Níl sé ‘ar chumas’ Bhanc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar a gcuid ATM

'Cé go bhfuil meas againn ar a mian rogha Ghaeilge a fheiceáil go forleathan, níl sé ar ár gcumas Gaeilge a thabhairt isteach ar ár gcuid ATM faoi láthair' a dúirt urlabhraí de chuid an Bhainc

Níl sé ‘ar chumas’ Bhanc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar a gcuid ATM

Chlúdaigh an brúghrúpa Misneach meaisíní ATM de chuid Bhanc Uladh le greamáin ar a raibh scríofa ‘Banc Uladh: Rogha Gaeilge Anois!’ agus ‘Cearta Teanga = Cearta Daonna’

Níl sé i gceist ag Banc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar a gcuid UMB ‘faoi láthair’, a deir urlabhraí de chuid an Bhainc.

Bhí an t-urlabhraí ag freagairt ceisteanna a chuir Tuairisc.ie ar Bhanc Uladh faoin agóid a rinne an brúghrúpa Gaeilge Misneach níos túisce an tseachtain seo.

Chlúdaigh Misneach scáileán meaisíní de chuid Bhanc Uladh le greamáin ar a raibh scríofa ‘Banc Uladh: Rogha Gaeilge Anois!’ agus ‘Cearta Teanga = Cearta Daonna’.

“Tá plé leanúnach ar siúl idir Banc Uladh agus Misneach le tamall anuas. Cé go bhfuil meas againn ar a mian rogha Ghaeilge a fheiceáil go forleathan, níl sé ar ár gcumas Gaeilge a thabhairt isteach ar ár gcuid ATM faoi láthair,” a dúradh.

I ráiteas a d’fhoilsigh Misneach inné, dúradh gur cuireadh greamáin ar bhreis agus fiche ATM i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara oíche Dé Máirt.

Mhaígh an grúpa gur gheall Banc Uladh go gcuirfí rogha Ghaeilge ar a gcuid ATM deich mbliana ó shin ach nach “ndearna [Banc Uladh] faic faoi”. Níor dheimhnigh Banc Uladh do Tuairisc.ie go ndearnadh a leithéid de gheallúint.

Dúirt Misneach gur iarr baill na heagraíochta ar lucht bainistíochta an Bhainc bualadh leo leis an gceist a phlé ach nach bhfuair siad aon fhreagra ón mBanc.

“Tá Misneach ag dul i mbun gnímh chun brú a chur ar Bhanc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar na hinnill airgid acu. Tá súil ag Misneach go dtuigfidh bainisteoirí Bhanc Uladh go bhfuil daoine le Gaeilge feargach faoi seo agus go bhfuil siad ag súil leis go gcuirfear an rogha Ghaeilge a gealladh deich mbliana ó shin ar na hinnill airgid gan mhoill,” a dúradh sa ráiteas a scaip Misneach ar na meáin shóisialta inné.

D’impigh an eagraíocht ar phobal na Gaeilge rogha Ghaeilge “a éileamh i dtólamh ar lucht gnó” agus dúirt go raibh go leor comhlachtaí eile ann a chuireann rogha Ghaeilge ar mheaisíní uathoibríocha.

“‘Más féidir le gníomhaireacht rialtais de chuid SAM rogha Ghaeilge a chur ar innill fhéinfreastail in aerfoirt sna Stáit Aontaithe agus más féidir le Banc na hÉireann rogha Ghaeilge a chur ar a n-innill airgid, cén fáth nach bhfuil Banc Uladh sásta é a dhéanamh?” a dúradh sa ráiteas.

Seo é an tríú huair i mbliana a chuaigh Misneach i mbun “gníomh díreach” agus an chéad uair dóibh an gníomh sin a dhéanamh ar son cearta teanga.

Phéinteáil baill den ghrúpa an figiúr ‘35,000’ – líon na nÉireannach a bhásaigh le linn an Chogaidh Mhóir – ar íomhá de John Redmond a crochadh ar Fhaiche an Choláiste i mí Mhárta mar chuid de Chomóradh 1916.

Cáineadh úsáid na híomhá de Redmond toisc gan aon bhaint dhíreach a bheith aige le hÉirí Amach na Cásca agus go háirithe toisc gur dhamnaigh sé an tÉirí Amach i ndiaidh na réabhlóide.

Mí ina dhiaidh sin, chaith baill de Mhisneach péint ghlas ar bhoscaí poist de chuid An Post a péinteáladh dearg mar chuid de chomóradh 1916.

Dúirt Misneach nach raibh aon ghlacadh acu leis an gcinneadh boscaí áirithe poist a phéinteáil dearg, mar a bhí i 1916.

Fág freagra ar 'Níl sé ‘ar chumas’ Bhanc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar a gcuid ATM'

  • Breathnóir

    Tá rudaí ag athrú rud beag ó thuaidh, fiú, ó thaobh fheiceálacht na Gaeilge.
    Is féidir meaisíní féinfhreastail i roinnt leabharlann a úsáid i nGaeilge, agus tá Gaeilge ar fáil ar na meaisíní féinseiceála isteach in ospidéal amháin, ar a laghad, ó thuaidh.
    Ach ní spéis le bainc rud ar bith ach a mbrabús féin.

  • AnRógaire

    Is toil seachas cumas atá in easnamh. Ní thiocfaidh athrú ar dhearcadh lucht gnó na tíre muna léiríonn an pobal gur tábhacht leo go ndéanfaí freastal orthu (i ngaeilge).