Níl an Taoiseach agus airí rialtais ‘ag comhoibriú’ le Coiste Oireachtais na Gaeilge

Níl fáil ar an Taoiseach ná le triúr airí le ceisteanna Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a fhreagairt faoi pholasaí teanga

Níl an Taoiseach agus airí rialtais ‘ag comhoibriú’ le Coiste Oireachtais na Gaeilge

Níl an Taoiseach ná airí rialtais ‘ag comhoibriú’ le Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dar le baill an Choiste.

Níor ghlac an Taoiseach ná aon aire rialtais le cuireadh teacht os comhair an choiste ó bunaíodh é.

Ag cruinniú den choiste tráthnóna inné, thug an Cathaoirleach Catherine Connolly le fios go bhfuarthas comhfhreagras ón Taoiseach agus ó thriúr airí – Aire na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta ina measc –inar dúradh nach raibh ar a gcumas glacadh le cuireadh teacht os comhair an choiste chun ceisteanna faoi pholasaí teanga a fhreagairt.

Thug urlabhraí thar ceann an Taoisigh Enda Kenny le fios don Choiste gur cúram do Roinn na Gaeltachta é ceisteanna bhaill an choiste a fhreagairt.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go mbíonn an Taoiseach “i gcónaí ag meabhrú dúinn go bhfuil sé ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Rialtais” agus go raibh dualgas air dá bharr ceisteanna an choiste faoi pholasaí teanga a fhreagairt.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe le fios don choiste chomh maith nach raibh sé ar a chumas glacadh le cuireadh teacht os a gcomhair chun ceisteanna maidir leis an nGaeilge sa chóras earcaíochta a fhreagairt.

Níor ghlac Aire na Gaeltachta Heather Humphreys ná Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne fós le cuireadh teacht os comhair an choiste.

Tugadh cuireadh i scríbhinn faoi dhó do na hAirí agus don Taoiseach teacht os comhair an choiste.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go gcaithfeadh an Taoiseach “treoir” a thabhairt d’airí teacht i láthair ag an gCoiste Gaeilge chun polasaí teanga a phlé.

“Caithfimid a rá leo nach bhfuilimid sásta dubh, bán ná riabhach leis seo,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin go raibh “neamhshuim” á léiriú ag an Rialtas in obair an choiste agus go raibh sé “áiféiseach” ag an Taoiseach a mhaíomh nár bhain ceisteanna an choiste leis.