BREXIT: ‘Faoi mhuintir oileán na hÉireann agus fúthu sin amháin atá sé…’

Níl aon teora leis an dochar a dhéanfaidh Brexit, i dTuaisceart Éireann, mar shampla

BREXIT: ‘Faoi mhuintir oileán na hÉireann agus fúthu sin amháin atá sé…’

Bhí sé d’ádh ar scríbhneoir an cholúin seo a beith i láthair agus síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta á cheiliúradh i Stormont i 1998. Ainneoin na ndeacrachtaí go léir nár réitíodh an lá sin, ainneoin an eascairdis nár mhaolaigh an Comhaontú ach beagáinín, ainneoin gach rud, bhí síol an dóchais soiléir dá raibh i láthair.

Ach tá an chomhthuiscint Angla-Éireannach ar ar bunaíodh an Comhaontú* sin á cur i mbaol ag na hathruithe a leanfaidh Brexit. In alt 1 (ii) den rannán bunreachtúil den Chomhaontú, d’fhógair rialtais na hÉireann agus na Breataine:

…gur faoi mhuintir oileán na hÉireann agus fúthu sin amháin atá sé, trí chomhaontú idir an dá chuid faoi seach agus gan bac ón taobh amuigh, a gceart féinchinnidh a fheidhmiú…

Cuireadh dúshraith thábhachtach faoin gComhaontú – an comhaontú idir-rialtais a shínigh Bertie Ahern agus Tony Blair 18 bliana ó shin, inar dúradh:

Ós é a mian [is sin, mian an dá rialtas] tuilleadh forbartha fós a dhéanamh ar an gcaidreamh uathúil idir a bpobail agus ar an dlúthchomhar idir a dtíortha mar chomharsana cairdiúla agus mar chomhphártithe san Aontas Eorpach.

Thug Rialtas na Breataine geallúint freisin sa chomhaontú idir-rialtas, dá mba mhian le móramh ó thuaidh go mbeadh Tuaisceart Éireann mar chuid d’Éire aontaithe amach anseo, go dtabharfaidís faoi reachtaíocht i Westminster “chun éifeacht a thabhairt don mhian sin”.

Mar is léir ón dá shliocht thuas, gan trácht ar rannáin eile den Chomhaontú, tá an bonn nó cuid shuntasach de bainte den mhargadh stairiúil a rinneadh i 1998 mar gheall ar an vóta thall go rachfaí chun cinn le Brexit.

D’fhéadfaí a rá gan dabht nach bhfuil fadhb phráinneach le réiteach, toisc nach bhfuil seans ar bith ann go mbeidh móramh ó thuaidh i bhfabhar athaontú na tíre. Ach tá ábhair bhunúsacha eile á gcur sa meá ag Brexit.

Is dlúthchuid den Chomhaontú na forálacha a bhaineanna le hathaontú na hÉireann, agus a thairgeann comh-urraim do Náisiúnaithe agus d’Aontachtaithe. Ní ábhar teibí é seo ach riachtanas polaitiúil tábhachtach.

Rinne Brian Feeney cur síos ar an dochar atá ag bagairt ó thuaidh ina alt san Irish News Dé Céadaoin. Má chuireann rialtas na Breataine margadh a rinneadh go cúramach 18 mbliana ó shin i leataobh, arsa Feeney, neartófar easaontóirí poblachtánacha agus lagófar seasamh polaitiúil Shinn Féin. Anuas ar an dochar sin, cuirfidh cliseadh Breataineach eile ar chomhaontú fearg ar náisiúnaithe i gcoitinne sa Tuaisceart.

Cuimhnigh freisin nach comhaontú polaitúil amháin a bhí i gceist, ach conradh idirnáisiúnta idir dhá thír, a cláraíodh ó shin sna Náisiúin Aontaithe. Cuimhnigh freisin go bhfuil mórdheacrachtaí eile a bhaineann le cúrsaí an oileáin seo amháin (taisteal, inimirce agus gnó) le réiteach, gan trácht ar dheacrachtaí níos leithne.

Má fhágtar an díth céille atá i réim i Londain as an áireamh, ba bhreá le ceannairí ar fud na hEorpa dá bhféadfaí na fadhbanna a spreagfaidh Brexit a fhuascailt gan dochar polaitiúil agus eacnamaíochta a dhéanamh dá bharr. Faraor, is casta agus is contúirtí na deacrachtaí atá romhainn abhus.

B’fhéidir nár chóir dúinn a bheith ró-éadóchasach. Thagair an Taoiseach le gairid d’athaontú na Gearmáine i 1989 mar chineál eiseamláir. Ní hionann an dá chás ar ndóigh, ach múineann gá seift, uaireanta.

An léir léas dóchais do dhuine ar bith? Don Taoiseach féin b’fhéidir, mar gheall ar a thaithí Eorpach go háirithe. Mar a dúirt an t-aire stáit Eoghan Murphy Dé hAoine, tá go leor le rá ar son Enda Kenny a choimeád i gceannas go mbeidh na socruithe a bhaineann le Brexit déanta.

Is é sin le rá in 2019, ar a luaithe. An mbeidh Leo, Simon agus Paschal agus a lucht leanúna toilteanach a bheith foighdeach go dtí sin? Tá amhras ar mhórán.

* Tá na sleachta thuas ón gComhaontú sa leagan Gaeilge ar pháipéar atá i seilbh an údair. Tá leagan Béarla ar fáil ar líonláithreán na Roinne Gnóthaí Eachtracha www.dfa.ie.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'BREXIT: ‘Faoi mhuintir oileán na hÉireann agus fúthu sin amháin atá sé…’'

  • Eoin Ó Riain

    Nach aisteach an rud é nach bhfuil an leagan sa Teanga Náisiúnta ar shuíomh an Rialtais. Nod eile! Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga le déanaí (4/10/2016) “Tuigeann daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa mbaile go bhfuil fáilte rompu in áit a bhfuil an Ghaeilge feiceálach. Ar a mhalairt ansin, nuair nach bhfuil sé feiceálach, is as sin go n-eascraíonn na fadhbanna.”