‘Níl an próiseas dlí atá ar bun i Guantanamo faoi láthair féaráilte’ — na Náisiúin Aontaithe

Dúirt Toscaire Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, Fionnuala Ní Aoláin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhféadfadh sé go bhfuil sé i gceist ag Donald Trump tuilleadh príosúnach a chur sa phríosún conspóideach

‘Níl an próiseas dlí atá ar bun i Guantanamo faoi láthair féaráilte’ — na Náisiúin Aontaithe

Fionnuala Ní Aoláin

Dúirt Fionnuala Ní Aoláin, Toscaire Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu nach bhfuil an próiseas dlí atá ar bun sa champa faoi láthair “féaráilte” agus go bhféadfadh sé a bheith i gceist ag Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, tuilleadh príosúnach a chur sa phríosún conspóideach sna ceithre bliana atá amach romhainn.

Tá Ní Aoláin in Guantanamo Bay i láthair na huaire ag éisteacht cúirte cúigear ar cuireadh ina leith gurbh iad a phleanáil agus a d’eagraigh na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001.

“Ceann de na hargóintí atá na dlíodóirí don chúigear a chur os comhair na cúirte gach lá go bhfuil an próiseas seo go bunúsach mífhéaráilte.  Ní féidir leat daoine a chur os comhar cúirte nuair atá gach aon duine a bheas ag déanamh breithiúnais ar an gcás sa struchtúr míleata.  Is é sin le rá, níl neamhspleáchas acu, an cineál neamhspleáchais a mbeifeá ag súil leis i ngnáthchúirt.

“Ní ghlacann rialtas Mheiriceá leis go bhfuil an chúirt mífhéaráilte inti féin, ach tá dualgaisí ar Mheiriceá mar tá an International Covenant on Civil and Political Rights (Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla) sínithe acu … go nglacann siad leis go gcaithfidh siad cásanna cúirte a chur chun cinn ar bhealach atá féaráilte agus oscailte agus a thugann cearta don té atá faoi shrian sa chúirt.  Níl sé soiléir go bhfuil sin ag tarlú i Guantanamo Bay Chúba,” a dúirt Ní Aoláin.

Mhaígh Ní Aoláin, ar Ollamh le Dlí agus Cearta Daonna, in Ollscoil Minnesota í, ach atá ag obair leis na Náisiúin Aontaithe i réimse chearta an duine agus na frithsceimhlitheoireachta, go bhfuil “srianta ar bhunchearta daonna” i gceist in Guantanamo.

Dúirt sí go bhfuil srian ar dhlíodóirí a bheith ag na príosúnaigh agus nach féidir leo labhairt go hoscailte nuair a bhíonn siad in éineacht leis na príosúnaigh eile mar “creideann siad go bhfuil an CIA ag éisteacht le gach focal”.

“Úsáideann siad peann agus páipéar agus caitheann siad síos sa leithreas é nuair a bhíonn siad críochnaithe ag caint lena chéile. Ní chreideann siad go bhfuil siad fiú slán sa cheart bunúsach sin, go mbeadh cead agat labhairt le do dhlíodóir gan srian, agus creideann siad nach bhfuil sé sin cosanta sa spás áirithe seo. Tá réimse leathan bunchearta atá faoi shrian.

“Níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil an áit seo ag dúnadh. Is féidir liom é sin a rá tar éis na struchtúir atá curtha i bhfeidhm anseo a fheiceáil … ach ceist níos doimhne maidir leis an Uachtarán Trump, an bhfuil sé ag dul a chur príosúnaigh eile an treo sin?  Tá tógáil ar siúl.  Tá spás anseo do phríosúnaigh eile.  Nuair atá sé feicthe againn céard atá déanta aige go dtí seo, níl sé soiléir nach mbeidh príosúnaigh eile ag teacht an treo seo sna ceithre bliana atá amach romhainn,” a dúirt Fionnuala Ní Aoláin.

Fág freagra ar '‘Níl an próiseas dlí atá ar bun i Guantanamo faoi láthair féaráilte’ — na Náisiúin Aontaithe'