feithimh ag na searmanais agus “nach cuid den searmanas féin é”.

“Is ar mhaithe le siamsaíocht amháin is ann dó. Maidir le ceol an tsearmanais, táim sásta go bhfuil Amhrán na bhFiann oiriúnach mar léiriú ar ócáid shollúnta an tsearmanais féin agus níl sé beartaithe agam imeacht ón nós seo,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt go mbeadh Gaeilge i searmanais saoránachta'

  • Fearn

    Beart gnó é “ceannacht” na saorántachta. Ní de chultúr é muna ar an leathimeall é. Agus is comhartha náire do “lucht foráis” na tire, an Ghaeilge faraor!

  • Liam

    Dúirt seCé go dtuigim go hiomlán ábhar imní an Teachta, ag féachaint ar raon éagsúil náisiúntachtaí agus teangacha dúchais na ndaoine a bhíonn ag freastal ar na searmanais, agus don ghealltanas an-dáiríre a thugann siad tríd an dearbhú sollúnta a dhéanamh, tá sé tábhachtach go seoltar na himeachtaí i dteanga ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigfidh iarratasóirí í,

    So de réir an tAire níl saoránaigh nua in ann beagáinín Gaeilge a fhoghlaim agus rá ag an Searmanas mar bheadh sé ródheachair dóibh….. agus gach seans go bhfuil cúpla teangacha ar a dtoil acu roimhe seo. Tá sí ag masla na daoine sin agus a rá do chainteoirí Gaeilge gurbh í Béarla amháin teanga riaracháin in Éirinn. Tá sí a rá nach féidir leo an gealltanas saorántachta a dheabhú trí Ghaeilge. Masla eile ón Rialtas.

  • Aonghus

    An amhlaidh go gceapann an tAire go bhfuil an náire céanna ar na heactrannaigh faoin nGaeilge is atá ar an Rialtas? Scaoileadh le riachtanas Gaeilge na nGardaí d’iarratasóirí eachtrannacha roinnt blianta ó shin ar an mbonn go raibh sé míchothrom. Ba mhór an trua sin mar dá bhfágfaí ann é chuirfeadh sé iontas ar na húdaráis a luaithe is a d’fhoghlaimeoidís an teanga. Siad na foghlaimeoirí is díograisí iad i ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.
    Chaithfeadh gur cheap na hiarratasóirí ag an searmanas deireannach gur saoránacht Mheiriceánach a bhí á bronnadh orthu le banna ceoil An Garda Síochána ag seinm popcheol YMCA!

    Aonghus,
    Gaillimh.

  • Cormac

    Náire uafásach tromchúiseach an méid sin a bheith ráite ag an Aire…. náire go gcuirtear suas leis an truflais mhaslach seo ó bhall de Rialtas na tíre…. Aire eile ag tabhairt a thacaíocht do chinneadh náireach maslach agus gear-radharcach Ollscoil na hÉireann Gaillimh freagracht ar Uachtarán na hOllscoile sin a bheith inniúil sa Ghaeilge…. náireach go gceadaítear d státseirbhísigh ag an leibhéal is airde iad féin a bhrú isteach i bpost ar nós an phoist mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta ag am atá chomh cinniúnach agus chomh leochaileach don Ghaeltacht…. ar ndóigh d’fhéadfaí a rá nach bhfuil na cinní ‘aonair/fánacha’ seo ceangailte le chéile in aonchor ach … ar ndóigh táid…. tugann na céimeanna diúltacha seo go léir buile agus gortú agus ísliú céime eile don Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge dá réir…. cathain atáimid chun stop a chur leis an maslú? Cathain atáimid chun a rá sin deireadh leis sin anois… éirígí as a lucht cáinte na Gaeilge agus fásaígí suas beagán, as ucht Dé/Chroim…. tosnaímis leis na meáin…..

    Cormac,
    Corcaigh