Níl ceist na Gaeilge ina ceist náisiúnta níos mó agus is geall le toil tost

Léirigh scéal na Gaeilge sa Daonáireamh go paiteanta dúinn athuair nach ceist náisiúnta í ceist na Gaeilge a thuilleadh

Níl ceist na Gaeilge ina ceist náisiúnta níos mó agus is geall le toil tost

Tá nach mór trí seachtaine ann ó foilsíodh torthaí Dhaonáireamh 2016 a léirigh gur tháinig laghdú 11% le cúig bliana anuas ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.

Ba ‘údar díomá’ agus ‘údar imní’ na torthaí acu siúd a mbeifeá ag súil go mbeadh a leithéid ina ‘údar díomá’ agus ina ‘údar imní’ acu.

Eisíodh roinnt ráiteas.

Dúirt polaiteoir nó dhó gur léiriú a bhí ann ar fhaillí an rialtais i leith na teanga agus ar theip na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt polaiteoir nó dhó eile go raibh an Straitéis á cur i bhfeidhm agus go bhfeicfí a rian amach anseo.

Dúirt an Taoiseach féin le Tuairisc.ie go gcaithfimis ar fad treisiú ar ár “n-iarrachtaí ar son na Gaeilge” i bhfianaise na dtorthaí.

Bhí dóchas aige go mbeadh “tionchar dearfach ar staid reatha na Gaeilge sa tréimhse atá romhainn” ag na polasaithe atá faoi láthair ann.

Deineadh anailís ar na figiúirí ar an suíomh seo agus pléadh chomh maith iad ar na meáin Ghaeilge eile.

Ach seachas an méid sin, deineadh neamhscéal den fhianaise is déanaí seo ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Is fearr, b’fhéidir, a thuigfear na cúiseanna leis an laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht de réir mar a thiocfaidh tuilleadh eolais ina thaobh ón CSO, ach, idir an dá linn, léirigh scéal na Gaeilge sa Daonáireamh go paiteanta dúinn athuair nach ceist náisiúnta í ceist na Gaeilge a thuilleadh.

Is mar sin atá le tamall maith de bhlianta anois, ach ba dhóigh leat go raibh an scéal seo tromchúiseach a dhóthain chun go dtabharfadh na meáin Bhéarla aird air.

Ar an mórgóir, níor chuireadar suim dá laghad ann, agus ní hiadsan amháin a ghéill do pheaca na faillí.

Níor deineadh ach cúpla nóiméad cainte faoi na torthaí sa Dáil agus mhaígh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur cúrsaí imirce ba chúis leis an laghdú i nDún na nGall, amhail is gur leor sin mar mhíniú ar an laghdú 15.8% ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa cheantar Gaeltachta sin.

Bhí ráitis na n-eagraíochtaí Gaeilge féin patuar go maith agus iad ar a ndícheall, shílfeá, ag seachaint focal amhail ‘géarchéim’ nó ‘éigeandáil’ a rá ar eagla go gcuirfí síos dóibh gur dream duairc ar bheagán dóchais iad.

An té a bhí ag súil le ráiteas láidir nó moladh radacach nua nó an cruinniú éigeandála féin, bhí fuar aige.

Is geall le toil tost sa chás seo, agus, ach an oiread leis an Taoiseach, is léir go gcreideann lucht na n-institiúidí agus na n-eagraíochtaí teanga go ndéanfaidh an cur chuige atá faoi láthair acu an beart.

Ba mhór idir seo ar fad agus an méid a tharla sa Bhreatain Bheag nuair a léirigh figiúirí daonáirimh sa tír sin in 2011 go raibh laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Breatnaise.

A leithéid de ghíoscán fiacla.

Bhuail Céad-Aire na Breataine Bige láithreach le Cymdeithas yr Iaith chun impleachtaí thorthaí an daonáirimh a phlé leo agus fógraíodh go ndéanfaí scagadh feasta ar gach cinneadh caiteachais de chuid an rialtais féachaint cén lorg a d’fhágfadh sé ar chúrsaí teanga.

Chuir Cymdeithas yr Iaith féin cáipéis faoi bhráid an rialtais inar moladh 26 beartas nua teanga.

Chuir an Céad-Aire tús láithreach chomh maith le ‘Y Gynhadledd Fawr’ (An Comhrá Mór) a raibh sé mar aidhm aige muintir na Breataine Bige ar fad ‘a thabhairt le chéile’ chun go bpléifí conas dul i ngleic leis an laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise.

Anois, ní haon pharthas pleanála teanga í an Bhreatain Bheag agus neosfar amach anseo cé acu an raibh nó nach raibh rath ar na hiarrachtaí tarrthála teanga a cuireadh ar bun sé bliana ó shin sa tír sin.

Ach murab ionann agus cás na Gaeilge i nDaonáireamh 2016 abhus, deineadh scéal tábhachtach náisiúnta de chás na Breatnaise i ndaonáireamh 2011 thall agus baineadh úsáid sa Bhreatain Bheag as na torthaí i leith na teanga mar uirlis phleanála, ceann de na feidhmeanna is mó a shamhlaítear le daonáireamh ar bith.

Bhí ‘Comhrá Mór’ ann sa Bhreatain Bheag in 2011. Ní raibh i nglór na nGael in 2017 ach cogar beag.

20 bliain féin ó shin bheadh a mhacasamhail de scéal tromchúiseach faoin nGaeilge ar leathanaigh tosaigh na nuachtán náisiúnta agus i measc phríomhscéalta an lae ag na craoltóirí ar fad.

Scéal thairis a bhí ann trí seachtaine ó shin sna háiteanna sin ar luadh in aon chor é.

Is ar éigean go ndéanann an t-aos polaitiúil fiú iarracht ligean orthu féin níos mó gur ceist náisiúnta í ceist na Gaeilge agus is amhlaidh an scéal ar fud an státchórais.

Cad ina thaobh an tost, mar sin?

Mar gur cuma leo, an freagra pras ar an gceist sin, is dócha.

Ach más ea, nach bhfuil cuid den locht chomh maith ar na hinstitiúidí agus na heagrais teanga a bhfuil sé i measc na gcúram atá orthu a chinntiú go mbeadh ceist na Gaeilge ina ceist náisiúnta.

Is gá an tost a scagadh.