Níl aon chúis a bheith faiteach roimh na Beilgigh…

Cé go bhfuil réalta na Príomhroinne ag an mBeilg, níor cheart go mbeadh eagla ar bith ar fhoireann Phoblacht na hÉireann roimh na Beilgigh tráthnóna

Seamus Coleman Pictiúr: INPHO/James Crombie
Seamus Coleman. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Bheilg v Éire

Nuair a bhí lucht tacaíochta Phoblacht na hÉireann ag caitheamh súil chun cinn ar na cluichí  sa chomórtas seo, ba í an choimhlint in aghaidh na Beilge an ceann ba mhó a chuir eagla orthu.

Bhí an Bheilg aitheanta ag FIFA ar an bhfoireann is fearr ar domhan ar feadh tamaill agus tá cuid de na himreoirí is fearr i bPríomhroinn Shasana acu, leithéidí Eden Hazard, Kevin de Bruyne agus Romelu Lukaku.

É sin ráite, an Luan seo caite, agus díomá orthu tar éis d’Éire an bua a chaitheamh uathu i gcoinne na Sualainne, seans gur threisigh ar mhisneach an lucht tacaíochta céanna agus iad ag faire ar chluiche na Beilge in aghaidh na hIodáile mar níor bhreathnaigh foireann Marc Wilmots leath chomh láidir agus a cheap muid a bheidís.

Níor thug na hIodálaigh deis do na tosaithe sin atá luaite thuas dul i bhfeidhm ar an gcluiche agus ba chóir go bhfoghlaimeodh Martin O’Neill go leor ón gcluiche céanna.

Arís agus arís eile cuireadh stop le ruathair Hazard agus de Bruyne sula bhfuair siad an deis dul chun cinn a dhéanamh agus beidh sé ríthábhachtach d’Éirinn an rud céanna a dhéanamh. Is cinnte go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag Séamus Coleman agus Robbie Brady ar an mbeirt sin.

Ábhar imní atá sa mhéid sin freisin, áfach, mar is iad Coleman agus Brady beirt de na himreoirí is tábhachtaí atá againn ó thaobh deiseanna a chruthú. Má siad ró-ghafa agus iad ag iarraidh de Bruyne agus Hazard a choinneáil faoi smacht, beidh ceann de phríomhláidreachtaí na foirne caillte againn. In aghaidh na Sualainne thug siad na taispeántais is fearr atá feicthe uathu go fóill agus ní foláir dóibh a bheith chomh maith céanna má i ndán dúinn na Beilgigh a shárú.

s faoi Éire an cluiche seo a bhuachan, tá thar a bheith tábhachtach go n-imreodh Hoolahan agus beidh léargas ar mheon Martin O’Neill le feiceáil ina rogha. Dúirt O’Neill cúpla uair i rith an fheachtais cháilithe nár cheap sé go raibh Hoolohan in ann cúpla cluiche a imirt in imeacht roinnt laethanta agus mura dtosaíonn sé in aghaidh na Beilge is léir gur ag díriú ar an gcluiche in aghaidh na hIodáile ar an gCéadaoin atá an bainisteoir.

Agus Jon Walters in easnamh chomh maith don chluiche tráthnóna, caithfear leas níos fearr a bhaint as Shane Long. Bhí  imeallach go maith san imirt in aghaidh na Sualainne, de bharr na dteaicticí a cuireadh i bhfeidhm sa dara leath níos mó aon rud eile, ach ba léir ón gcéad chúl a scóráil an Iodáil Dé Luan go bhfuil laigí i gcosaint na Beilge.

Rogha Tuairisc.ie: Comhscór

Fág freagra ar 'Níl aon chúis a bheith faiteach roimh na Beilgigh…'

  • padraig

    3-0 !!!!!! daibhi agus goliath agus an Bheilg mar thir chomh beag le cuige mumhan ach daonra 10 milliun aici

  • Breathnóir

    Bíodh eagla ort. Bíodh an-eagla go deo ort…

  • Fearn

    Éire in ifrinn ag “Diabhail Dhearga” na Beilge.

    Mo chreach!

  • Deasún

    “Níl aon chúis a bheith faiteach roimh na Beilgigh…” Faraoir, tá, mar a tharlaíonn sé.