Níl i leabhar ach litreacha ar leathanaigh, an léitheoir a bhainfidh ceol as

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní hionann an bhrí a bhainfidh aon bheirt as an scéal céanna, agus is cuma

Níl i leabhar ach litreacha ar leathanaigh, an léitheoir a bhainfidh ceol as

Ní minic a dhéanaim tagairt dá mbíonn á rá sna boscaí tráchta faoi bhun mo chuid colún, ach is é an chaoi gur spreag teachtaireacht a d’fhág léitheoir faoi bhun eagrán na seachtaine seo caite de ‘Léamh agus Scríobh’ colún na seachtaine seo.

Is éard a bhí faoi chaibidil agam i gcolún na seachtaine seo a chuaigh thart ná nach ionann, riamh, an bhunfhís a bhíonn ag scríbhneoir de thogra scríbhneoireachta a bheadh idir lámha aige agus an toradh críochnaithe. Seo a bhí le rá ag an scríbhneoir agus blagálaí Mise Áine:

‘…bainfidh an léitheoir ‘tuiscint an léitheora’ as an saothar atá á léamh aige/aici, is cuma cén bhunfhís a bhí ag an scríbhneoir.’

Tá sé sin fíor, leis. Is cuma, ar bhealach, cén bharúil a bhíonn ag scríbhneoir dá shaothar féin tar éis a fhoilsithe agus is cuma mura dtagann an saothar críochnaithe leis an mbunfhís a bhí aige. Bainfidh na léitheoirí a dtuiscint féin as, cibé – agus ní bheidh an léamh ceannann céanna ar an scéal ag léitheoir ar bith.

Ba léir dom sin nuair a bhí mé i mbun poiblíochta do m’úrscéal nua An Tearmann le deireanas. Casadh léitheoir orm ag ceann de na hócáidí poiblíochta a mheas gur duine ‘i bhfad níos ealaíonta’ a bhí i bpríomhcharachtar an úrscéil, Eoin, ná an boc atá le feiceáil sa ghrianghraf ar chlúdach an leabhair. Ní aidiacht í ‘ealaíonta’ a roghnóinn féin le cur síos ar Eoin ná ar na héadaí a chaitheann sé (cé gur duine é, dar liom, a bhfuil tuiscint áirithe aige ar chúrsaí faisin), ach is cuma: tá cead ag chuile léitheoir a thuiscint féin a bhaint as scéal.

Ar ndóigh, is féidir leis an údar tionchar mór a imirt ar an íomhá a chruthóidh an léitheoir ina aigne féin de charachtar ar bith, agus ba cheart. Ba cheart don scríbhneoir a bheith beacht agus samhlaíoch ina chur síos: go mion minic b’fhearr “gruaig ar dhath na tuí”, nó “ar dhath an ghainimh”, nó fiú “ar dhath císte cáise líomóidí” ná “gruaig fhionn”.

Ach ní bheidh smacht ag an scríbhneoir riamh ar na ceangail a dhéanfaidh an léitheoir ina aigne ar léamh an scéil dó. Mheabhródh “gruaig ar dhath na tuí” dlúthchara do léitheoir amháin; mheabhródh an cur síos céanna an namhaid is measa aige do léitheoir éigin eile. 

Ar an gcaoi chéanna, beidh léamh iomlán éagsúil ar scéal grá ag léitheoir atá díreach tar éis titim i ngrá é féin agus ag léitheoir atá díreach tar éis briseadh suas le leannán. Beidh léamh iomlán éagsúil ar scéal faoin mbás ag léitheoir sna fichidí agus ag léitheoir a bhfuil na ceithre scór bainte amach aige.

Beidh léamh éagsúil ar an scéal ceannann céanna ag bean agus fear, ag duine díreach agus ag duine aerach, ag léitheoir as ceantar tuaithe agus ag léitheoir as an gcathair.

Is cuma faoi sin.

Ní mar a chéile a léireodh dhá cheolfhoireann éagsúla an siansa céanna le Mozart ach an oiread.

Agus sin é go deimhin an tsamhail is fearr a chuala mé riamh do cad is leabhar ann, dáiríre: níl ann ach litreacha ar leathanach. Is é an léitheoir a bhainfidh ceol as.

Ach d’fhéadfadh sé – ag brath ar na difríochtaí inscne, aoise agus sóisialta idir an bheirt gur mór idir an ceol a chuala an scríbhneoir agus é i mbun pinn, agus an ceol a chloisfidh an léitheoir agus é i mbun léitheoireachta.

Fág freagra ar 'Níl i leabhar ach litreacha ar leathanaigh, an léitheoir a bhainfidh ceol as'

  • Mise Áine

    @ ‘Is é an léitheoir a bhainfidh ceol as.’

    Go díreach glan ceolmhar!