‘Níl aon phost Gaeilge i mo roinn agus ní bheidh aon phost Gaeilge i mo roinn’ – freagraí na nAirí faoi chás na teanga sa státseirbhís

Léiríonn na freagraí a thug airí ar shraith nach mór 40 ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív orthu gur “cuma leis an Rialtas” go bhfuil “státseirbhís aonteangach anois againn”. Léirigh an anailís a rinne Tuairisc.ie ar na figiúirí nua, a bhaineann le 17 roinn rialtais, nach bhfuil ach 0.15%, nó níos […]

‘Níl aon phost Gaeilge i mo roinn agus ní bheidh aon phost Gaeilge i mo roinn’ – freagraí na nAirí faoi chás na teanga sa státseirbhís

Léiríonn na freagraí a thug airí ar shraith nach mór 40 ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív orthu gur “cuma leis an Rialtas” go bhfuil “státseirbhís aonteangach anois againn”.

Léirigh an anailís a rinne Tuairisc.ie ar na figiúirí nua, a bhaineann le 17 roinn rialtais, nach bhfuil ach 0.15%, nó níos lú ná an cúigiú cuid de aon faoin gcéad, de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur thug aire amháin “ar a laghad” léargas “macánta” ina fhreagra ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge sa státseirbhís – an tAire Stáit Cosanta, Paul Kehoe, a dúirt go neamhbhalbh nach bhfuil agus nach mbeidh aon phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis ina roinn siúd.

“Níl aon phost laistigh de mo Roinn atá aitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis agus níl sé beartaithe aon phost a aithint sa Roinn mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis,” a dúirt an tAire Paul Kehoe.

Dúirt an tAire Stáit Cosanta, a d’fhreagair an cheist thar ceann an Taoisigh, gur “beag caidreamh” a bhíonn ag a Roinn “leis an bpobal” agus gur “beag éileamh” a bhíonn “ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge” dá bharr.

Bhí an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe i measc na n-airí eile a dúirt nach bhfuil poist Ghaeilge daingnithe acu mar nach mbíonn aon éileamh ar sheirbhísí Gaeilge uathu.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i bhfeighil ar pholasaí an Rialtais maidir lena chinntiú go bhfuil dóthain daoine sa státseirbhís le seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. In ainneoin an dualgas sin a bheith ar a roinn, thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios gur ar bhonn ‘deonach’ amháin a chuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil inti.

“Níl aon ról aitheanta mar ról ina mbíonn inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas. Tá liosta de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge á chothabháil ag an Roinn agus cuidíonn siad leis na seirbhísí seo a chur ar fáil,” a dúirt Paschal Donohoe.

Thug Donohoe le fios gurb é an cur chuige ‘deonach’ céanna atá i gceist sa roinn eile atá faoina chúram, an Roinn Airgeadais.

“Níl sé mar dhualgas oifigiúil ar aon bhall foirne áirithe de chuid na Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í. Tá painéal deonach d’fhoireann na Roinne a bhfuil ar a gcumas seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge ar fáil sa chás go n-iarrtar í,” a dúirt an tAire Airgeadais.

Dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Katherine Zappone nach raibh sé i gceist ag a roinn poist Ghaeilge a aithint.

“Cé nach bhfuil tuilleadh pleananna ann faoi láthair chun breis foirne a earcú ó shruthanna Gaeilge, leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag déanamh measúnú ar a riachtanais i dtaobh seo,” a dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, an méid céanna le fios faoina roinn nuabhunaithe siúd.

“Níl aon phost sa roinn agus baint riachtanach ag an nGaeilge leis: aithníonn an roinn, áfach, an cúram [atá uirthi] chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tá roinnt daoine sa roinn agus is féidir leo déileáil le freagracht [sic] agus fiafraí [sic] trí Ghaeilge, de réir mar is gá,” a dúirt an tAire Ring.


19,795 post, 29 post Gaeilge – an státseirbhís ‘aonteangach’


Bhí an t-iarThánaiste agus iar-aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Frances Fitzgerald, i measc na n-airí eile a mhaígh gur beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí Gaeilge agus nach raibh aon rún ag a roinn poist ‘Ghaeilge’ a dhaingniú dá bharr.

“Toisc go bhfuil éileamh íseal ar sheirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge i mo Roinn, níl postanna daingnithe nó aitheanta ann ina mbeidh gá le Gaeilge.

“Dá bhrí sin, níl aon fholúntas le líonadh faoi láthair atá sainaitheanta mar cheann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis,” a dúirt an t-iarThánaiste.

Post amháin atá daingnithe mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis atá sa Roinn Sláinte, agus dúirt an tAire Sláinte Simon Harris nach raibh “aon fholúntas” eile dá leithéid ann faoi láthair.

Dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy go ndearna a roinn “imscrúdú” ar líon na bpost ina roinn a raibh líofacht sa Ghaeilge riachtanach dóibh, ach nár aimsíodh aon phost dá leithéid.

“Mar chuid dá Pleanáil d’Fhórsa Saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht faoi leith sa Ghaeilge ag teastáil.  Fuarthas nach bhfuil poist den chineál sin sa Roinn, ag an am seo, agus dá bhrí sin níl aon phoist faoi leith ainmnithe le riachtanas dátheangach.

“Tá sé seo tugtha le fios don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.  Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta,” a dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy.

Post amháin a raibh líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh a bhí sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, a dúirt an tAire Shane Ross.

“Is é post an Oifigigh Gaeilge an t-aon phost amháin i mo Roinn a éilíonn inniúlacht sa Ghaeilge.  Tá roinnt ball foirne sa Roinn atá líofa i scríobh agus labhairt na Gaeilge taobh amuigh den phost seo.  Cuireann siad seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn deonach amháin.”

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, go léiríonn an anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar an eolas a fuair sé ó na ranna éagsúla go bhfuil “státseirbhís aonteangach anois againn” agus go bhfuil an Rialtas “ag ligean dó sin tarlú”.

Dúirt sé gur “teip iomlán” a bhí sa chóras earcaíochta a tugadh isteach in 2013 in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge.

Faoin gcóras nua tá na ranna in ainm is poist a mheastar riachtanas Gaeilge a bheith ag baint leo a aithint i scéim teanga nó ina bplean lucht saothair.

Faoin gcóras nua earcaítear ó phainéil daoine a bhfuil Gaeilge acu do na poist a dhaingnítear mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Dar le hÉamon Ó Cuív gur gá anois an córas sin a chaitheamh i dtraipisí agus “polasaí agus plean lárnach” a leagan síos.

“Níl polasaí ná plean acu agus an toradh atá ar an gcóras, dá bhféadfá ‘córas’ a thabhairt air, a thug siad isteach ná go bhfuil státseirbhís aonteangach anois againn. Aithníonn aon duine a bhíonn ag iarraidh plé a dhéanamh leis na ranna i nGaeilge an méid sin. Ba cheart an méid sin a admháil agus plean gnímh ceart a chur i bhfeidhm láithreach.

“An rud atá ar siúl faoi láthair tá sé náireach. Ní féidir seirbhís cheart a chur ar fáil ar bhonn deonach. Dá mbeadh Francach ag obair i roinn éicint, an ndéarfaí go raibh an Roinn sin ag cur seirbhíse i bhFraincis ar fáil? Caithfear tosú as an nua agus éirí as an tseafóid seo é a fhágáil faoi na ranna a rá cé na riachtanais atá acu ó thaobh na Gaeilge. Caithfidh treoir teacht ón mbarr agus caithfidh polasaí lárnach a bheith ann a leagfadh dualgas soiléir orthu,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘Níl aon phost Gaeilge i mo roinn agus ní bheidh aon phost Gaeilge i mo roinn’ – freagraí na nAirí faoi chás na teanga sa státseirbhís'

  • Ruairí

    StátChóras aonteangach againn agus Bliain Bhréagach na Gaeilge tugtha mar bhronntanas ag an Chónradh do Fhine Gael. Comóradh 125 bhliain de theip. Níor chóir do aon duine gur cás leo todhchaī na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht seachas mar caitheamh aimsire i mBAC páirt a glacadh i sa “charade” a bheas ag Tionscal na Gaeilge i 2018.

  • Fiosrach

    Ach cé a thugann freagra ar na ceisteanna a chuireann Tuairisc.ie agus na meáin Ghaeilge eile ar na ranna sin? Meas sibh nár cheart daoibh níos mó ceisteanna a chur?

  • Seán Mag Leannáin

    Post amháin a raibh líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh a bhí sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, a dúirt an tAire Shane Ross.
    “Is é post an Oifigigh Gaeilge an t-aon phost amháin i mo Roinn a éilíonn inniúlacht sa Ghaeilge.”
    Is mór an t-ionadh go bhfuil an Ghaeilge de dhíth don phost seo fiú!

  • nora

    Bì ag iarraidh do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na ranna Stáit sin agus (a) cuirfear ar an méar fhada thú (b) níl a leithéid ar fáil (c) glaofar ar ais ort ! (d) beidh teanga labhartha acu a labhrann eanglais.

  • Braoin

    Níl riachtanas ar bith Gaeilge ann…
    Tá mé dátheangach buíochas le Dia na glóire… agus mara mbeinn ba fanta ag tiaráil in aghaidh dhoicheall na seirbhísí pobail a bheadh agus mé ag iarraidh aon bhlas a fháil déanta trí mheán ár dteanga féin anseo sa ngalltacht oifigiúil. Ba iomaí iarraidh a rinne mé ach bhí orm béarla a labhairt leo sa deireadh leis an jeab a fháil déanta ar chor ar bith…
    Cén t-ionadh é nach nach ann do na héilimh chéanna ar sheirbhísí i nGaeilge…

  • pádraig Ó floinn

    Tá sé soiléir dom-sa go bhfuil go bhfuil na h-aidhmeanna a chuir Cromwell roimhe a chur i gcrích, á ndéanamh ar a shon, acu siúd thuas i dTeach Laighin. Gan náire dá laghad orthu! An bhfuil aon rian den mórtas cine le braith ar aoinne acu? Dar leo, is leor an cúpla focal.

  • Seán Mag Leannáin

    An chuid is mó de na hoifigigh idirghabhála (liaison) leis an gCoimisinéir Teanga sna Ranna éagsúla níl Gaeilge líofa acu! Smaoinigh air – tá muid chomh dáiríre faoi chúrsaí Gaeilge sa Roinn s’againne nach gcuireann muid an stró orainn féin Gaeilgeoir amháin a aimsiú i measc na mílte fostaí anseo chun déileáil le hOmbudsman na Gaeilge i nGaeilge!