Níl mórán d’údar misnigh againn, ach nílimid gan dóchas ach oiread

Bród amháin atá i gceist anois d’fhir Joe Schmidt agus iad ag cur chun páirce i dTwickenham i gcoinne Shasana

Bainisteoir Shasana, Eddie Jones, ag labhairt le Danny Care. INPHO/Billy Stickland
Bainisteoir Shasana, Eddie Jones, ag labhairt le Danny Care. INPHO/Billy Stickland

Idir olltoghcháin agus cluichí spóirt níl aon easpa comórtais ná coimhlinte ann an deireadh seachtaine seo. Tá ceann de na hócáidí spóirt chomh mór sin go raibh an Taoiseach ag brath ar dháta an olltoghcháin a athrú mar go mbeadh an oiread sin de chlanna Gael as baile agus gan iad in ann vóta a chaitheamh! Sin an cluiche idir na hÉireannaigh agus na Sasanaigh sa gcomórtas Sé Náisiún, cluiche a bheas á imirt i Londain an Satharn seo. Seans go raibh na smaointe sin ag an Uasal Kenny sular imríodh an chéad dhá bhabhta den chomórtas agus gur ruaigeadh na nGael. 

Ach idir sin agus seo, theip orainn sa gcéad dhá chluiche. Bród amháin atá i gceist anois d’fhir Joe Schmidt agus iad ag cur chun páirce i dTwickenham i gcoinne fhoireann Shasanach a fuair an láimh in uachtar ar Albain agus ar an Iodáil sa chéad dá chluiche. Tá na Sasanaigh faoi stiúir cóitseálaí nua, Eddie Jones, ó thús an chomórtais seo agus ní hamháin go bhfuil siad ag filleadh ar an nós a bhíodh acu cluichí tábhachtacha a bhuachan, tá siad á dhéanamh sin le féin-mhuinín agus sprid atá deacair a shárú, go háirithe agus iad sa mbaile. Cuir na deacrachtaí atá ag na Gaeil, de bharr imreoirí gortaithe, san áireamh agus beidh léargas agat ar an dúshlán atá ag baint leis an gcuairt seo ar cheanncheathrú rugbaí Shasana. Mar sin féin is fiú a mheabhrú nach raibh ach pointe amháin idir Éirinn agus na Francaigh i bPáras coicís ó shin agus bhí muide agus na Breatnaigh cothrom tar éis ochtú nóiméad crua i mbabhta a haon den chomórtas Sé Náisiún. Tá seans againn dá bhrí sin, a dúirt tú?  Bhuel, bhféidir, sin má éiríonn linn tuilleadh gortuithe a sheachaint agus má bhíonn fáil ar Sexton don chluiche ar fad. 

Dúshlán ann féin é sin.   

Cé nach bhfuil mórán misnigh agam, níl mé gan dóchas ach oiread. Níor lig Joe Schmidt síos fós muid agus tá neart le cruthú ag go leor imreoirí sinsearacha. Más féidir leis na Gaeil na deacrachtaí gortaithe a chur de leataobh agus más féidir leo dúshlán na Sasanach a thabhairt, gan a bheith ró-ghéilliúil, níl cúis ar bith nach mbeidh sárchluiche i dTwickenham an Domhnach seo, ach ní bheidh tada éasca ná bog ag baint leis.

Agus muid ag caint ar shár-iomaíocht, seans gurb é cluiche na hAoine, idir na Breatnaigh agus na Francaigh i gCaerdydd rogha na deireadh seachtaine seo. Fios ag na Breatnaigh má chailleann siad go mbeidh a gcosa nite ach an oiread linn féin. Tá na Francaigh sa mbád céanna, ach tá fhios ag an dá fhoireann gurb iad na Sasanaigh an t-aon chonstaic a bheas fós rompu má bhíonn an bua acu. Bí ag súil le cluiche crua, fisiciúil agus fíochmhar idir na foirne seo. Má éiríonn leis na Francaigh an lá a thabhairt leo, beidh an-chuma orthu don chraobh de bhrí gur i bPáras a bheas siad ag tabhairt faoi na Sasanaigh. Seans go mbeidh cúpla rud le rá ag na Breatnaigh faoi sin.

Seans gur rás leis an spúnóg adhmaid a sheachtaint a bheas idir an Iodáil agus Alba. Is deacair an bua sa gcluiche seo a thuar, go háirithe má imríonn an dá fhoireann mar a d’imir siad coicís ó shin. Ba cheart go mbeadh buntáiste beag ag na hIodálaigh agus iad sa mbaile ach seachas sin, níl tada idir na foirne seo, foirne atá sách lag faoi láthair.

Má tá rogha le déanamh agat maidir le cén cluiche le breathnú air, b’fhearr ar fad breathnú ar aon cheann de na cluichí Pro 12 ná an ceann seo.

Fág freagra ar 'Níl mórán d’údar misnigh againn, ach nílimid gan dóchas ach oiread'