‘Níl aon duine sa bhaile a chuireann spéis sa Ghaeilge seachas an madra!’

Labhair Tuairisc.ie le beirt den cheathrar atá chun cúrsa ollscoile Gaeilge a dhéanamh i ndiaidh dóibh Gaeilge a fhoghlaim i ranganna an East Belfast Mission

Ivor McKeown

Bhí suim agam riamh i nGaeilge ach tá mé ag foghlaim le ceithre bliana anuas. Tá mo chuid Gaeilge forbartha agam, níl mé sách líofa go fóill le comhrá iomlán a bheith agam. 

Chuir mé spéis inti blianta fada ó shin. Thug mé faoi deara, mar Phreispitéireach an-óg, go raibh an nasc sin ann idir na hAlbanaigh agus na hÉireannaigh, agus gurbh ann don dá theanga, an Ghaeilge agus an Ghàidhlig. Is cuimhin liom a bheith le mo thuismitheoirí ar saoire i gCorcaigh agus i gCiarraí agus an Ghaeilge a fheiceáil ann agus a bheith ina dhiaidh sin ar oileáin na hAlban agus an Ghàidhlig a fheiceáil ansin. Ar ndóigh, is Preispitéirigh iad formhór na gcainteoirí Gàidhlig in Albain. 

Níl agam ach cúpla cara a labhraíonn Gaeilge liom, caithfidh mé taithí níos fearr a fháil ar phobal beo na teanga, níl duine ar bith sa bhaile seachas an madra a chuireann spéis inti, agus níl Gaeilge Oisín chomh maith sin. 

Chuaigh mé go Gaoth Dobhair cúpla bliain ó shin, ar dhianchúrsa ar an Bhun Bheag. Beidh mé ag dul go Contae Chiarraí ag deireadh na míosa, ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a fheabhsú agus a bheith in ann í a mhúineadh do dhaoine eile. Ba mhaith liom Gàidhlig a fhoghlaim freisin ach tá mé ag díriú ar an nGaeilge anois. 

Liz McLernon

Thosaigh mé á foghlaim cúpla bliain ó shin.  Níl aon ardoideachas orm, d’fhág mé an scoil i ndiaidh na O Levels agus fuair mé post. Tá mé ag obair ó shin, le 13 bliain, agus is í an Ghaeilge an t-aon rud atá tar éis mé a thabhairt chun cinn ó thaobh an oideachais de le cúpla bliain anuas. 

Tá spéis agam céim sa tSeandálaíocht agus sa Ghaeilge a dhéanamh agus is é an bealach is fearr le sin a dhéanamh ná an dioplóma a dhéanamh. Rinne muid go leor gramadaí ach tá mé ag iarraidh sin a thabhairt níos faide fós chun cinn. Bím ag obair le páistí sa CLG agus ag déanamh ealaíne agus ceardaíochta leis na ranganna do theaghlaigh anseo i Skainos. 

Tá súil againn a bheith páirteach i gceiliúradh na Féile Pádraig na bliana seo chugainn chomh maith. 

Fág freagra ar '‘Níl aon duine sa bhaile a chuireann spéis sa Ghaeilge seachas an madra!’'

  • maitiu

    Nar laga Dia sibh a chairde Gaeil.

  • Mánus

    Maith sibh. Tá misneach agaibh. Is le gach duine atá ina gcónaí ar an oileán seo an Ghaeilge.