‘Níl ar bun ag ‘colonials’ na scannánaíochta in Éirinn anois ach aithris ar stuif Hollywood’ – Bob Quinn

Cothrom an ama seo dhá scór bliain ó shin bronnadh deontas scripte ar Bob Quinn leis an gcéad fhadscannán Gaeilge a dhéanamh

Cothrom an ama seo dhá scór bliain ó shin d’fhógair an Chomhairle Ealaíon go mbronnfaí deontas scripte, an chéad deontas dá leithéid, ar an scannánaí Bob Quinn leis an scannán Poitín a dhéanamh. Ba é Poitín an chéad fhadscannán a rinneadh i nGaeilge riamh. Scaip Cartlann RTÉ agallamh a rinneadh le Quinn le Nuacht RTÉ faoin scannán, nach raibh déanta fós, i 1977.

Dúirt Bob Quinn le Tuairisc.ie inné gur maith is cuimhin leis an lá ar ghlaoigh oifigeach de chuid na Comhairle Ealaíon air dhá scór bliain ó shin lena rá go raibh an deontas ceadaithe do Poitín agus go raibh an scannán le déanamh.

“Ba é Colm Bairéad, nach maireann, a cheap an bunsmaoineamh don scannán. Thug Colm dráma a scríobh sé do chomórtas liteartha an Oireachtais dar teideal Síbín na mBileoga Báite dom agus thug sé cead dom an script sin a fhorbairt don chomórtas a bhí ag an gComhairle Ealaíon. Bhí sé sona sásta nuair a chuala sé an scéala gur bhuaigh an script sin agus go ndéanfaí fadscannán dá bhunsmaoineamh,” a dúirt Quinn.

Is minic a adhartar Poitín mar cheann de na scannáin is tábhachtaí a rinneadh ag tús ré na scannánaíochta Gaeilge, ach dúirt Quinn gur thábhachtaí i bhfad, an scannán a rinne sé cúpla bliain sular scríobhadh an script do Poitín.

“Ba é Caoineadh Airt Uí Laoghaire an chéad scannán a rinneadh i nGaeilge dáiríre, ach tá snobbery ag baint leis an 16mm. Is 35mm a bhíonn ann go hiondúil don rud atá le taispeáint i bpictiúrlann, ach ba ar 16mm a rinneadh Caoineadh Airt Uí Laoghaire, mar ba don teilifís a rinneadh é. Bhí sé níos tábhachtaí ná Poitín, mar sin féin.

“An rud faoi Poitín, ná gurbh é an chéad fhadscannán Gaeilge ar cuireadh fotheidil faoi i mBéarla — i bhfad roimh TG4. Nuair a bhí mé ag déanamh an scannáin, an teoiric a bhí ann ná gur cheart go mbeadh an cultúr saibhir seo ar fáil do mhuintir na Galltachta freisin,” a dúirt sé.

Dúirt Quinn nach bhfuil suim dá laghad aige i saol na scannánaíochta in Éirinn sa lá atá inniu ann agus gur fíorbheagán scannán a dhéantar sa tír seo nach mbíonn ag déanamh aithrise ar mhórscannáin Mheiriceá.

“Níl á dhéanamh ach macasamhail de stuif Hollywood anois. Tugadh na colonials orainn riamh, in Éirinn, maidir le lucht féachana de. Bhí suim ag an lucht féachana i gcónaí sa rud a bhí ag teacht ó Hollywood, ach tá sé dulta níos faide anois agus is iad na scannánaithe atá ina colonials anois agus iad ag déanamh aithrise ar scannáin Hollywood.

“Cé nach bhfuil baint agam le saol na scannánaíochta anois, chuala mé ó léiritheoir teilifíse le déanaí go bhfuil TG4 ag fáil réidh leis an duine neamhspleách anois, nach bhfuil spás ann don léiritheoir aonair neamhspleách anois, agus go bhfuil an stáisiún ag díriú isteach ar chomhlachtaí móra. Is athrú mór é sin,” a dúirt sé.