‘Níl dóthain airgid ann don phleanáil teanga’ – Roinn na Gaeltachta

Níl sé d’acmhainn ag Údarás na Gaeltachta a dhualgaisí pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta a chomhlíonadh a mhaíonn aighneacht réamhbhuiséid Roinn na Gaeltachta

udaras_051-1024x681

Ní bheidh sé d’acmhainn ag Údarás na Gaeltachta a dhualgaisí pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta a chomhlíonadh d’uireasa breis maoinithe.

Tugtar le fios san aighneacht réamhbhuiséid a d’ullmhaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don Rialtas nach mbeadh ar chumas an Údaráis na costais a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga a íoc gan breis airgid a fháil sa Bhuiséad.

Níor tugadh aon mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2015.

Tá €850,000m luaite ag an Údarás mar chostas ar an bpróiseas pleanála teanga don bhliain 2015.

De réir aighneacht réamhbhuiséid na Roinne, níl dóthain airgid ag an Údarás chun tabhairt i gceart faoi chúram na pleanála teanga.

“The Údarás budget has been reduced significantly year on year and they have indicated that they would be unable to meet this additional cost without additional resources being provided,” a deir aighneacht na Roinne a cuireadh faoi bhráid an Rialtais.

Deir an Roinn chomh maith nach bhfuil sé ar a gcumas féin teacht ar bhreis maoinithe don Údarás le caitheamh sa réimse seo.

€550,000m an buiséad iomlán a bheidh le caitheamh ag Roinn na Gaeltachta i 2015 ar fheidhmiú an Straiteis 20 Bliain don Ghaeilge

Tá an proiséas pleanála teanga mar chuid d’Acht na Gaeltachta agus ina dhlúthchuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faoin bpróiseas, tá sé i gceist plean teanga a ullmhú agus a chur i gcrích do 26 ceantar Gaeltachta, chomh maith le bailte agus ceantair eile ar fud na tíre.

Foras na Gaeilge atá freagrach as na pleananna teanga do na ceantair lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá tús curtha cheana ag Údarás na Gaeltachta le hobair na pleanála teanga i gceantair áirithe. I dtús na seachtaine seo, mar shampla, ghlac Fóram Cois Fharraige i gConamara le na tearmaí ón Údarás, faoina réiteofar plean teanga don cheantar sin. Suas le €50,000 a chuirfear ar fáil d’Fhóram Chois Fharraige chun plean teanga a réiteach.

 

Fág freagra ar '‘Níl dóthain airgid ann don phleanáil teanga’ – Roinn na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní theastódh an méid sin airgid leis na pleananna teanga a réiteach, dá ndéanfaí na ceantair sa Ghaeltacht nach labhartar Gaeilge iontu as an áireamh. Cur i gcéill atá ann a bheith ag cur plean teanga le chéile don cheantar thart ar Bhaile Chláir na Gaillimhe, taobh thoir de Chathair na Gaillimhe, amhail is go bhfuil aon bheocht fanta sa teanga ann. Obair fánach a bheadh ann chomh seafóideach le bheith ag caitheamh airgid ar obráid chostasach ar chroí duine nuair atá siad básaithe le píosa.

    Dá ndíreofaí ar Phleananna a chur le chéile dona ceantair ina bhfuil beocht sa teanga i gcónaí, seans go mbeidh a dhóthain airgid ann leis na pleananna a réiteach. Iad a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, sin ceist eile.