Níl caint Theresa May chomh doiléir sin. Breatimeacht chrua atá uaithi

Ná déan talamh slán de gur i gceann cúpla bliain is mó a dhéanfaidh Brexit dochar

Níl caint Theresa May chomh doiléir sin. Breatimeacht chrua atá uaithi

Glactar leis go forleathan sa tír seo nach bhfuil tuairim ag rialtas na Breataine cén sórt Brexit a theastaíonn uathu, ach b’fhearr a admháil go bhfuil meon rialtas Theresa May níos soiléire ná mar a deirtear abhus.

Breatimeacht chrua atá uaithi. Níl na briathra ráite ag an bpríomhaire, ach tá an fhianaise faoina meon soiléir. Sainmhíniú i dtosach

BREATIMEACHT CHRUA: aistarraingt ghasta iomlán na Breataine ón AE, agus ón Margadh Eorpach Aonair, agus ó aontas custaim an AE. Ní cheadóidh aistarraingt dá leithéid socrú trádála speisialta ar bith leis an Ríocht Aontaithe, sa ghearrthéarma pé scéal é.

Cuireann Theresa May béim ina ráitis ar dhá bhunéileamh ag an mBreatain – smacht ar inimirce, agus neamhspleáchas ón gCúirt Eorpach – agus í ag caint ar an ‘margadh’ a dhéanfar leis Aontas Eorpach. Níl ‘margadh’ mar seo ar fáil.

Dúirt Angela Merkel arís Dé Luain nach féidir leis an mBreatain rogha a dhéanamh idir na bunphrionsabail a rialaíonn an Margadh Eorpach Aonair (saorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí). Bheadh ‘toradh tubaisteach’ ar shocrú ina ngéillfí maidir leis na prionsabail sin, a dúirt sí, agus ní ghlacfaí lena leithéid.

Tá Theresa May agus airí rialtais eile i Londain ag caint amhail is gur faoin mBreatain atá sé cibé socrú iar-imeachta a roghnú. Chuir Merkel i gcuimhne dóibh arís nach mbeidh socrú áisiúil dá leithéid (don Ríocht Aontaithe) á thairiscint ag ballstáit an AE.

Léiríodh an dochar atá á dhéanamh abhus ag Brexit, fiú sula gcuirtear i bhfeidhm é, sa tuairisc a d’fhoilsigh an Bord Bia Dé Céadaoin. Tháinig laghdú a ocht faoin gcéad (thart ar 570 milliún) ar luach ár n-easpórtálacha talmhaíochta chun na Breataine anuraidh mar gheall ar dhíluacháil sterling in aghaidh an euro.

Níl sa laghdú 570m seo ach sampla amháin den laghdú ar ár dteacht isteach náisiúnta, sula ndéanann Breatimeacht dochar ar bith dáiríre.

Ar ndóigh beidh bia ón taobh amuigh ag teastáil i gcónaí ón Ríocht Aontaithe – níl feirmeoirí na tíre sin ábalta freastal ach ar 60 faoin gcéad den riachtanas.

Rachaidh sciar mór dár n-easpórtálacha bia chun na Breataine i gcónaí mar sin. Ach is dóichí ná riamh anois go n-íocfaidh feirmeoirí ar an dá thaobh den teorainn praghas nach beag as an ré nua.

Aon ábhar dóchais, a deir tú? Tá gan dabht, toisc go bhfuil am ag gach gnó Éireannach tabhairt faoin leigheas is fearr ar an gcontúirt. Gach euro a thuillfear feasta ar mhargadh nua, seachas margadh na Breataine, beidh sé slán ón luach-chreimeadh a bhainfidh le heaspórtáil chun na Breataine.

Ach ná déan talamh slán de gur i gceann cúpla bliain a dhéanfaidh Brexit a thuilleadh dochair. Ní gá ach cuimhneamh ar na foláirimh seo a leanas a tugadh le gairid:

Breatimeacht chrua: a theastaíonn ó Theresa May, a dúirt an t-iarThaoiseach Bertie Ahern Dé Céadaoin. Bhí meon an Phríomh-Aire soiléir, a dúirt sé, ón méid a dúirt sí le linn agallaimh ar Sky News Dé Domhnaigh seo caite.

Breatimeacht áiféiseach? Tá airí rialtais sa Bhreatain ag plé roghanna iar-imeachta nach ann dóibh in aon chor, dar le hAire Airgeadais na hÍsiltíre Jeroen Dijsselbloem, ar uachtarán é freisin ar limistéar an euro.

Breatimeacht ghasta? Nuair a thosóidh comhráite faoi Bhreatimeacht, cuirfidh príomhionadaí an AE, Michel Barnier ‘bille imeachta’ idir 40 billiún agus 70 billiún ar an mbord. Scríobh Gideon Rachman sa Financial Times go spreagfaidh cibé costas a luafar conspóid a chuirfidh brú ar Theresa May aistarraingt iomlán gan mhoill a fhógairt.

Chiallódh aistarraingt mar seo Breataimeacht faoi cheann bliana, b’fhéidir. Bímis san airdeall ar fhaitíos na bhfaitíos.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon