‘Níl dada agam i gcoinne chinneadh OÉ Gaillimh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge’ – An tAire Oideachais

Mhol an tAire ‘fíorthiomantas’ OÉ, Gaillimh don teanga mar ‘fhoinse gach eolais a bhaineann leis an nGaeilge’ ach ‘Tadhg an dá Thaobhachas’ curtha ina leith ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta

‘Níl dada agam i gcoinne chinneadh OÉ Gaillimh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge’ – An tAire Oideachais

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton sa Dáil tráthnóna inné nach bhfuil “faic” aige “i gcoinne” chinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an Uachtaráin sa choláiste.

Agus an tAire á cheistiú ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly faoi chinneadh conspóideach na hollscoile, mhol sé lucht na hOllscoile sa Ghaillimh as a “bhfíorthiomantas” don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Bruton nach raibh aon amhras ann faoi dhílseacht an choláiste don teanga agus dá ról mar “the fountainhead of knowledge research capability in the Irish language”.

Luaigh Bruton na beartais éagsúla atá ar bun, dar leis, ag lucht údaráis na hOllscoile chun stádas na teanga inti a chosaint agus a chur chun cinn. Luaigh sé plean straitéiseach na hOllscoile don Ghaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i measc na mbeartas ar son na teanga atá á ndéanamh.

“I took the trouble to get a briefing on NUIG’s strategic plan. At the heart of that plan is a huge commitment to the Irish language and an ambition to become even more effective in using the university’s infrastructure to support the growth and spread of the language, particularly in the context of introducing integrated language,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur ghnó don Ollscoil féin a bhí sa chinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin agus nár bhain an cinneadh sin leis mar Aire. Dúirt sé gur glacadh an cinneadh ionas nach mbeadh aon bhac ar scoth na n-iarrthóirí ar fud an domhain cur isteach ar an bhfolúntas d’uachtaránacht na hollscoile a fhógrófar go luath.

“That is its entitlement. It is also fair to say that the university has not in any way flinched from its commitment to the Irish language,” a dúirt an tAire Oideachais.

Mhaígh sé nach bhfuil dearcadh sin na hOllscoile faoin bhfolúntas ag teacht salach ar an dualgas atá orthu maidir leis an nGaeilge.

“To be fair, NUIG is truly committed to its role as the fountainhead of knowledge research capability in the Irish language.”

Thug sé le fios nach raibh aon ní aige “i gcoinne” chinneadh na hOllscoile.

“The authority has made a decision that, in selecting the president, it wants to have the widest pool of potential candidates available to it. I have no objection to its decision in this regard.”

Ní mó ná sásta a bhí an Teachta Dála Catherine Connolly le freagra an Aire Bruton agus chuir sí ina leith nár thuig sé a ceist agus nach raibh ina fhreagra ach athrá ar liosta de bheartais de chuid na hOllscoile a bhí seolta aige chuici i litir cheana féin.

Dúirt Connolly, atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, go raibh “Tadhg an dá thaobhachas” ar bun ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, iad ag maíomh as a bheith ina n-ollscoil dhátheangach ar láimh amháin agus ag baint den stádas sin ar an láimh eile.

“Is teachtaireacht dhiúltach amach is amach í an cinneadh atá déanta ag an ollscoil, a maíonn gur ollscoil dhátheangach í. Má táthar ag caint faoi straitéis nó faoi phlean straitéise, agus ag an am céanna ag cur in iúl don domhain mór nach féidir uachtarán le Gaeilge a fháil, níl i gceist ach Tadhg an dá thaobhachas.

“Ar a laghad, ba cheart uachtarán a fháil a bheidh sásta an Ghaeilge a fhoglaim, cosúil liom féin agus le daoine eile sa Dáil seo,” a dúirt Catherine Connolly.

Fág freagra ar '‘Níl dada agam i gcoinne chinneadh OÉ Gaillimh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge’ – An tAire Oideachais'

  • Cormac

    Arís… náire uafásach tromchúiseach an méid sin a bheith ráite ag an Aire…. náire go gcuirtear suas leis an truflais mhaslach seo ó bhall de Rialtas na tíre…. Aire eile ag tabhairt a thacaíocht do chinneadh náireach maslach agus gear-radharcach Ollscoil na hÉireann Gaillimh freagracht ar Uachtarán na hOllscoile sin a bheith inniúil sa Ghaeilge…. náireach go gceadaítear do státseirbhísigh ag an leibhéal is airde iad féin a bhrú isteach i bpost ar nós an phoist mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta ag am atá chomh cinniúnach agus chomh leochaileach don Ghaeltacht…. ar ndóigh d’fhéadfaí a rá nach bhfuil na cinní ‘aonair/fánacha’ seo ceangailte le chéile in aonchor ach … ar ndóigh táid…. tugann na céimeanna diúltacha seo go léir buile agus gortú agus ísliú céime eile don Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge dá réir…. cathain atáimid chun stop a chur leis an maslú? Cathain atáimid chun a rá ‘Sin deireadh leis sin anois!… Éirígí as a lucht cáinte na Gaeilge agus fásaígí suas beagán! As ucht Dé/In ainm Chroim…. agus tosnaímis leis na meáin chumarsáide…..

    Cormac,
    Corcaigh