Níl i ‘Nerve’ ach dras le teacht i dtír ar phinginí ghlúin ordóg an ‘Like’

LÉIRMHEAS: Ní ‘like’ ach a mhalairt atá tugtha ag ár léirmheastóir don scannán nua ‘Nerve’ nach bhfuil leath chomh léargasach agus cumhachtach is a d’fhéadfadh sé a bheith

Níl i ‘Nerve’ ach dras le teacht i dtír ar phinginí ghlúin ordóg an ‘Like’

Nerve
Stiúrthóir: Henry Joost, Ariel Schulman
Cliar: Emma Roberts, Dave Franco, Emily Meade, Miles Heizer, Juliette Lewis.

Seat teann de scáileán an macbook agus an pasfhocal á lorg. An ceol suaitheantais úd nuair a thagann sé ina bheatha mar aon leis an scáileán baile inaitheanta. An cúrsóir ag luí ar Spotify agus ar Google Chrome ina dhiaidh sin.

Maith go leor. Tuigimid.

Seo scannán, ní hamháin faoi theicneolaíocht an idirlín ach cé chomh cleachta is atá an ghlúin óg leis. Ó Facebook go YouTube agus ó Instagram go Pinterest agus Twitter ’sí an teicneolaíocht snáth uama na n-óg. Is beag a thuigfeadh aon duine os cionn tríocha bliain d’aois cé chomh lárnach is atá na teicneolaíochtaí agus na meáin seo do dhaoine óga. Táid tar éis teacht chun coinlíochta le méaranta ag svaidhpeáil agus ag tapáil ar dalladh. Táid chomh compordach leo, agus spleách orthu, is a bhí na glúine a chuaigh rompu maidir le cairteacha agus leictreachas.

Is cinnte go bhfuil an t-adhmad ansan le scannán le dealramh a shnoí as. Ar an drochuair ní hé seo é. Níl ann ach dras le teacht i dtír ar phinginí ghlúin ordóg an ‘Like’. Cé go bhfuil sé suimiúil go maith ina thús téann rudaí chun seafóide agus sinn ag tarraingt ar cheann scríbe. É sin ar fad agus an-sheans ann go mbeidh sé imithe as dáta i gceann cúpla bliain agus an fás aon oíche is déanaí ag déanamh ceap magaidh den seanphlanda. Go deimhin, nach bhfuil Pokemon Go tar éis na bonnaibh a bhaint uaidh ar shlí. Nach fear gaoil é Nerve an teidil do chluiche na freacnairce, ach é a bheith níos seafóidí agus níos brúidiúla. 

Cluiche ar-líne é ‘Nerve’ ina gcláraíonn tú mar fhairtheoir nó mar imreoir. Mar imreoir déanann na fairtheoirí dúshláin a chur os do chomhair amach (strainséir a phógadh, gluaisrothar a ghoid, luí ar na ráillí le traein a scaoileadh os do chionn agus gníomhartha gaisce soineanta, dainséaracha, seafóideacha eile nach iad). 

De réir mar a dhéanann tú na dúshláin a shárú íoctar tú agus téann tú ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile. Coincheap intuigthe go maith, go mórmhór nuair a chíonn tú gníomhartha amaideacha na mílte liúdramán ar YouTube.

Titimid de phlab isteach in iomaire seanchaite na ndéagóirí. Vee (Roberts), an cailín cumasach, cliste, cúthail atá faoi scáth a cara mórchúiseach (Meade) agus i ngrá leis an imreoir is fearr ar an bhfoireann peile. An buachaill ciúin (Heizer) atá i ngrá léi agus Ian (Franco – deartháir le James), an buachaill tarraingteach, caithiseach, a thagann chun suirí ar ghluaisrothar.  Iad sinn ar fad agus Lewis ina máthair chosantach (nach críonna atáim; cuimhním ar a taispeántas mar an déagóir in Cape Fear in 1992, taispeántas a thuill ainmniúchán Oscar di).

Níorbh fhada gur thosaigh rudaí ag imeacht sa bhfraoch orm. Níor thuigeas go díreach conas a d’oibrigh an cluiche, conas mar a socraíodh na dúshláin ar fad, conas mar a cinntíodh go raibh Ian is Vee le chéile an t-am ar fad agus a thuilleadh rudaí eile nach iad, ach tar éis leathuair an chloig nó mar sin ba chuma liom sa diabhal liom.

D’fhéadfadh teachtaireachtaí tábhachtacha a bheith tugtha  maidir leis an mbulaíocht ar líne, an brú comhaoise agus an tslí a bhfuiltear róthoghta le barúil daoine eile ar líne, agus d’fhéadfadh sé a bheith cniotáilte leis an drámatúlacht. Níor deineadh sin. Seo táirge dírithe ar ghlúin na n-ordóg ‘Like’ ach níl sé leath chomh léargasach agus cumhachtach is a d’fhéadfadh sé a bheith.