Níl cúis ar bith nach mbeadh an lá leis na Cúigí ar fad sa Pro 12

Cé go mbeidh Babhta 2 de chomórtas na Sé Náisiún faoi lán seoil an deireadh seachtaine seo beidh na Cúigí ag dul sa ghleo i mbabhta 14 den Pro 12

Níl cúis ar bith nach mbeadh an lá leis na Cúigí ar fad sa Pro 12

Cé go mbeidh Babhta 2 de chomórtas na Sé Náisiún faoi lán seoil an deireadh seachtaine seo, beidh clár iomlán cluichí á n-imirt sa Pro 12 freisin. I gCorcaigh a bheas na Muimhnigh, an fhoireann atá ar bharr an tábla, ag cur chun páirce i gcoinne Dragons na Breataine Bige, foireann atá sa 10ú háit ar an tábla agus 31 pointe níos lú acu.

Seans nach fiú a rá nach bhfuil fáil ar dhuine ná deoraí atá ag tuar bua do na cuairteoirí. Mar sin féin, caithfidh Cúige Mumhan a bheith cúramach de bharr easpa imreoirí agus iadsan ar dualgas idirnáisiúnta, ní hionann an cás ag na Dragons é. Mar sin féin, bua d’fhir an bhaile!

Sa mbaile freisin a bheas na hUltaigh (séú háit) agus iadsan i gcoinne Dhún Éideann (naoú háit). Cé gurb iad na hUltaigh rogha na coitiantachta agus go raibh Dún Éideann ag imirt go dona le gairid, beidh go leor imreoirí tábhachtacha ar iarraidh ó fhoireann Bhéal Feirste, leithéidí Paddy Jackson, Rory Best agus Iain Henderson. Mar sin féin níl cúis ar bith nach mbeadh an lá le Cúige Uladh.  Beidh siad in ann na pointí a thabhairt leo, ach fós féin, ach an oiread leis na Muimhnigh, caithfidh siad a bheith san airdeall. 

Beidh na Connachtaigh agus na Laighnigh as baile an Domhnach seo. Cluiche bog agus éasca ag na Laighnigh (tríú háit) i gcoinne Treviso (11ú háit). Tá an oiread imreoirí de chuid na Laighneach ar dualgas idirnáisiúnta gur foireann dara nó tríú rogha a bheas ag taisteal chun na hIodáile thar a gceann. Mar sin féin tá mise ag tuar bua dóibh.

Seans gur roimh fhir an iarthair atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo, iad sa mBreatain Bheag ag tabhairt faoi Caerdydd (seachtú háit) ar 27 pointe. Tá na Connachtaigh san ochtú háit ach tá siad sé phointe taobh thiar den fhreasúra.

Níl an brú céanna ar na Connachtaigh agus atá ar fhoirne eile maidir le himreoirí a bheith ar dualgas idirnáisiúnta, ach fós féin beidh a ndóthain le déanamh acu leis na pointí a thabhairt leo. Tá mé ag tabhairt seans dóibh ach mar sin féin caithfidh siad imirt níos fearr ná mar a d’imir siad go dtí seo sa Pro 12.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach mbeadh an lá leis na Cúigí ar fad sa Pro 12'