‘Níl aon ghá d’fhoireann an Údaráis a bheith imníoch faoi athstruchtúrú na heagraíochta’ – Ó Cúláin

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go gcruthaíonn athruithe ‘míshuaimhneas agus imní’ ach go ‘dtiocfaidh an eagraíocht tríd trí chomhoibriú le chéile’

Steve Ó Cúláin. Pictiúr le Seán Ó Mainnín.
Steve Ó Cúláin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ta sé ráite ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta nach bhfuil “aon ghá d’fhoireann [an Údaráis] a bheith imníoch” faoi na hathruithe atá á ndéanamh ar struchtúr na heagraíochta.

Dúirt sé i litir a chuir sé chuig Tuairisc.ie “go bhfuil sé fíor go bhfuil próiseas fada ar siúl chun athstruchtúrú” a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta agus go gcruthaíonn athruithe mar iad “míshuaimhneas agus imní” ach go dtiocfaidh an eagraíocht tríd “trí chomhoibriú le chéile”.

“Níl aon ghá don fhoireann a bheith imníoch agus tá siad curtha ar an eolas faoi na céimeanna atá glactha agus a bheidh le glacadh sna cúpla mí amach romhainn. Tá comhoibriú na Roinne pléite agus aontaithe don chur chuige,” a dúirt Ó Cúláin.

Dúirt sé freisin go mbeidh Údarás na Gaeltachta agus an Ghaeltacht féin “níos láidre de thoradh na n-athruithe atá molta” agus nach gcuirfear as “do chearta éinne de bharr an phróisis athstruchtúraithe” atá idir lámha.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo inné go bhfuil sé curtha i leith bhainistíocht Údarás na Gaeltachta nach bhfuil “aon mheas” á léiriú acu “ar an bhfoireann dhílis ar a bhfuil siad ag brath”, go bhfuil “ísle brí ollmhór” i measc fhoireann na heagraíochta agus gur “níos measa atá sé ag éirí lá i ndiaidh lae”.

Bhí an méid sin i measc na líomhaintí atá déanta faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta ag baill foirne i meamram ceardchumainn atá curtha faoi bhráid Bhord Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.

Baineann an meamram leis an gcóras páirtnéireachta a bunaíodh idir lucht ceardchumainn agus bainistíocht na heagraíochta mar chuid den phróiseas athstruchtúraithe atá ar bun san Údarás faoi láthair.

Maítear sa mheamram go bhfuil an bhainistíocht anois meáite ar mholtaí maidir le hathstruchtúrú foirne a chur i bhfeidhm beag beann ar an gcóras páirtnéireachta agus ar thuairimí na foirne i dtaobh na n-athruithe.

Fág freagra ar '‘Níl aon ghá d’fhoireann an Údaráis a bheith imníoch faoi athstruchtúrú na heagraíochta’ – Ó Cúláin'