Níl aon ghá a fhiafraí dár gcolúnaí cén dá scór a d’ardaigh a chroí le seachtain anuas…

Léirigh dhá chluiche le seachtain anuas nár cheart géilleadh i gcónaí do lucht an éadóchais ná do na 'terrible selectors'

Pictiúr: ©INPHO

Níl aon ghá a fhiafraí cén dá scór a d’ardaigh mo chroí le seachtain anuas, ná aon duais á thairiscint as iad a ainmniú – gan dabht an phramsach a bhain Tomás Flynn as eangach Mhaigh Eo sa dara leath de chluiche leathcheannais Chonnacht idir iad féin agus Gaillimh ar Pháirc Mhic Éil agus an tseoid a fuair Robbie Brady le clár a éadain sna nóiméid dheireanacha den chluiche i gCraobh na hEorpa idir Éirinn agus an Iodáil i Lille san oíche Dé Céadaoin.

Mar a bhíonn le tuiscint ó mo chuid rámhaille táim ag éirí níos bréine den Premiership le himeacht gach séasúr agus mura mbíonn foireann na hÉireann san iomaíocht is beag suim a chuirim sna cluichí idirnáisiúnta féin – fós nuair a thrasnaigh iarracht an Bhrádaigh an líne tháinig aiféala orm nach raibh an tolg fágtha i mo dhiaidh agam agus mé i lár na tine bhruite sa Stade Pierre-Mauroy.

Grand Stade Lille Métropole a tugadh ar an áit sin nuair a osclaíodh é in 2012, ach ar a bhás i lár na bliana dár gcionn ainmníodh é in ómós do mhéara na cathrach agus don fhear a bhí ina Phríomhaire ar an bhFrainc idir 1981-1984. Stadio Robbie Brady a thabharfar sa tír seo feasta air!

Ba é siúd ar ndóigh laoch an tráthnóna. Thug an t-ardmholadh a fuair sé agus a bhí tuillte go maith aige deis dúinne a raibh iontas curtha orainn ag an bhfoireann a roghnaigh Martin O’ Neill ceilt a dhéanamh ar a gcuid aineolais.

Bhí saineolaithe RTÉ sa mbád sin freisin. “Two years and nine months of this new management and they have a new team for the biggest game of all time,” a deir Éamon Dunphy. “It’s a terrible selection, shocking.”

Tháinig Johnny Giles leis cuid mhaith, cé go sílfeá go raibh dóchas éicint ag Liam Brady.

Ó thús na himeartha thug an ‘terrible selection’ le fios nach gan dua a shárófaí iad nuair a chroith James McClean agus James McCarthy an t-anam as Florenzi faoi dhó. I gcluichí eile bheadh cártaí buí ’spáinte dóibh agus bheadh orthu a bheith airdeallach as sin amach, ach níor chuir a ndearna siad aon mhúisiam ar an réiteoir Gearmánach, a bhí chomh carthanach céanna le Séamus Coleman agus le Jeff Hendrick.

B’in na comharthaí ba thúisce a chonacthas go mb’fhéidir gur athrú poirt a bheadh ag an ‘terrible selection’, rud a buanaíodh nuair a chuaigh Hendrick i bhfoisceacht ’mbeannaí Dia de scóráil.

Ag ceann eile na páirce a bhí an té ba mhó a chuaigh i gcion orm féin agus an té ba lú a raibh eolas agam ina thaobh nó go ndeachaigh mé ag tochailt ag leath ama.

Ar bhinse na n-ionadaithe a bhí Shane Duffy i gcluiche eile in aghaidh na hIodáile in 2009 – ar bhinse ionadaithe Thuaisceart Éireann le bheith ceart, cruinn. Níor tháinig an t-ógánach, a d’imir ar dóigh i gCraobh Faoi 19 na hEorpa, ar an bpáirc sa gcluiche sinsearach sin, áfach, rud a d’fhág go raibh lánchead aige a dhílseacht a thabhairt d’fhoireann na Poblachta an bhliain dár gcionn agus gan é ach 18 bliain.

Faoin am sin bhí imeartha aige do Everton sa Europa League, ach chaith sé dhá bhliain ar iasacht ag Burnley agus ag Scunthorpe sular fhill sé ar Goodison Park. Cheannaigh Blackburn Rovers é in 2014.

Tá Duffy 6’4” ar airde agus cé nach bhfágann sin aige ach aon orlach amháin ar John O’Shea, b’fhacthas dom go raibh ceannas ag Duffy san aer in aghaidh na nIodálach nach mbíonn riamh ag fear Phort Láirge.

Ní hé nach raibh an ceart ag na ‘terrible selectors’ agus iad ag tabhairt léargas ar chúis an cheiliúradh tráth ar leag siad béim mhór ar an mbaint a bhí ag Wes Hoolahan leis an gcúl. Ach, dhearmad aon duine acu a lua go bhfágann é a bheith 34 bliain d’aois nach minic le Wes níos mó ná uair an chloig imeartha a dhéanamh na laethanta seo dá chlub ná dá thír agus dá mbeadh sé istigh nuair a thosaigh an cluiche in aghaidh na hIodáile gur dóigh go mbeadh ionadaí istigh ina áit le 25 nóiméad faoin am ar scóráladh an cúl.

I gCaisleán an Bharraigh, bhí i bhfad níos mó ama ag Maigh Eo a theacht as an bpoll inar fhág cúl Flynn iad, ach idir a gcuid meatachta féin agus diongbháilteacht na Gaillimhe, ní raibh sé iontu.

Riamh roimhe ní fhaca mé a laghad dóchais i nGaillimh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Pháirc Mhic Éil agus arís táim fhéin le n-áireamh i measc lucht an amhrais a mheas nach raibh an líne lánchúl a roghnaigh Kevin Walsh in ann ag an gcúram a bhí rompu.

An rud a chuaigh ó thuiscint orm ag féachaint ar an gcluiche ná an chúis gur cheap Maigh Eo gur ghá dóibh ‘scuabadóir’ a imirt in aghaidh na Gaillimhe agus cuireann sé mearbhall ar fad orm go roghnódh siad Kevin McLoughlin leis an gcúram sin a dhéanamh – bhí baint mhór ag an bhfánaíocht a rinne seisean ar Pháirc an Phiarsaigh anuraidh le bua a fhoirne ansiúd agus scóráil McLoughlin 3 chúilín as an imirt sa mhullach ar an job céanna a dhéanamh i bPáirc an Phiarsaigh an bhliain roimhe – níor scóráil ceachtar dá chomrádaithe níos mó ná ceann amháin ar an gcuma sin Dé Sathairn seo caite.

Fág freagra ar 'Níl aon ghá a fhiafraí dár gcolúnaí cén dá scór a d’ardaigh a chroí le seachtain anuas…'