Níl ‘ciall’ ar bith leis an Stát a bheith ag moladh pleananna teanga agus ag fostú daoine gan Ghaeilge – an Coimisinéir

Deir an Coimisinéir go léiríonn cás na bpost ag calafort Ros an Mhíl i gConamara agus ag cuan an Daingin i gCiarraí an gá le foráil shoiléir sa reachtaíocht go gcaithfidh Gaeilge ar a thoil a bheith ag aon duine a fhostaíonn an Stát sa Ghaeltacht

Níl ‘ciall’ ar bith leis an Stát a bheith ag moladh pleananna teanga agus ag fostú daoine gan Ghaeilge – an Coimisinéir

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach ndéanann sé aon chiall go mbeadh an Stát ag iarraidh ar mhuintir na Gaeltachta pleananna teanga a ullmhú gan a chinntiú go bhfuil fostaithe an Stáit féin sa Ghaeltacht in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt an Coimisinéir an méid sin agus é faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin scéal go bhfuil dhá phost Gaeltachta fógartha ag an Roinn Talmhaíochta agus gan aon riachtanas Gaeilge ag dul leo.

“Ní dhéanann sé aon chiall d’aon duine a bheadh ag breathnú isteach ón taobh amuigh go mbeadh na pobail ag ullmhú plean ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga amach anseo agus ar an taobh eile den scéal go mbeadh an Stát ag rá, ‘Fair play daoibh as plean teanga a chur le chéile, ach dála an scéil níl muide chun a chinntiú go bhfostófar duine le Gaeilge atá ag oibriú thar ceann an Stáit sa limistéar céanna,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir gur léirigh cás na bpost ag calafort Ros an Mhíl i gConamara agus ag cuan an Daingin i gCiarraí an gá le foráil shoiléir sa reachtaíocht go gcaithfidh Gaeilge ar a thoil a bheith ag aon duine a fhostaíonn an Stát sa Ghaeltacht.

Mura ndéanfaí iarracht a chinntiú go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit sa Ghaeltacht, bheadh a leithéid “ag dul glan in aghaidh” pholasaí teanga an Stáit, go háirithe i dtaobh na pleanála teanga, a dúirt sé.

“Luíonn sé le réasún, má tá an Stát ag rá go gcaithfidh na pobail plean teanga a chur le chéile, cén fáth nach mbeadh an Stát ag rá, tá muide chun seasamh libh, táimid chun chuile iarracht a dhéanamh a chinntiú go mbeidh na hoibrithe stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge nó ag cur seirbhís ar fáil trí Ghaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Tá conspóid mhór ann ó tuairiscíodh an tseachtain seo gur fhógair an roinn post d’Oibrí Ginearálta ag calafort Ros an Mhíl agus gan aon riachtanas Gaeilge ag dul leis agus tuairiscíodh inniu go bhfuil an dara post dá leithéid i gceist – ag cuan an Daingin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Tá fógra na Roinne Talmhaíochta cáinte ag Roinn na Gaeltachta, ag Údarás na Gaeltachta, ag an Aire Stáit sa Roinn Pobail agus Tuaithe, Seán Kyne agus ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra.

De réir na gcáipéisí eolais a bhaineann leis na poist sa Daingean agus i Ros an Mhíl, tá sé riachtanach go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid a dhéanamh ‘go héifeachtach’ i mBéarla, ach níl an riachtanas céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi mhír eile seachas ‘Essential Requirements’ a thagraítear don Ghaeilge agus tugtar le fios sa bhileog eolais faoi na poist go bhfuil ‘an ability to communicate effectively in Irish’ i measc na ‘desirable requirements’.

As an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu.  D’fhág sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos túisce i mbliana nach raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.

Fág freagra ar 'Níl ‘ciall’ ar bith leis an Stát a bheith ag moladh pleananna teanga agus ag fostú daoine gan Ghaeilge – an Coimisinéir'

  • Dónal Ó Céilleachair

    Níl ciall ar bith leis. Tá sé amaideach agus gearr- radharcach.