‘Níl córas na scéimeanna teanga ag obair, agus tabharfar córas nua isteach’ – Kyne

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i dTithe an Oireachtais tráthnóna go bhfuil sé i gceist aige córas nua a bheidh bunaithe ar rialacháin a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga

‘Níl córas na scéimeanna teanga ag obair, agus tabharfar córas nua isteach’ – Kyne

Tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit an Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil sé chun glacadh le moladh an Choimisinéara Teanga deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga, an córas atá ann le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.

Ghéill an tAire Stáit ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna “nach raibh córas na scéimeanna teanga ag obair” agus dúirt sé go dtabharfaí isteach córas nua a bheadh bunaithe ar rialacháin.

Dúirt an tAire Stáit chomh maith go bhfuil sé “soiléir” go bhfuil fadhb le polasaí earcaíochta na státseirbhíse i leith na Gaeilge agus go raibh sé “dóchasach” go dtiocfaí ar réiteach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí a chinnteodh go mbeadh “líon leordhóthanach” fostaithe le Gaeilge sa státchóras.

Ní fadhb í seo a réiteofaí thar oíche, a dúirt sé, ach ba chóir “breathnú uirthi mar chuspóir fadtéarmach”.

Thug an tAire Stáit le fios chomh maith go mbeadh dualgas feasta ar an Aire Gaeltachta liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú “gach bliain nó dhá bhliain”. Níl aon uasdátú déanta ar liosta na gcomhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta ó 2006.

Dúirt an tAire Stáit go mbeadh na hathruithe seo ar fad ar an reachtaíocht teanga sa bhille atá geallta le fada chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuirfear ceannteidil nua an bhille sin faoi bhráid Choiste Gaeilge an Rialtais ar an 15 Bealtaine agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais ina dhiaidh sin é, a dúirt an tAire Kyne.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill an mhí seo caite go raibh córas na scéimeanna teanga “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”.

Léirigh tuarascáil speisialta ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht Teanga, a d’fhoilsigh an Coimisinéir an mhí seo caite, gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.

De réir na tuarascála, rinneadh “cúlú” nó maolú ar ghealltanais in 52% den dara agus den tríú scéim teanga a aontaíodh le comhlachtaí poiblí in 2015 agus in 2016.

Mhol an Coimisinéir go ndéanfaí laghdú ar réimse feidhme na scéimeanna teanga, de réir a chéile, trí níos mó seirbhísí a rialú faoi chóras rialachán.

Ba é an toradh a bheadh air sin sa deireadh, a dúirt an Coimisinéir, ná caighdeáin chomónta seirbhíse a laghdódh “an t-ualach riaracháin” a bhaineann le haontú scéimeanna teanga aonaracha le comhlachtaí poiblí.

Faoin gcóras nua, atá molta ag an gCoimisinéir Teanga, dhéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí, bunaithe ar a dtábhacht agus ar an gcaidreamh atá acu leis an bpobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh, agus na caighdeáin is airde ó thaobh seirbhísí Gaeilge a éileamh ó na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.

Is minic córas na scéimeanna teanga cáinte ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus a réamhtheachtaí Seán Ó Cuirreáin.

Is cosúil go bhfuil deireadh i ndán anois don chóras sin agus córas nua le tabhairt isteach ag an Aire Kyne ina áit.

“Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin.  Ar an mbealach seo, d’fhéadfaí a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de, bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seribhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.  Ní hamháin go mbeadh an córas seo níos éifeachtaí ó thaobh cearta an tsaoránaigh a chosaint, ach laghdódh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontu scéimeanna teanga faoi láthair.

“Ar ndóigh, má tá rath le bheith ar a leithid de chóras, caithfear dul i ngleic le fadhb na hearcaíochta.  Tá sé soiléir go bhfuil fadhbanna ann faoi láthair agus creidim go láidir go gcaithfear méadú a chur ar líon na bhfostaithe stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fail trí Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta,” a dúirt Seán Kyne.

Fág freagra ar '‘Níl córas na scéimeanna teanga ag obair, agus tabharfar córas nua isteach’ – Kyne'

  • Gearóid

    “Ní fadhb í seo a réiteofaí thar oíche, a dúirt sé, ach ba chóir “breathnú uirthi mar chuspóir fadtéarmach”.

  • Mánus

    Tosaigh scéim pīolotach i nGaillimh agus faigh oifigigh le Gaeilge agus foirmeacha dhátheangacha nó aonteangacha in Intreo,ospidéil, oifig cánach srl