‘Níl aon bhac mór ar Acht Gaeilge a thabhairt isteach, fág faoi Stormont é’ – Micheál Martin

Deir ceannaire Fhianna Fáil nach eol dó aon bhac a bheith ann roimh Acht Gaeilge a thabhairt isteach, ach deir Sinn Féin go bhfuil an DUP ‘ag cur in aghaidh clár atá bunaithe ar chearta’

‘Níl aon bhac mór ar Acht Gaeilge a thabhairt isteach, fág faoi Stormont é’ – Micheál Martin

Ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur cheart go n-athbhunófaí an tionól ó thuaidh agus é a fhágáil faoi Stormont reachtaíocht don Ghaeilge agus reachtaíocht maidir leis an bpósadh comhghnéis a thabhairt isteach.

“Scaoil leis agus lig dó tarlú. Let it flow and let it happen. D’imigh sin agus tháinig seo. Fág faoi tionól é teacht le chéile agus an cheist seo a réiteach [ceist an phósta chomhghnéis]. Agus mar a chéile leis an Acht Teanga ní fheictear dom go bhfuil aon bhac mór ann. Ní heol domsa aon chonstaic mhór roimh Acht Teanga ag an tráth seo,” a dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.

Dúirt Martin gur “d’aon ghnó a cuireadh  Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus an Tionól dá bhoinn” beag beann ar an “géarchéim is mó atá roimh an Tuaisceart agus oileán na hÉireann – an Breatimeacht”.

“Maidir le ceist na gceart, dealraíonn sé go bhfuil formhór an tionóil anois ar son an phósta chomghneis, mar shampla, agus dá bharr sin dá dtiocfadh an tionól ar ais, tá gach seans ann go mbeadh vóta ann ar son an chomhionannais phósta.

“Dá uireasa [an tionól], tá moill a chur le comhionannas pósta. Ní chreidim go bhfuil chur i gcoinne mór anois in aghaidh Acht Gaeilge,” arsa ceannaire Fhianna Fáil.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin nach raibh aon fhuascailt fós ar cheist na gceart agus go raibh a ndícheall déanta ag Sinn Féin a bheith “solúbtha” ar son an “leas coiteann”.

“Rachaidh na cearta seo chun leasa gach dream sa tsochaí agus ní gá gur bagairt iad d’aon duine. Is í an t-aon chúis go bhfuil siad á séanadh ná go bhfuil an DUP ag cur in aghaidh clár atá bunaithe ar chearta agus go bhfuil Rialtas Shasana ag géilleadh dóibh,” a dúirt Doherty.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur gá don dá rialtas gníomh a dhéanamh “ar bhonn práinne” ar son an “chomhionannais”.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an léamh a bhí ag Micheál Martin ar cheist na gceart agus an Achta Gaeilge “cruinn den chuid is mó”.

Dúirt Leo Varadkar nach faoi ‘chearta’ a thuilleadh an t-easaontas idir Sinn Féin agus an DUP atá ag cur bac ar athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Dúirt an Taoiseach nár chreid sé gur bhain an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh le ‘cearta’ níos mó.

“Ní dóigh liom gur le cearta a bhaineann sé seo níos mó; Is í mo thuairim gur ceist mhuiníne agus foclaíochta atá ann. Is geall le scéal Swift é faoin tráth seo. Dá dtuigfeadh daoine cé chomh beag is atá an difríocht [idir Sinn Féin agus an DUP], is dóigh liom go mbeadh iontas an domhain orthu ar bhealaí áirithe,” a dúirt an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘Níl aon bhac mór ar Acht Gaeilge a thabhairt isteach, fág faoi Stormont é’ – Micheál Martin'