Níl muid cniogtha fós! Smais ar an saol Gaelach é ‘Cath na Ceathrún Rua’

Tá spleodar agus scleondar, ceol agus caismirt i seó nua Fíbín ar an Tulaigh. Má fhaigheann tú deis, cuir ort na wellingtons agus gabh ann…

Níl muid cniogtha fós! Smais ar an saol Gaelach é ‘Cath na Ceathrún Rua’

Cath na Ceathrún Rua
Fíbín
An Tulaigh

D’airigh mé Philip Doherty, scríbhneoir dhráma nua taibhseach Fíbín ag rá áit éigin gur theastaigh uaidh amharclannaíocht a chruthú a bheadh lán le spleodar agus a ghabhfadh i bhfeidhm ar an lucht féachana. Bhuel is cinnte gur éirigh leis san aidhm sin mar pé rud eile a déarfá faoi Cath na Ceathrún Rua i ngarraí luachra Fíbín ar an Tulaigh aréir, ní fhéadfaidh aon duine a shéanadh nach raibh spleodar agus scleondar ag baint leis an seó. Cuimhnigh go raibh Doherty ag plé le Tóraíocht, seó eile ag Fíbín agus ní ghabhfaidh tú amú.

Tá an seó bunaithe ar eachtra a tharla ar an gCeathrú Rua i gConamara in 1880 nuair a rinne George Robinson, an stíobhard a bhí ag Mrs Kirwan, tiarna talún na háite, iarracht próiseanna a sheirbheáil ar thionóntaí a bhí chun deiridh leis an gcíos an bhliain fhliuch ghortach sin.

Sheas muintir na háite an fód agus tháinig lucht tacaíochta sna báid chucu as na hoileáin taobh thiar, taobh amuigh agus as Ros Muc. Ba mhór i gceist an scéal sa seanchas agus tharraing sé aird na meán ar fud an domhain. Thug Michael Davitt féin turas anoir. Ar ndóigh níor stop an seasamh sin Kirwan, dhíbir sí na céadta ina dhiaidh sin agus dá bharr tosaíodh ag seoladh na bpróiseanna sa bpost ag na tionóntaí.

Le contráth na hoíche aréir agus Amhrán na Ceathrún Rua á chasadh, bhí garraí Fíbín ar an Leathchartúr beo le taibhsí – taibhsí na mBlácach brúidiúil sotalach a rinne díbirt is éagóir go leor sa ngarraí sin, agus taibhsí, nó vúdúnna an dráma, ár muintir a bhásaigh sa nGorta Mór agus a bhí sa reilig, blaosc mhór mheafarach os ár gcomhair, ag tabhairt misneach don bhaintreach a bhí á díbirt. 

Ar an ardán, bhí taibhse Davitt na leathláimhe ag reacaireacht agus ag tráchtaireacht. Faoin soilsiú uaibhreach iontach ba thaibhsí iad na crainnte féin a bhí sa ngarraí.


GAILEARAÍ: ‘Cath na Ceathrún Rua’ léirithe ag Fíbín den chéad uair


Ó thiarnaí gan trócaire Chonamara sa ngarraí, seo linn go dtí pluais áilíosa Londain lucht an chinsil agus ‘time o’reilly’ ag squiríní is boicíní ar airgead Phaddies na bhfataí. Is mise a bhí sásta nuair a fógraíodh ‘get out Paddies’ amach as an bpuball glórach.

An ceol is mó a tháinig abhaile i mo theannta as garraí Fíbín aréir, scór nuachumtha ag Alain Halimi a ardós do mheanma agus a scanrós thú gach re port. É ag preabadh faoi spéir ghruama na hoíche aréir, ag dearbhú dár sinsir, níl muid cniogtha fós!

Is mór an trua nach raibh an fhoghraíocht chomh snasta leis an gceol ach sin an saol nua taibhsiúil seo, is léir.

Rinneadh ceangal sa seó idir tiarnaí talún an 19ú céad agus creach-chistí an lae inniu, ceangal nach ngéillim féin dó. Séanadh na staire a bheadh ann gan a admháil gur muide a mhair a thóg ar láimh go beadaí an talamh as ar díbríodh ár gcomharsana agus gur muid a bhí deas air ‘cíos a ghearradh ar an mbraon anuas’.

Baincéirí, léirmheastóirí agus aisteoirí an lae inniu a fuair saothrú ar ocras agus ar dhíbirt na sinsear, cé nach deas le hadmháil é.

Ní bheadh saothar le Fíbín ann gan ealaín iontach na hamharclainne a bheith ina lár, na póilín-phuipéid, na tuairiscí nuachtán, na mascanna, na soilse.

Thar aon rud eile tobar agus anlann na samhlaíochta atá sa seó seo a thug deis d’aisteoirí amaitéaracha agus aisteoirí gairmiúla oibriú le dream cumasach a chruthaigh draíocht ar an Tulaigh aréir.

Má fhaigheann tú deis, cuir ort na wellingtons agus gabh ann. Go n-éirí le Fíbín ar an Tulaigh – is smais ar an saol Gaelach iad féin agus a bhfiontar.

Fág freagra ar 'Níl muid cniogtha fós! Smais ar an saol Gaelach é ‘Cath na Ceathrún Rua’'