‘Níl dearcadh naimhdeach agam i leith na Gaeilge’ – Arlene Foster

Deir ceannaire an DUP go bhfuil sí i gcoinne Acht Teanga don Tuaisceart mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid agus ní mar go bhfuil dearcadh naimhdeach aici i leith na Gaeilge

‘Níl dearcadh naimhdeach agam i leith na Gaeilge’ – Arlene Foster

Deir ceannaire an DUP Arlene Foster nach bhfuil aon “naimhdeas” i gceist lena dearcadh i leith na Gaeilge agus go bhfuil sí i gcoinne Acht Teanga don Tuaisceart mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis.

Chuir Foster olc ar mhórán an tseachtain seo caite, nuair a dúirt sí nach dtacódh sí le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach mar gurb ionann Sinn Féin agus ‘crogaill’.

Ag tagairt di do cheist an Achta Teanga, dúirt an t-iarChéad-Aire, “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh”.

Chuir an ráiteas sin leis an aighneas ba chúis le titim Stormont, agus meastar gur iarracht ar an aighneas sin a mhaolú a bhí in alt a scríobh Foster don Irish News ag an deireadh seachtaine, alt inar labhair sí faoi cheist na Gaeilge.

Ag scríobh di ar an nuachtán náisiúnach, shéan ceannaire an DUP go raibh “doicheall” aici roimh náisiúnaithe agus poblachtánaigh agus dúirt sí gur “a mhalairt ar fad atá fíor”.

“In the last few months, for a range of reasons, the perception has grown that I am hostile to the interests of nationalist and republican people living in Northern Ireland.

“I take my share of responsibility for some people having cause to believe that but nothing could be further from the truth.”

Dúirt an t-iarChéad-Aire go raibh sé de cheart acu siúd atá “i ndáiríre” faoi lábhairt na Gaeilge an teanga a labhairt, ach mhaígh sí go raibh ceist pholaitiúil á déanamh de cheist na Gaeilge.

“However there can be no escaping the fact that some have politicised the language and if we are to move forward together we most do so from a position of mutual respect for each other’s cultures and traditions.”

Dúirt sí go raibh sí ag cur in aghaidh an Achta Teanga, ní mar go bhfuil sí naimhdeach  don Ghaeilge ach mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis an Acht. Dúirt sí go mb’fhearr an maoiniú a chaithfí ar an Acht a chaitheamh ar chúrsaí sláinte agus ar chúrsaí oideachais.

“My opposition to the political demand of an Irish Language Act is not based on a hostility to the Irish language but on potentially costly proposals which would guarantee Irish being treated as the same as English, affirmative action for Irish speakers in the civil service and the creation of criminal offences for failure to co-operate with a new Irish language commissioner.”

 

Fág freagra ar '‘Níl dearcadh naimhdeach agam i leith na Gaeilge’ – Arlene Foster'

  • donncha Ó hÉallaithe

    Nach breá an rud é go bhfuil ceist na Gaeilge i lár na coimhlinte ó thuaidh idir na páirtithe polaitíochta, aimsir toghgháin? Is ar éigean gur luadh ceist na Gaeilge le linn olltoghchán na Poblachta bliain ó shin. Sé an trua nach bhfuil aon pháirtí polaitíochta anseo ó dheas sásta tíocht amach to hoscailte agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le stádas bunreachtúil na Gaeilge nó le Gaeilge éigeantach sna scoileanna. Ar a laghad dhúiseofaí díospóireacht ar céard is fiú dúinn an Ghaeilge.

  • Seán Mag Leannáin

    Nach uirthi atá an muineál, ag iarraidh dallamullóg a chur orainn. An sean-phort arís … nílim i gcoinne na Gaeilge mar chaitheamh aimsire soineanta i measc diograiseoirí ach ná tabhair aon aitheantas nó stádas oifigiúil di nó fiú an t-aitheantas siombalach a fhaigheann sí sa Phoblacht.

  • Concubhar

    Arbh leithscéal é sin, nó masla in athuair?