Níl an díospóireacht faoi ghortuithe inchinne sa rugbaí ach ina tús…

Ní raibh Milke Gibson mórán le 12½ cloch le linn na gcúig bliana déag a chaith sé ag imirt d’Éirinn. Is mór idir sin agus inniu…

Níl an díospóireacht faoi ghortuithe inchinne sa rugbaí ach ina tús…

Ranglachán 19 bliain d’aois ab ea Robbie Henshaw nuair a leag mé súil air an chéad uair ariamh – seans tugtha ag Eric Elwood dó ar fhoireann Chonnacht in aghaidh Caerdydd sa Pro 12 ar an mBóthar Beag i bhfómhar na bliana 2012.

Cúpla mí roimhe sin ar an bpáirc chéanna agus é ar thairseach na hArdteistiméireachta , ba é a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste na na Muireach in Áth Luain a bhuaigh Corn Choláisti Chonnacht den chéad uair riamh.

Bheadh imní ort faoi.

An páistín fionn i gceartlár conairte. Ard, ach caol as a chosa agus as a chuma, é ag dul rite leis an geansaí ba lú a roinneadh amach sna seomraí feistis a líonadh, fad agus a bhí na bodacha ina thimpeall ag pléascadh amach as na cinn a bhí orthusan.

An deireadh seachtaine seo caite ba é Henshaw a scóráil úd an árachais i gceann de na cluichí is stairiúla a d’imir foireann rugbaí na hÉireann, nuair a bhuaigh siad ar an Nua-Shéalainn den chéad uair riamh.

Ní móide go bhfuil mórán le horlach d’airde tagtha air ón oíche siúd in 2012, nuair a tháinig sé ar an bpáirc in áit Fetu’u Vainikolo ar an mBóthar Beag. 6 troithe agus ceithre horlaí atá sé anois nó 193cm. Ach, óna chloigeann síos ní cheapfá gur ar an duine céanna atá tú ag breathnú.

Ceithre bliana ó shin ní bheadh aon amhras orm ach go ndúnfadh an cnaipe is uachtaraí i léine 15½ orlach ar a mhuineál gan stró – chuirfinn trí horlaí eile leis sin dá mbeinn ag ceannacht léine dó inniu. Nuair a chrapann sé féitheacha a láimhe tagann bolg ar a mhuinchille agus tá toirt thar cuimse tagtha ina cholainn agus ina chosa.

Tá Henshaw anois ag bordáil ar 15 cloch (95k) agus mar a deir an t-amhrán “chomh láidir le hathair an lao”. Féach an bealach gur chinn ar bheirt Nua-Shéalannach eatarthu, Sam Cane agus T.J. Perenara, é a cheansú agus é ag tabhairt faoin líne i Soldier Field.

Mianach rugbaí an lae inniu a fhágann go gcaithfidh Robbie agus a chomhghleachaite a bheith chomh téagartha agus atá siad. Scór bliain ó shin leis an bhfód a sheasamh sa líne trí cheathrú, ní bheadh aon chall dó unsa a chur in airde seachas mar a bhí air agus é 19 bliain. Ní raibh Milke Gibson mórán le 12½ cloch le linn na gcúig bliana déag a chaith sé ag imirt d’Éirinn.

Ach tá an rugbaí athraithe ó bhonn ó shin agus inniu bíonn cúlaithe chomh trom agus a bhí na fathaigh de thosaithe a bhíodh ag imirt le linn Gibson.

Nuair a imríodh Corn Rugbaí an Domhain den chéad uair i 1987, mar shampla, ba 15 cloch 9 bpunt (99.5k) meán-mheáchan thosaithe fhoireann na Nua-Shéalainne a bhuaigh an comórtas.

Ag craobh na bliana seo caite bhí meánmheáchan chúlaithe na Breataine Bige beagán níos troime ná sin.

Ba é Buck Shelford an tarbh i measc thosaithe na Nua-Shéalainne sin i 1987 agus ba air a bhí geansaí Uimhir 8. Beagán le cois 6 troithe 2 orlach (189cm) a bhí Shelford agus é 14cloch 9 bpunt (93k). Ag Corn an Domhain in 2015 bhí cúlaí ag Tonga, Nemani Nodolo (a imríonn le Montpelier) atá scór clocha meáchain agus é 6 troithe 5 horlaí (196cm).

Ar fhoireann na hÉireann ag Corn an Domhain i 1995 bhí tosach den scoth darbh ainm Denis McBride. 5 troithe 11orlach (180cm) a bhí sé . Bhí idir thosaithe agus chúlaithe i Chicago níos airde ná sin.

Tuairteanna níos troime a thagann de bharr an ardú meáchain agus an nirt bhreise seo agus dar ndóigh méadú ar líon na n-imreoirí a mbaineann gortuithe dóibh.

Sa mhullach air sin ar fad, tá ardú as cuimse ag teacht ar líon na n-uaireanta a ndéanann na himreoirí tacláil ar a chéile agus ar an méid crága nó ‘mauls’ a bhíonn i gcluichí. Tuairim 100 taicil ar meán a bhí i ngach cluiche i gCorn an Domhain 1995 cuir i gcás –bhí a dhá oiread ar meán i ngach cluiche anuraidh – agus líon na gcrág méadaithe ó 94 go dtí 178.

Léiríonn staidéar a rinne an Rugby Football Union i Sasana anuraidh ar choimhlintí sa gcomórtas Premiership a reáchtálann siad gur gortaíodh 1.82 imreoir ar meán i ngach cluiche agus go raibh 26 lá caite sula raibh siad siúd aclaí a ndóthain le dul chun páirce arís.

Fágann a chúlra scoile, chomh maith lena ghairm, go gcuirfidh Robbie Henshaw suim i dtaighde ard-eolaíochta atá cumann rugbaí darbh ainm Hutt Old Boys Marist Club a dhéanamh ar an scéal sa Nua-Shéalainn.

Tá siadsan ag baint úsáid as cosantóirí fiacla leictreonacha agus as paistí atá greamaithe laistiar de chluasa na n-imreoirí le tomhas a dhéanamh ar an bhfórsa nó ar an gcumhacht a bhaineann leis na teagmhála seo ar fad a bhíonn ar siúl ar fud na páirce.

Le slat tomhais ar a dtugtar ‘Gs’ a áirítear fórsa. Bíonn caint mhór air acu siúd a bhíonn ag trácht ar scairdeitleáin chogaidh.

Nios gaire den talamh is tuairim 35G an fórsa a bhainfeadh le timpiste ina mbeadh gluaisteán ag taisteal ar luas 40 míle san uair (65km).

San achar gairid a bhfuil na Hutt Old Boys Marist Club i mbun taighde is idir 10G – 20G atá formhór na dtuairteanna atá tomhaiste acusan le linn cluichí, ach bhí cuid acu chomh hard le 40G.

Níl an díospóireacht seo ar fad faoi ghortuithe inchinne sa rugbaí ach ina tús.

Fág freagra ar 'Níl an díospóireacht faoi ghortuithe inchinne sa rugbaí ach ina tús…'