‘Níl aon chiall le bheith ag cur srianta, geasa ná coisc i bhfeidhm ar bhuíon imreoirí lánfhásta’

Tá fonn ar mhórán bainisteoirí a gcuid imreoirí a cheansú agus a chur faoi chois. Thuigfeá dóibh, ach ní mar sin atá an saol

Tharraing cinntí Liam Dunne, bainisteoir Loch Garman, go leor cainte le coicís anuas. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tharraing cinntí Liam Dunne, bainisteoir Loch Garman, go leor cainte le coicís anuas. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cé gur mó rud a scríobhadh agus a dúradh fúthu ag an am, ba bheag caint a deineadh nuair a bhuaigh Cora Fine craobh peile na hÉirean sa Mhárta ar an gcur chuige tuisceanach a bhí ag a mbainisteoir, Stephen Rochford.

Ní nach ionadh, ba ar thaispeántais Michael Lundy agus a chomhghleacaithe a bhí aird na tíre dírithe ach tá a fhios ag an uile dhuine a thugann faoi chraobh club na hÉireann go ndeintear ualach na hoibre ar chúl an stáitse agus b’ansiúd a leagadh an bhunchloch dá mbua ar Lá ‘le Pádraig gan aon agó.

Chuimhníos arís ar Stephen Rochford an tseachtain seo agus bráithre na hiomána ag cáiseamh imreoir Loch Garman, Jack Guiney, bheith as láthair dá ngreadadh i bPáirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh seo caite.

Ní dócha go bhfuil fios fátha an scéil go cruinn beacht ag éinne ach ag Guiney agus bainisteoir na foirne, Liam Dunne, ach is é bun agus barr an chúraim go raibh Guiney díbeartha toisc, is cosúil, go raibh braon faoin bhfiacail aige ag ócáid áirithe nuair a bhí achainí déanta ag Dunne ar a bhuíon imreoirí staonadh ón ndeoch mheisciúil.

Bhí sé le rá ag Dunne tar éis stánáil an Domhnaigh go gcaitheann sé go cothrom agus go cóir le gach imreoir. Dúirt sé chomh maith nach fear é a chreideann rómhór i mbainisteoir a bheith ag brú rialacha anuas sa mhullach ar a chuid imreoirí ach go leagann sé féin síos caighdeáin áirithe a mbeifí ag súil go gcloífí leo.

“Faoin imreoir féin atá, pé ní is maith leis a dhéanamh ach bheifí ag súil go mbeidís go léir ag tarrac sa treo céanna,” a dúirt Dunne agus é ag labhairt faoi chás Guiney tar éis chluiche an Domhnaigh.

Tá go breá, arsa tusa, ach caithfidh go bhfuil slite níos fearr ann chun dul i ngleic leis an imreoir atá in acmhainn tarrac níos tréine ná scata ach a bhfuil saoirse agus tuiscint áirithe ag teastáil uaidh chun go gcuirfeadh sé leis an iarracht ón bhfoireann.

Sin é an áit a tháinig tréithe Stephen Rochford chun cinn i gCora Fine. Le dhá bhliain anuas, níor chur sé aon gheasa ar a chuid imreoirí chomh fada is a bhain leis an ragairne. D’fhág sé fúthu féin é dá mb’áil leo deoch a bheith acu nó fanacht tirim. An t-aon seisiún a bhí ag déanamh tinnis do Rochford ná conas a bheadh ag na himreoirí agus iad i mbun seisiúin traenála.

Tuigim go bhfuil an domhan de dhifear idir bheith ag traenáil ag leibhéal club agus contae ach i gcás Chora Fine, fágadh faoin seisiún traenála é slat tomhais a thabhairt ar chumas imreoirí deoch a ól agus dul ag imirt chaide ina dhiaidh. Is léir ó thoradh a saothair go raibh rath ar chur chuige Rochford agus Chora Fine.

Bíodh sé ina chluiche eadarchlub nó eadarchontae, ní dóigh liomsa go bhfuil aon chiall le bheith ag cur srianta, geasa ná coisc i  bhfeidhm ar bhuíon imreoirí lánfhásta. Tugann a leithéid cúis do dhaoine bheith ag síneadh na méire i dtreo a chéile maidir le gné amháin den gcur chuige nach fiú a bheith ag trácht air agus is cinnte nár cheart foireann a roghnú bunaithe ar aon ní atá ar bun i saol príobháideach an imreora féin.

Níos luaithe sa bhiaiste d’fhág Rochford beirt imreoirí aitheanta de chuid Chora Fine ar an dtaobhlíne do chluiche tábhachtach craoibhe tar éis don mbeirt bheith ar spraoi coicíos roimis an gcluiche. Níor fágadh ag tochas a dtóna iad toisc iad bheith dulta ar spraoi, áfach, ach toisc ná rabhadar i láthair don seisiún traenála a lean a spraoi maidin Dé Domhnaigh.

Bhí focal ina gcluais ag Rochford leis an mbeirt ina dhiaidh sin agus b’shin a raibh air. Bhí a fhios ag an mbeirt go gcaithfí tús áite a thabhairt d’iarrachtaí na foirne as san amach agus an ceacht is fearr ar fad múinte dóibh sa mhéid is go raibh a n-áiteanna caillte ar an bhfoireann acu.

Luigh an bheirt amach orthu féin lom díreach chun a n-áiteanna a fháil thar n-ais ar an bhfoireann agus ní raibh aon straidhn ná corrabhuais ar éinne nuair a roghnaíodh don gcluiche ina dhiaidh sin arís iad toisc nár athraigh an tslat tomhais chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann – cruthaigh tú féin ar an bpáirc agus roghnófar tú. 

Tá imreoirí i ngach cumann agus i ngach foireann contae sa tír a leanann a gconair féin lasmuigh de pháirc na himeartha agus ba cheart scaoileadh leo. Pé acu an áin linn é nó nach áin, is cluichí páirtaimsireacha aimitéireacha iad ár gcluichí dúchasacha agus beatha dhuine a thoil chomh fada is a bhaineann sé leis an saol thar claí teorainn na páirce amach.

Tá fonn ar mhórán bainisteoirí a gcuid imreoirí a cheansú agus a chur faoi chois. Thuigfeá dóibh ar shlí toisc gur fusa foireann a mhúnlú de réir d’fhíse nuair atá gach éinne sa bhád céanna.

Ach ní mar sin atá an saol.

Canathaobh go mbeimis ag súil gur mar sin a bheadh ag ár gcuid imreoirí?   

– Clár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta é Dara Ó Cinnéide

Fág freagra ar '‘Níl aon chiall le bheith ag cur srianta, geasa ná coisc i bhfeidhm ar bhuíon imreoirí lánfhásta’'

  • Seán

    Alt tuisceanach eile ón gCinnéideach. Ardfhear