‘Níl aon áireamh ar an méid a rinne Máire Ní Thuathail ar son na craoltóireachta Gaeilge’ – Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Mháire Ní Thuathail, a bhásaigh inné, as an méid a bhain sí amach ar son na craoltóireachta Gaeilge

‘Níl aon áireamh ar an méid a rinne Máire Ní Thuathail ar son na craoltóireachta Gaeilge’ – Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

Tá sé curtha in iúl ag Uachtarán na hÉireann, Micheál, D Ó hUigínn gur údar mór “brón” dó bás Mháire Uí Thuathail, an bhean ghnó agus teilifíse a d’imigh ar shlí na fírinne inné.

Dúirt an tUachtarán i ráiteas a d’eisigh sé go bhfuil sé “an-bhuíoch” de Ní Thuathail as an méid a rinne sí ar son na craoltóireachta Gaeilge agus gur chuir scéala a báis “brón mór” air.

“Beidh brón mór ar gach éinne a bhfuil baint acu leis an chraoltóireacht, agus leis an chraoltóireacht i nGaeilge ach go háirithe, de bharr bhás roimh am Mháire Ní Thuathail. Ní féidir an méid a rinne sí ar son na scannánaíochta agus na teilifíse in Éirinn a mheas.

“Ghlac sí leis an dúshlán TG4 a chur ar bun, d’fhorbair sí an stáisiún go fonnmhar agus chruthaigh sí ceann de na sobaldrámaí is mó le rá dár linn, is é sin Ros na Rún,” a dúirt an tUachtarán, a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a bunaíodh an stáisiún Gaeilge.

Mhol sé freisin obair Eo Teilifís, an comhlacht a bhunaigh Ní Thuathail, agus an cúnamh agus an oiliúint a thug sí d’aisteoirí óga agus an deis a thug sí do dhaoine óga tabhairt faoin aisteoireacht agus faoin gcraoladh.

“Cronófar go mór í, ní hamháin i measc an phobail craolacháin, ach i measc a clainne agus a cairde chomh maith,” a dúirt sé.

Bhí Máire Ní Thuathail, a bhí tinn le tamall, ar dhuine de cheannródaithe theilifís na Gaeilge agus bhí baint mhór aici le forbairt na hearnála teilifíse Gaeltachta.

Bhí sí ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Eo Teilifís agus ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an sobaldráma Ros na Rún. Bhí cónaí uirthi i Seanadh Gharráin sa Spidéal.

Fág freagra ar '‘Níl aon áireamh ar an méid a rinne Máire Ní Thuathail ar son na craoltóireachta Gaeilge’ – Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn'