Níl an gearradh cuí i ‘War Machine’, an scannán is déanaí ó Netflix

Tá ‘War Machine’ róshollúnta le bheith magúil agus níl an gearradh cuí leis an aoir agus an tráchtaireacht pholaitiúil ann

Níl an gearradh cuí i ‘War Machine’, an scannán is déanaí ó Netflix

War Machine

Stiúrthóir: David Michôd

Cliar: Brad Pitt, Topher Grace, Anthony Hayes, Anthony Michael Hall, Emory Cohen, Ben Kingsley

‘Men are imperfect creatures. Left to their own devices all they really want to do is play with their dicks and eat chicken.’ Sin é agat é ambaiste.  Sin é a deirtear linn ag tús an scannáin War Machine, an scannán is déanaí ó cheárta Netflix. ’Sé an Ginearál Glen McMahon le Pitt a thugann an nathán gaoise dúinn i gcarachtar atá bunaithe ar an nGinearál Stanley A McChrystal. Tá smut don cheart aige is dócha ach is í an fheidhm atá leis an ráiteas ná éachtaint a thabhairt dúinn ar mheon an fhir ar leith seo, fear a tharraing an oiread sin measa, conspóide agus cáineadh.

Bhí gealadh faoi McMahon san Iaráic agus cuireadh chun na hAfganastáine in 2009 é féachaint an bhféadfadh sé na ceannaircigh a cheansú. I ndeireadh na dála cuireadh de dhroim seoil é tar éis dó lucht riaracháin a cháineadh in agallamh in Rolling Stone. Tá an t-agallamh úd le Michael Hastings, nach maireann, agus an leabhar a d’eascair as mar mháithreacha leis an saothar seo. Go deimhin tá an t-iriseoir, faoi ainm eile, mar thráchtaire againn.

Is léir ón gcéad luí súl gur scannán aorúil, frithchogaidh atá anseo. Tugtar íde na muc agus na madraí do pholasaí eachtrach na Stát Aontaithe agus meon aigne na gceannairí míleata, McMahon ina measc. Tráchtar ar an bhfrithcheannairc mar áiféis gan dealramh mar nach féidir muinín a chothú trí ionradh míleata a dhéanamh –snámh in aghaidh easa agus ag taoscadh na farraige atá i gceist. Ní thuigeann McMahon é seo nó ní theastaíonn uaidh é a thuiscint.

Tá an t-ábhar féin róshollúnta le bheith magúil agus ní dóigh liom go raibh an gearradh cuí leis an aoir agus tráchtaireacht pholaitiúil ach an oiread. Bhí radharc aicsin réasúnta maith ann ina dtugtar éachtaint mhaith ar fhrustrachas agus lagmhisneach na saighdiúirí. Níl ann ach san, áfach.

Tá taispeántas Pitt ina lár istigh. Cuireann sé an Ginearál inár láthair mar leathamadán diongbháilte a cheapann gurb é féin a rug é féin. Geáitsí gan dealramh, cuma na gaoithe air is é ag rith ina bhrístí beaga róghearr agus gach aon mhallacht aige ar na ‘Eurosexuals.’ Ní gá ach cuardach YouTube tapaidh a dhéanamh le fáil amach nach bhfuil aon dealramh aige leis an bhfear é féin, duine deisbhéalach, a raibh céim aige ó Ollscoil Yale.

Bíodh sin mar atá téitear i muinín na geamaireachta agus chuaigh rudaí chun áiféise sa chamchuairt Eorpach. A mheascán mearaí de bhuíon tacaíochta siar ó thuaidh formhór an ama agus an t-iriseoir ag breacadh ar dalladh. 

An t-aon áit go bhfuil aon téagar le brath ná sna radharcanna lena bhean (Tilly). Sna nóimíntí beagfhoclacha seo tá teannas agus straein le brath agus imíonn Pitt ón ngeamaireacht ar feadh scaithimh. 

Fág freagra ar 'Níl an gearradh cuí i ‘War Machine’, an scannán is déanaí ó Netflix'