Níl eolas dá laghad ag an Roinn Oideachais le tabhairt faoi Aonad Gaeltachta a bhí le bunú ag tús na bliana

Ní bhfuair Tuairisc.ie aon fhreagra fós ar cheisteanna faoi bhunú agus chlár oibre an Aonaid nua

Níl eolas dá laghad ag an Roinn Oideachais le tabhairt faoi Aonad Gaeltachta a bhí le bunú ag tús na bliana

Níl an Roinn Oideachais sásta a rá cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an tAonad nua Gaeltachta bunaithe faoi mar a gealladh ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán an Oireachtais an bhliain seo caite.

Gealladh ag an gcruinniú a reáchtáladh an mhí seo caite go n-ainmneofaí an ceathrar a bheadh ag obair san Aonad nua faoin Nollaig agus go mbunófaí an tAonad an chéad seachtain de 2017.

Tá an tAonad Gaeltachta le bunú leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta, a seoladh an fómhar seo caite ar an gCeathrú Rua, a chur i bhfeidhm.

D’iarr Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais deich lá ó shin cé acu an ndeachaigh nó nach ndeachaigh foireann an Aonaid i mbun oibre ag tús na míosa mar a gealladh. Cuireadh ceist ar an Roinn chomh maith faoi cá raibh oifig an Aonaid lonnaithe agus cé hiad na daoine a bhí fostaithe ann. Ní bhfuair Tuairisc.ie aon fhreagra ar na ceisteanna seo agus nuair a iarradh an t-eolas an athuair, tugadh le fios dúinn nach raibh sé ar chumas na Roinne na ceisteanna sin a fhreagairt faoi láthair.

Dúradh ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais i mí na Nollag gur in oifigí na Roinne Oideachais i mBaile Átha Luain a bheadh an tAonad lonnaithe agus go mbeadh ceathrar, atá fostaithe ag an Roinn cheana féin, ag obair ann.

Nuair a rinne Tuairisc.ie teagmháil le hoifigí na Roinne i mBaile Átha Luain, ní raibh eolas ar bith ag an bhfáilteoir faoi Aonad Gaeltachta a bheith lonnaithe ann.

Chun an polasaí nua Gaeltachta a chur i bhfeidhm a bhí an tAonad le bunú agus cuirfear seirbhís sainchigireachta ar bun le tacú leis an Aonad sin monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an pholasaí.

Tá imní léirithe cheana féin ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeloideachais faoin leagan amach a bheidh ar an Aonad nua.

Le linn cruinniú eile de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais an mhí seo caite, chuir Leas-Uachtarán na heagraíochta Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir, ceisteanna faoin mbealach a n-oibreodh an tAonad nua Gaeltachta.

“Ba mhaith linn go mbeadh tuiscint níos fearr againn ar an Aonad Gaeltachta. Cé a bheidh [ag obair] ann? Céard iad na dualgais a bheidh orthu? Ba mhaith linn go mbeadh ceannasaíocht láidir san Aonad sin, agus go mbeadh tuiscint ar leith acu ar an oideachas Gaeltachta agus ar scoileanna Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dúirt daoine eile a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais Gaeltachta agus lán-Ghaeilge le Tuairisc.ie go gcaithfí a bheith cinnte gurbh í an Ghaeilge teanga oibre an Aonaid nua agus go mbeadh saineolas acu siúd a bheidh ag obair ann ar an ngaeloideachas.

Thug an Roinn Oideachais le fios d’Oifig an Choimisinéara Teanga roinnt blianta ó shin nach raibh a ndóthain Gaeilge ach ag 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne lena gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge.

Tugadh le fios ag deireadh na bliana seo caite gur daoine a bhí ag obair sa Roinn cheana a bheadh i mbun an Aonaid nua Gaeltachta.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie anuraidh, ní raibh oiread agus post amháin sainaitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar phost a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dó.

Fág freagra ar 'Níl eolas dá laghad ag an Roinn Oideachais le tabhairt faoi Aonad Gaeltachta a bhí le bunú ag tús na bliana'