Níl aon chíos ar an gcaint – an fiú tráithnín é Stormont níos mó?

Tháinig siad ar chomhaontú sa deireadh roimh Nollaig ach ní chothaíonn babhtaí cainte imní an phobail mar a dhéanadh tráth. Comhartha sóirt í an phatuaire ar an amhras coitianta go mb’fhéidir nach fiú tráithnín é Stormont níos mó.

Stormont

Caint, caint agus cainteanna. Is geal le deasghnáth na Nollag é ag páirtithe an Fheidhmeannais i Stormont. Iad ag dul go bruach na haille go seasta ach é soiléir go mbeadh gá le margadh dearfach agus clár oibre inscrúdaithe chun muinín a chothú in athuair sa phróiseas polaitíochta.

Tarraingíonn na babhtaí cainte seo agus na ‘géarchéimeanna’ aird ach ní chothaíonn siad imní i measc an phobail mar a dhéanadh tráth. Comhartha sóirt í an phatuaire sin ar an amhras coitianta go mb’fhéidir nach fiú tráithnín é Stormont agus go mbeifí chomh maith as faoin riail dhíreach ó Londain nó ó chomhghuaillíocht éigin den dá rialtas.

Ní mór a mheabhrú nach Rialtas é ach feidhmeannas agus gur i Londain atá an chumhacht. Is é gnó an Fheidhmeannais cinntí an Rialtais a chur in oiriúint do Thuaisceart Éireann ar an mbealach is fearr a fhóireann don leas poiblí abhus.

Is fiú, dá réir sin, liosta na nAchtanna a ritheadh i Stormont i mbliana a scrúdú. Tá dhá Bhille ag fanacht ar Aontú na Banríona – an próiseas a chuireann bille ar bhonn reachtúil.

Tá bille Oideachais Achtaithe. De réir an Achta sin, beidh údarás amháin freagrach as oideachas in áit na cúig cinn de bhoird. Ní réabhlóid é ach thóg sé blianta agus dian-idirbheartaíocht chun an méid sin féin a bhaint amach.

Bille teicniúil faoi shaoire ón obair, ar phá, i dtaca le cúram leanaí is ea ceann den phéire atá ag fanacht le haontú na banríona. Bille ó chomhalta príobháideach is ea an ceann eile, Bille chun Gáinneáil ar Dhaoine agus Dúshaothrú a Chosc.

Cathaoirleach an DUP, an Tiarna Morrow, a chuir chun cinn é. I measc na bhforálacha, tá cosc ar íoc as trádáil an ghnéis – is é Tuaisceart Éireann an chéad áit sa Ríocht Aontaithe ina mbeidh custamaeir striapaigh ag briseadh an dlí.

I súile an phobail, is é drochmheas an DUP agus Shinn Féin ar a chéile faoi ndear parailís an Fheidhmeannais. Níl aon dabht ach gur chonstaic mhór é an droch-chaidreamh. Bhí eite den DUP i gcónaí in aghaidh roinnt na cumhachta le SF ach bhí Robinson agus McGuinness in ann comhoibriú. Tá an caidreamh idir an bheirt – na comhchéad airí, cé gur Céad agus Leas-Chéad Aire na teidil – in aimhréidh le breis is dhá bhliain.

D’éirigh eatarthu faoi pharáidí, comóradh ar an IRA agus mairseálacha dílseacha chomh maith le Coimisiun na bParaidí. Cupla mí ina dhiaidh sin, thosaigh an réabadh faoi bhratach na Ríochta Aontaithe.

Ó shin i leith bhí ceangal na gcúig gcaol ag easaontóirí san DUP, sa TUV agus ar an tsráid ar Peter Robinson. I measc nithe eile, bhris sé a fhocal faoi thionscnamh ar láthair phríosún na Ceise Fada – beart do-mhaite, dar le Martin McGuinness agus SF.

Go dtí seo, níor ghearr na vótóirí píonós ar bith ar an DUP agus Sinn Féin. Sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mbliana, b’iad sin an dá phríomhpháirtí arís cé go raibh údar beag imní ag an DUP.

Tháinig an páirtí slán ó ionsaí fíochmhar a rinne an t-iarcheannaire Ian Paisley orthu leathbhliain roimh a bhás, ach thit a vóta 4% sna toghcháin do na comhairlí; mhéadaigh an tacaíocht don TUV agus UKIP.

D’fhágfadh a mhacasamhail de thoradh i dtoghchán Tionóil go bhféadfadh an DUP a stádas mar phríomhpháirtí an tuaiscirt a chailliúint. Níos measa fós, i súile an DUP, is ag Sinn Féin a bheadh tús áite – gradam atá acu i dtoghcháin Eorpacha cheana féin. Bhí laghdú beag ar vóta SF i dtoghchán na gcomhairlí ach níl aon bhrú orthu ar an taobh naisiúnach.

Ní hé sin le rá go bhfuair SF cead a gcinn i gcónaí. Buille mór dóibh ab ea feachtas an phobail i mBaile Andarsain in aghaidh mhórstaid CLG ar Pháirc Mhic Easmainn.

Bhí feachtas pobail freisin in aghaidh tionscnamh spóirt i bPáirc na bhFál d’ainneoin tacaíocht SF dó.

Ach b’é feachtas Mhairia Cahill i leith iompar ghluaiseacht na poblachta i dtaca le líomhaintí mhí-úsáid ghnéis an dushlán ba mhó dóibh. Níl an trioblóid sin curtha ó dhoras.