‘Níl scéal na Gaeilge tubaisteach ar fad agus ní miste smaoineamh air sin’ – Léacht Uí Ghadhra tugtha ag Lillis Ó Laoire

Mhaígh an léachtóir sinsearach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go n-imeodh an Ghaeilge as ‘mar theanga phobail’ ach go mairfeadh sí beo mar ‘theanga líonra’

‘Níl scéal na Gaeilge tubaisteach ar fad agus ní miste smaoineamh air sin’ – Léacht Uí Ghadhra tugtha ag Lillis Ó Laoire

Dar leis an scoláire Lillis Ó Laoire gur cheart fáiltiú roimh an “an éadóchas” atá sa treis maidir le dán na Gaeilge mar “lasc” a spreagann “an pobal ar fad i mbun gnímh”.

Agus ‘Léacht Uí Ghadhra’ á thabhairt aréir aige sa Ghaillimh, dúirt Ó Laoire nach bhfuil scéal na Gaeilge “tubaisteach ar fad” agus nár “mhiste dúinn an méid sin a chur i gcuimhne dúinn féin”.

“Fáiltím roimh an éadóchas mar lasc a spreagann mé féin agus an pobal ar fad i mbun gnímh, ainneoin go gcreidimid go bhfuil an cogadh caillte,” a dúirt sé in Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe.

Mhaígh an léachtóir sinsearach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go n-imeodh an Ghaeilge as “mar theanga phobail” agus nach mairfeadh sí “mar theanga inar féidir le duine a shaol iomlán a chaitheamh tríthi”.

Dúirt sé, áfach, go mairfeadh an Ghaeilge “mar theanga líonra” agus nár bheag an méid sin “agus an tonn bháite atá anuas uirthi”.

“Ní chreidim go mbeidh sí marbh mar ní bheidh,” a dúirt sé.

Dar leis an scoláire ó Dhún na nGall go mbeidh an Ghaeilge “buan marthanach sa tír a fhad agus a bheas sí lárnach sa chóras oideachais agus a fhad agus is fiú le daoine oideachas Gaelach a chur ar a gclann agus an teanga a fhoghlaim ar chaighdeán ard go leor gur féidir leo í a úsáid mar mheán cumarsáide”.

“D’ainneoin na géarchéime atá ag bagairt ar an Ghaeilge, leanaimid orainn á saothrú mar gurb é is dual dúinn a dhéanamh,” arsa an léachtóir ollscoile.

Dúirt sé gur “ceist eacnamaíochta agus ceist éiceolaíochta araon í scéal na Gaeilge” agus mura n-aithneofaí an méid sin gur “fánach atá sé againn aon dul chun cinn a dhéanamh”.

Ba ghá, a dúirt sé, fiontraíocht agus muinín “a chothú agus a spreagadh” le teacht ar bhealaí nua chun cultúr na Gaeilge a neartú.

Cé go raibh an “tacaíocht” a chuireann an Stát ar fáil don teanga “easnamhach” ba mheasa go mór “ár gcás” gan í, a dúirt sé.

Rianaigh Ó Laoire stair na Gaeilge ina cheantar dúchais féin, Cloich Cheannfhaola, agus an tslí inar chabhraigh an ceangal a deineadh ann idir cúrsaí teanga agus cúrsaí eacnamaíochta le stop a chur le meath na teanga. Dúirt sé gur éirigh chomh maith le Conradh na Gaeilge “croí an phobail a choinneáil leis an Ghaeilge” sa cheantar.

‘Ní ceadmhach neamhshuim’ ba theideal do ‘Léacht Uí Ghadhra’ a thug an Dr Lillis Ó Laoire in Áras na nGael i nGaillimh aréir.

Tá Léacht Uí Ghadhra ainmnithe as Nollaig Ó Gadhra, an scríbhneoir, staraí, iriseoir agus léachtóir aitheanta a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge tráth.