Níl deireadh ráite ná baol air faoi chúrsaí uisce, faoi thalamh ná os a chionn

Beidh uisce faoi thalamh, gabhaim mo leithscéal, ag cur as dúinn uilig ar feadh i bhfad, mar a léiríonn géarchéim Dhroichead Átha

Níl deireadh ráite ná baol air faoi chúrsaí uisce, faoi thalamh ná os a chionn

Muintir na háite ag líonadh buidéal le huisce i Ráth Tó. Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Maith dhom an cliché, a léitheoir dhil,

Ní easpa smaoinimh ná leisciúlacht a thug orm an leagan seanchaite a úsáid arís eile mar réamhrá ar scéal léanmhar Dhroichead Átha. Tá dlúthbhaint ag uisce faoi thalamh leis an ngéarchéim seo, agus le mórfhadhb náisiúnta nach bhfuil i ngiorracht réitigh fós.

Phléigh innealtóir uisce an ghéarchéim seo leis an scríbhneoir seo go gairid sarar fágadh breis agus 50,000 duine gan uisce i ndeisceart Lú agus in oirthear na Mí Dé hAoine seo caite. Ba bheag a bheann ar thuairisc choiste uisce an Oireachtais, a foilsíodh trí mhí ó shin.

“Níl aon vóta i gcúrsaí uisce, sin í an fhadhb,” arsa an t-innealtóir. “Is uisce faoi thalamh é dáiríre. Ní léir aon fhadhb atá ag bagairt go dtí go dteipeann ar an gcóras. Agus de ghnáth, ní léir an tairbhe a bhainfear as obair fheabhsúcháin ach oiread, toisc nach bhfuil ann ach saothar réamhchúraim – seachaint tubaiste seachas feabhas a dheimhníonn an chuid is mó de.”

“Is breá le Teachtaí Dála caiteachas feiceálach, ionas gur féidir leo a rá ‘féach an bóthar nua (nó scoil, nó droichead nó a leithéid) a tógadh a bhuí leis an mbrú a chuir mise ar an aire, agus mar sin de’.”

“Ach taobh amuigh de scéimeanna a theastaíonn chun soláthar lochtach a chur ina cheart, ní thugann Teachtaí Dala ná vótóirí aird ar bith ar fheabhsú an chórais uisce. I ngach áit eile, is ar uisce faoi thalamh, is é sin le rá uisce as amharc, a bhíonn mo leithéid ag caint. Níl aon spéis ag daoine i gcontúirt nach bhfeicfear go dtí go mbeidh sé ródhéanach.”

Ó phléasc príomhphíobán uisce in aice le Droichead Átha Dé hAoine seo caite, tugadh aird thar aon rud eile ar dheacrachtaí an phobail a fágadh cheal uisce de dheasca na pléisce. Ach tá rabhadh follasach tugtha le seachtain faoin mórshaothar práinneach a theastaíonn chun tubaistí den sórt céanna a sheachaint in áiteanna eile.

Tá píobáin uisce an stáit 63,000 ciliméadar ar fad. Tá “baol ard” ann faoi láthair, a dúirt bainisteoir acmhainní Uisce Éireann Seán Laffey Dé Céadaoin, go bpléascfaidh thart ar a deich faoin gcéad de na píobáin sin.

Am ar bith, cá bhfios cén áit, agus gan aon rabhadh a bheith tugtha roimh ré.

Tá an tír ag brath mar sin ar fhad 6,300 ciliméadar de phíopaí (fad atá comhionann le 100 turas ó Inis go Gaillimh) atá i mbaol pléascadh am ar bith.

Dá bpléascfadh nó dá mbrisfí mórphíobán i mBaile Átha Cliath nó sa cheantar máguaird, ní 50,000 a d’fhágfaí cheal uisce ach suas le 250,000.

Is féidir an dearcadh polaitiúil ar chúrsaí uisce a achoimriú mar seo:

Tá an chontúirt soiléir.

Tá an riachtanas athchóirithe soiléir.

Tá an córas nach n-úsáidfear (táillí uisce) chun íoc as soiléir.

Is é an tríú pointe thuas, an chomhthuiscint pholaitiúil faoin rud nach ndéanfar, a ghoilleann ar an innealtóir uisce. Measann Uisce Éireann go mbeidh ar an stát 700 milliún a chaitheamh ar feadh scór bliain ar a laghad, agus níl a meastachán séanta ag an rialtas.

“Dá ndéarfadh pluiméir leat,” a dúirt sé, “go mbeadh ort méid áirithe a chaitheamh ar obair dheisiúcháin, agus dá nglacfá lena mheastachán, bheadh comhthuiscint eadraibh gan mhoill faoin riachtanas, agus faoi phraghas na hoibre.”

Tá thart ar leathbhilliún euro á chaitheamh ar scéimeanna athchóirithe Uisce Éireann i mbliana, agus caiteachas €680 milliún beartaithe an bhliain seo chugainn.

Ach d’admhaigh an tAire Stáit Eoghan Murphy Dé Céadaoin nach bhfuil an caiteachas seo deimhnithe fós.

Dúirt sé freisin go raibh iarratas Uisce Éireann ar mhaoiniú stáit in iomaíocht le go leor iarratas eile.

Gheall an rialtas roimhe seo go gcuirfí reachtaíocht faoi mhaoiniú na hoibre faoi bhráid na Dála sa bhfómhar. Níl deireadh ráite ná baol air faoi chúrsaí uisce, faoi thalamh ná os a chionn.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.